An compás iomaíochais
Plean atá sa chompás iomaíochais chun go mbeidh ar chumas na hEorpa filleadh ar an bhfás eacnamaíoch agus rathúnas a bhaint amach an athuair.
Cad chuige an compás iomaíochais?
Le 20 bliain anuas, tá táirgiúlacht na hEorpa ag titim ar gcúl ar na mórgheilleagair eile. Ní tráth faillí é –ní mór borradh a chur an athuair faoi iomaíochas na hEorpa.
Ina fhianaise sin, leag ceannairí an Aontais, i ndearbhú Bhúdaipeist mhí na Samhna 2024, béim ar a phráinní atá sé comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa a chur chun feidhme – comhaontú a bheadh fréamhaithe i margadh aonair lán-chomhtháite.
Ní ceadmhach cur chuige ‘gnó mar is gnách’ a thuilleadh.
Dearbhú Bhúdaipeist
Mar obair leantach ar iarraidh na gceannairí, chuir an Coimisiún Eorpach an compás iomaíochais i láthair i mí Eanáir 2025.
Bunaithe ar na moltaí a rinne Mario Draghi ina thuarascáil ar thodhchaí iomaíochas na hEorpa atá an compás.
Cuspóirí
Cúrsaí gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla agus rathúnas na hEorpa a chinntiú is aidhm don chompás.
Treoir atá sa chompás d’obair an Choimisiúin don tréimhse 2024-2029 ar bhonn trí cholún:
- an bhearna nuálaíochta le príomhiomaitheoirí an Aontais a dhúnadh
- an dícharbónú agus an t-iomaíochas a nascadh
- an spleáchas a laghdú agus an tslándáil a mhéadú
An Nuálaíocht
Sa chéad cholún, dírítear ar an bhfás a spreagadh tríd an nuálaíocht.
Chuir ceannairí an Aontais i bhfios go láidir nár mhór timpeallacht atá níos fabhraí don nuálaíocht a chothú; timpeallacht a bheadh bunaithe ar eolaíocht den scoth chun táirgí nuálacha a chur ar an margadh ar bhealach níos tapúla agus ar an mórchóir.
Ní bhaintear leas tráchtála ach as aon trian de na paitinní atá cláraithe san Aontas. Chun an bhearna nuálaíochta le hiomaitheoirí an Aontais a dhúnadh agus chun an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud an domhain, luaitear sa chompás iomaíochais tograí arb é is aidhm dóibh an méid seo a leanas:
- cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta dul i mbun gnó agus méadú
- forbairt agus glacadh tionsclaíoch na hintleachta saorga a spreagadh
- rialacha dlíthiúla an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú
- borradh a chur faoi tháirgí maoiniúcháin nua (mar shampla, caipiteal fiontair)
- éascú a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht tallainne agus an caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt a mhéadú
- bonneagair ríomhaireachta, néalríomhaireachta, líonra, satailíte agus sonraí a fhorbairt
Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh na bearta nua darb aidhm a bheith ar thús cadhnaíochta in earnálacha na teicneolaíochta straitéisí – mar atá an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus candamacha, ardábhair, bith-theicneolaíochtaí, teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, róbataic, teicneolaíochtaí spáis, soghluaisteacht nasctha agus uathrialach – ba cheart go gcuirfidís ar chumas na hEorpa an cheannasacht theicneolaíoch agus an t-iomaíochas araon a neartú.
- Straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú
- Straitéis Eorpach maidir le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta
- Creat Straitéiseach le haghaidh Bithgheilleagar Iomaíoch Inbhuanaithe san Aontas
- Rialachán maidir leis an 28ú córas den chreat dlíthiúil corparáideach, togra ón gCoimisiún, an 18 Márta 2026
An Dícharbónú
Tá tíortha an Aontais tiomanta don aeráidneodracht a bhaint amach don Aontas faoi 2050.
Is spreagadh mór don fhás na beartais dícharbónaithe má chomhtháthaítear go maith le beartais thionsclaíocha, iomaíochta, eacnamaíocha agus trádála iad.
Ag an am céanna, más leis an Eoraip a bheith níos iomaíche, ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúracha atá taobh thiar de na praghsanna arda fuinnimh san Eoraip agus dá spleáchas ar allmhairí breosla iontaise.
Chun an geilleagar a dhícharbónú go héifeachtúil, tá na tionscnaimh a leanas ón gCoimisiún sa dara colún den chompás iomaíochais:
- comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan agus gníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch, chun cuidiú le monaróirí aistriú chuig teicneolaíochtaí táirgthe glana agus samhlacha gnó ciorclacha nua a chur chun cinn
- plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne chun rochtain ar fhuinneamh ar chostas íseal a éascú
- treochlár chun deireadh a chur, de réir a chéile, le hallmhairí breoslaí iontaise na Rúise ar mhaithe le spleáchais fuinnimh an Aontais a laghdú
- plean gníomhaíochta um leictriúchán agus pacáiste maidir le heangacha Eorpacha chun gréasán agus bonneagar fuinnimh an Aontais a nuachóiriú agus a leathnú
- leasuithe ar dhlí aeráide an Aontais eadhon, laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2040 a leagan síos
- gníomh um an ngeilleagar ciorclach chun úsáid agus athúsáid níos fearr a bhaint as acmhainní a spreagadh
- Comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne
- Plean gníomhaíochta Eorpach maidir le cruach agus miotail
An tSlándáil
Leagtar béim ar an trádáil mar phríomhspreagadh do rathúnas an Aontais sa chompás mar aon leis an ngá atá ann go ndéanfaidh an tAontas athléimneacht a shlabhraí soláthair a éagsúlú, a neartú agus a áirithiú.
An Trádáil
Tá sé i gceist ag an gCoimisiún comhaontuithe trádála breise a shíniú agus a chur chun feidhme mar aon le comhpháirtíochtaí um thrádáil agus infheistíocht ghlan chun soláthar amhábhar criticiúil, fuinneamh glan, breoslaí inbhuanaithe iompair agus teicneolaíochtaí glana a chinntiú ó gach cearn den domhan.
Sheol an Coimisiún ardán freisin lena dtugtar de chumhacht do chuideachtaí an Aontais táirgí agus amhábhair a bhaineann le fuinneamh a sholáthar go héifeachtach.
Beidh sé d’aidhm ag an athbhreithniú atá beartaithe ar na rialacha soláthair phoiblí, lena n-áirítear tosaíocht Eorpach sa soláthar poiblí, an tslándáil theicneolaíoch agus slabhraí soláthair intíre a threisiú.
An Chosaint
Leagtar béim sa chompás ar an ngá atá le tuilleadh comhair idir na Ballstáit i réimse na cosanta trí leas níos mó a bhaint as soláthar comhpháirteach agus taighde agus forbairt chomhpháirteach, agus trí acmhainní a chomhthiomsú.
An Ullmhacht
Leagtar béim sa chompás freisin ar an ngá le gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh lena gcuirfear feabhas ar ullmhacht an Aontais a mhéid a bhaineann leis na bagairtí atá ann cheana agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Cumasóirí an iomaíochais
Sainaithnítear cúig bhealach sa chompás lena chinntiú go bhfuil an tAontas iomaíoch i ngach earnáil.
An Simpliú
Thíolaic an Coimisiún tacar tograí chun na rialacha a shimpliú, an t-ualach rialála a laghdú agus dlús a chur le nósanna imeachta riaracháin chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí don infheistíocht.
Is é laghdú an ualaigh riaracháin ar FBManna 35 %, ar a laghad, ceann de na cuspóirí seo.
Rialacha an Aontais a shimpliú
An margadh aonair a thabhairt chun críche agus a leathnú
Is mian leis an gCoimisiún i mbun gníomh chun na bacainní atá ann cheana a bhaint ionas go mbeidh gach gnólacht in ann leas iomlán a bhaint as tairbhí scála an mhargaidh aonair, a bhuí sin leis an straitéis chothrománach maidir leis an margadh aonair.
Tabharfar aird ar leith ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta.
An Margadh Aonair
An Maoiniú
Ós rud é go mbeidh mór-riachtanais mhaoiniúcháin de dhíth ar Eoraip a bheidh níos iomaíche, níos nuálaí agus níos dícharbónaithe, ní mór don Aontas infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh ar bhealach níos fearr agus cistiú poiblí a úsáid ar bhealach níos spriocdhírithe. Os amhlaidh atá, thíolaic an Coimisiún straitéis maidir le haontas coigiltis agus infheistíochta.
Déantar foráil sa chompás freisin maidir le tograí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais a dhoimhniú
- cuidiú chun caipiteal a shlógadh do thionscadail Eorpacha
- coigilteas a threorú i dtreo an gheilleagair
- cumais mhaoiniúcháin bhreise a chruthú do na bainc trí mhargadh urrúsúcháin an Aontais a chur chun cinn
An t-aontas coigiltis agus infheistíochta
Mhol an Coimisiún athstruchtúrú ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile (an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2028-2034) chun tacú le hiomaíochas an Aontais.
Leis an gCiste Eorpach nua um Iomaíochas (CEI), tabharfar 14 chlár aonair atá ann cheana le chéile faoi leabhar rialacha amháin, le tairseach iarratais amháin. Cumhdaíonn sé cheithre réimse:
- an tsláinte, an bhith-theicneolaíocht, an talmhaíocht agus an bithgheilleagar
- an athléimneacht, an tslándáil, an chosaint agus an spás
- an cheannaireacht dhigiteach
- an t-aistriú glan agus an dícharbónú tionsclaíoch
- Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034, togra ón gCoimisiún
- CAI 2028-2034: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le ciste nua nuálach chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais (preaseisiúint, an 16 Meitheamh 2026)
Buiséad fadtéarmach de chuid an Aontais don tréimhse 2028 - 2034
Scileanna
Chun meaitseáil níos fearr a chinntiú idir infhaighteacht scileanna agus éilimh mhargadh an tsaothair, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Aontas na Scileanna a bhunú, trí phleananna agus tionscnaimh éagsúla.
Chun deireadh a chur le bacainní a chuireann teorainn le rochtain ar an margadh saothair, go háirithe do mhná, do dhaoine óga, do shaoránaigh scothaosta ar mian leo leanúint de bheith gníomhach ó thaobh an gheilleagair de, do dhaoine ar bheagán oiliúna agus do dhaoine faoi mhíchumas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún treochlár post ar ardchaighdeán a thíolacadh freisin.
Beartais a chomhordú
Molfaidh an Coimisiún uirlis nua um chomhordú iomaíochais; beidh sé mar aidhm ag an uirlis seo comhleasanna straitéiseacha a ailíniú ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
Ba cheart go gcuideodh sé leis an Aontas agus leis na Ballstáit an méid seo a dhéanamh:
- gníomhú maidir le tosaíochtaí comhchoiteanna iomaíochais i bpríomhréimsí roghnaithe
- comhoibriú ar thionscadail ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne
Ról na Comhairle i gcompás an iomaíochais
Is í an Chomhairle Eorpach atá freagrach as an straitéis pholaitiúil fhoriomlán agus an treoir pholaitiúil fhoriomlán a leagan síos don Aontas.
Tá ‘Eoraip rathúil iomaíoch’ sainaitheanta ag ceannairí an Aontais mar cheann de phríomhghnéithe an chláir oibre straitéisigh do 2024-2029, lena leagtar síos na tosaíochtaí d’obair bheartais an Aontais.
Gníomhaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh mar chomhreachtóir, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
Fágann sin – a luaithe a thíolacfaidh an Coimisiún na tograí le haghaidh reachtaíocht nua a fógraíodh sa chompás iomaíochais – go bpléifidh airí an Aontais, ag teacht le chéile dóibh i bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle, na bearta atá beartaithe. Caibidlíocht a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa maidir le leagan amach deiridh na ndlíthe sula nglacfaidh an dá institiúid na rialacha nua agus sula ndéanfar dlí de chuid an Aontais díobh an chéad chéim eile.
Féach freisin
Earnáil na tionsclaíochta
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Meitheamh 2026