Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 10 Torthaí
Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: an bealach chun cinn
Ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta 2026, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le clár oibre de bhearta nithiúla lena ngabhann sprioc-amanna uaillmhianacha chun iomaíochas, athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú.

An compás iomaíochais
Plean atá sa chompás iomaíochais chun go mbeidh ar chumas na hEorpa filleadh ar an bhfás eacnamaíoch agus rathúnas a bhaint amach an athuair.

Pacáiste 2021 maidir le haontas na margaí caipitil
Moltar, sa phacáiste, bearta chun cuideachtaí agus infheisteoirí a nascadh ar bhealach níos fearr, chun feabhas a chur ar dheiseanna cistiúcháin agus infheistíochta d'infheisteoirí miondíola, agus chun na margaí caipitil a chomhtháthú tuilleadh.

Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma thionscadail agus gheilleagar an Aontais. Tá bearta á gcur i bhfeidhm ag an Aontas chun tacú le FBManna, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach.

An t-aontas coigiltis agus infheistíochta
Is é is aidhm don aontas coigiltis agus infheistíochta coigilteas agus infheistíochtaí san Aontas a nascadh chun deiseanna airgeadais a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
I ré seo na héagobhsaíochta atá ag dul i méid, tá an tAontas ag gníomhú go diongbháilte chun a iomaíochas a neartú, rud a chinnteoidh rathúnas agus slándáil dá shaoránaigh.

An straitéis infheistíochta miondíola
Tá an tAontas ag obair ar straitéis chun cosaint tomhaltóirí agus muinín tomhaltóirí a mhéadú a thuilleadh chun infheistíocht i margaí caipitil na hEorpa a spreagadh.

Tionscnamh maidir lena bhfuil i ndán d’aontas na margaí caipitil
Tá sé mar aidhm ag an Aontas a mhargaí airgeadais agus caipitil a fhorbairt tuilleadh chun freastal ar a riachtanais eacnamaíocha, an nuálaíocht a chur chun cinn agus rochtain ar chistiú a fheabhsú.

Pacáiste 2022 maidir le haontas na margaí caipitil
Moltar sa phacáiste bearta chun seirbhísí imréitigh an Aontais a dhéanamh níos athléimní, rialacha maidir le dócmhainneacht chorparáideach a chomhchuibhiú agus ualaí riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.

Míniú ar aontas na margaí caipitil
Tá an tAontas ag obair ar mhargadh aonair caipitil a chruthú chun feabhas a chur ar na deiseanna maoiniúcháin atá ann do ghnólachtaí agus chun deiseanna nua a chur ar fáil do choigilteoirí agus d’infheisteoirí, gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.
