Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: an bealach chun cinn
Ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta 2026, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le clár oibre de bhearta nithiúla lena ngabhann sprioc-amanna uaillmhianacha chun iomaíochas, athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú.
Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin
Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Eorpach, sheol ceannairí an Aontais clár oibre maidir le ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ i mí an Mhárta 2026, clár oibre a bheidh le cur chun feidhme in 2026 más féidir agus faoi dheireadh 2027 ar a dhéanaí.
Sainaithnítear sa chlár oibre sin sraith beart nithiúil i gcúig réimse a dtabharfar aghaidh orthu go práinneach chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus chun neamhspleáchas straitéiseach agus slándáil eacnamaíochan Aontais a fheabhsú, rud a chothóidh rathúnas agus modh sóisialta na hEorpa.
An margadh aonair a dhoimhniú agus a chomhtháthú
Rialacha a shimpliú a thuilleadh agus na hualaí riaracháin a laghdú
Fuinneamh inacmhainne a chinntiú agus an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach
Athnuachan thionsclaíoch agus nuálaíocht na hEorpa a chothú agus na spleáchais a laghdú
Infheistíocht a shlógadh
Déanfaidh ceannairí an Aontais athbhreithniú rialta ar an dul chun cinn maidir leis na sraitheanna uile agus cuirfidh siad treoir straitéiseach bhreise ar fáil nuair is gá.
Ar imeall an chruinnithe neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach in Lefkosia an 24 Aibreán 2026, shínigh Uachtaránacht na Cipire ar an gComhairle, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán an Choimisiúin an treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’, ina bhfuil tograí agus bearta nithiúla, le hamlínte agus garspriocanna, bunaithe ar an treoir a chuir ceannairí an Aontais ar fáil.
An 18 Meitheamh 2026, ar imeall chruinniú na Comhairle Eorpaí, d’eisigh an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an treochlár. Táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn maidir leis an treochlár a athbhreithniú ar bhonn ráithiúil.
Sa dara hathbhreithniú a rinne siad an 15 Deireadh Fómhair 2026, d’athdhearbhaigh institiúidí an Aontais a dtiomantas do sheachadadh tráthúil.
- Treochlár comhaontaithe ag na hinstitiúidí Eorpacha chun ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ a bhaint amach faoi dheireadh 2027 (preaseisiúint, an 24 Aibreán 2026)
- Tús láidir — an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ (preaseisiúint, 18 Meitheamh 2026)
- Dul chun cinn stuama á dhéanamh ar an Treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ (preaseisiúint, 15 Deireadh Fómhair 2026)
Lean an dul chun cinn le cur chun feidhme an treochláir ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ anseo:
An margadh aonair
Is freagracht chomhroinnte phráinneach de chuid na mBallstát uile agus institiúidí uile an Aontais é a chinntiú go mbeidh margadh aonair fíor-chomhtháite ag an Aontas a mbeidh rochtain ag daoine agus ag gnólachtaí air. Ba cheart do chuideachtaí, gan beann ar a méid, a bheith in ann oibriú gan stró ar fud an mhargaidh aonair, agus mórmhéadú a dhéanamh chun a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach.
Chuir ceannairí an Aontais i bhfios go láidir gur cheart dul chun cinn nithiúil follasach a dhéanamh faoi mhí an Mhárta 2027 chun bacainní ar na ceithre shaoirse a chosc agus a bhaint. Leag siad amach sé bheart tosaíochta.
| Beart | Cuspóir |
| An 28ú córas i gcomhair dhlí na gcuideachtaí, 'EU Inc.' | Cuidiú le cuideachtaí oibriú agus mórmhéadú a dhéanamh ar fud an mhargaidh aonair, ar bhonn simplí agus digiteach mar réamhshocrú |
| Córas ríomhdhearbhaithe aontaithe agus oibrithe á bpostú go sealadach chuig Ballstáit eile | Ualaí riaracháin a laghdú agus cearta oibrithe á gcinntiú ag an am céanna |
| Feabhas a chur ar aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí gairmiúla agus inaistritheacht cáilíochtaí agus scileanna a neartú | Saorghluaiseacht oibrithe a fheabhsú |
| ‘Prionsabal na haonuaire’ a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa | Idirghníomhaíochtaí gnó a dhigitiú agus nósanna imeachta riaracháin a shimpliú: ní chuirtear doiciméid faoi bhráid na n-údarás poiblí ach aon uair amháin, agus déantar faisnéis agus dintiúir a stóráil agus a athúsáid go slán thar theorainneacha. |
| Coimircí a neartú chun táirgí a chur ar an margadh | Cosaint tomhaltóirí ar earraí neamhchomhlíontacha a fheabhsú |
| Aghaidh a thabhairt ar cheanglais ilroinnte maidir le lipéadú agus pacáistiú táirgí | Saorghluaiseacht earraí a éascú |
Chuir ceannairí an Aontais i dtreis gur gá feabhas a chur ar na dálaí i gcomhair gnólachtaí chun an scála is gá a bhaint amach chun infheistíocht agus nuáil a dhéanamh agus chun dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda. Áirítear leis sin an t-athbhreithniú leanúnach ar na treoirlínte maidir le cumaisc.
D’iarr siad freisin ar an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfar rialacha an mhargaidh aonair a fhorfheidhmiú go tráthúil agus go láidir.
An simpliú
D’iarr ceannairí an Aontais go leanfaí den obair leanúnach maidir le rialacha a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus shainaithin siad bearta nithiúla chun a chinntiú a thuilleadh go mbeidh an timpeallacht rialála fabhrach don nuálaíocht agus do FBManna araon.
| Beart | Cuspóir |
| Bearta simpliúcháin ó na pacáistí omnibus atá ar na bacáin | Na hualaí a eascraíonn as an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus a laghdú |
| Tograí omnibus nua agus tionscnaimh simpliúcháin eile | Rialacha an Aontais a chuíchóiriú a thuilleadh, lena n-áirítear nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe |
| Grinn-athbhreithniú rialála ar acquis an Aontais | Deireadh a chur le forálacha, forluí, neamhréireachtaí agus iomarcaíochtaí atá as dáta |
Ina theannta sin, d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a chinntiú go mbeidh na tionscnaimh nua uile de chuid an Aontais i gcomhréir leis an bprionsabal ‘simplíocht trí dhearadh’ agus go ngabhfaidh measúnuithe tionchair ardcháilíochta leo, go rannchuideoidh siad le spriocanna iomaíochais an Aontais, agus go laghdóidh siad na costais agus go seachnóidh siad na hualaí
- tús áite a thabhairt do rialacháin seachas do threoracha
- teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, ar cheart dóibh a bheith dírithe ar ghnéithe teicniúla
D’iarr siad freisin ar na comhreachtóirí gan ualaí breise riaracháin a thabhairt isteach i ngníomhartha dlí an Aontais agus thathantaigh siad ar na Ballstáit gan ceanglais náisiúnta dhíréireacha a fhorchur agus rialacha an Aontais á dtrasuí agus á gcur chun feidhme acu.
Rialacha an Aontais a shimpliú
Fuinneamh
Chuir ceannairí an Aontais i bhfios go láidir go bhfuil an t-aistriú fuinnimh ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a bhaint amach, chun an spleáchas ar mhargaí luaineacha breoslaí iontaise a laghdú, chun athléimneacht a neartú, chun praghsanna fuinnimh a ísliú go struchtúrach, agus chun fuinneamh glan, flúirseach agus dúchasach a chur ar fáil.
Ag an am céanna, tá gá le réitigh spriocdhírithe sa ghearrthéarma chun a chinntiú go mbeidh an fuinneamh inacmhainne.
Ós rud é gur imir an choinbhleacht sa Mheánoirthear tionchar láithreach ar phraghsanna fuinnimh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais, leag an Chomhairle Eorpach béim ar an ngá atá le freagairt chomhordaithe.
Tá sraith beart chun na críche sin sa chlár oibre ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.
| Beart | Cuspóir |
| Bosca uirlisí de bhearta sealadacha spriocdhírithe | Aghaidh a thabhairt ar an méadú a tháinig le déanaí ar phraghsanna breoslaí iontaise allmhairithe mar thoradh ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear |
| Bearta spriocdhírithe lena gcumhdaítear comhpháirteanna uile na bpraghsanna leictreachais | Praghsanna níos ísle sa ghearrthéarma, agus aghaidh a thabhairt ar luaineacht iomarcach |
| Bearta náisiúnta sealadacha agus spriocdhírithe | Tionchair shuntasacha breoslaí agus comhpháirteanna costais gaolmhara ar chostais giniúna leictreachais a mhaolú, agus comharthaí infheistíochta fadtéarmacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin á gcaomhnú ag an am céanna |
| Athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí (CTA) | Luaineacht phraghas an charbóin a laghdú agus a thionchar ar phraghsanna leictreachais a mhaolú, agus ról ríthábhachtach CTA san aistriú aeráide agus fuinnimh á chaomhnú ag an am céanna |
| Pacáiste um eangacha Eorpacha, lena n-áirítear nósanna imeachta deonaithe ceadanna níos tapúla | Bonneagar a thógáil, a chinntiú go gcosnaítear é, agus idirnaisc a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le margadh fuinnimh comhtháite níos láidre |
Thairis sin, d’iarr ceannairí an Aontais ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun feidhme chlár oibre 2030 an Aontais Fuinnimh, chun leictriúchán méadaithe agus inacmhainne a cheadú go tapa.
Tionscal agus nuálaíocht
Athnuachan thionsclaíoch na hEorpa a chothú, dlús a chur leis an nuálaíocht agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, is réamhchoinníollacha anois iad don athléimneacht, don fhás agus do chruthú post.
Sa chlár oibre ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’, d’iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí roinnt gníomhaíochtaí.
Beart |
Cuspóir |
| Spleáchais in earnálacha straitéiseacha a mhapáil | Rioscaí a shainaithint agus a mhaolú chun an tslándáil eacnamaíoch agus neamhspleáchas straitéiseach a threisiú |
‘Tosaíocht Eorpach’ spriocdhírithe chomhréireach a bhunú |
Earnálacha agus teicneolaíochtaí straitéiseacha roghnaithe a chosaint agus a threisiú |
| Bearta i gcoinne iomaíocht láidir éagórach agus comhéigean eacnamaíoch | Cosaint a thabhairt ar chleachtais éagóracha tríú tíortha sna príomhearnálacha |
| Pacáiste ceannasachta teicneolaíche | A bheith ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a rialú in earnálacha straitéiseacha |
Chuir ceannairí an Aontais i bhfios go láidir freisin nach mór leanúint de na naisc thrádála agus infheistíochta a éagsúlú, lena n-áirítear rochtain a áirithiú ar acmhainní riachtanacha, slabhraí soláthair, margaí agus teicneolaíochtaí.
Infheistíocht
Tá aontas coigiltis agus infheistíochta ina bhfuil margadh caipitil lán-chomhtháite ríthábhachtach chun an caipiteal cothromais a chur ar fáil do ghnólachtaí Eorpacha chun go mbeidh siad in ann nuáil agus fás a dhéanamh agus chun poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú san Aontas.
D’iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí gníomhaíocht i roinnt réimsí chun na críche sin.
Beart |
Cuspóir |
| Tograí an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta maidir le hurrúsú agus pinsin fhorlíontacha, agus an pacáiste maidir le comhtháthú agus maoirseacht an mhargaidh a chur chun feidhme | Maoiniú príobháideach do ghnólachtaí a mhéadú agus margadh caipitil Eorpach fíor‑chomhtháite a chruthú |
| An euro digiteach | Tacú le córas íocaíochta Eorpach athléimneach agus ról idirnáisiúnta an euro a neartú |
| Leasuithe spriocdhírithe ar an gcreat stuamachta | Feabhas a chur ar chumas na hearnála baincéireachta geilleagar na hEorpa a mhaoiniú, agus an chobhsaíocht airgeadais á cosaint ag an am céanna |
D’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí comhtháthú mhargadh baincéireachta an Aontais a dhoimhniú trí dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo an t-aontas baincéireachta a thabhairt i gcrích.
Féach freisin
Rialáil níos fearr
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
An compás iomaíochais
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Deireadh Fómhair 2026