Teorainneacha seachtracha an Aontais: tacaíocht don Ghréig
Cúnamh airgeadais
€350 milliún a bheidh ar fáil láithreach chun tacú go háirithe le:
- bonneagar don tsláinte & amp; scagadh slándála
- acmhainn ghlactha
- filleadh deonach
€350 milliún le moladh mar leasú ar bhuiséad an Aontais do 2020
Tacaíocht Frontex
- Mear-idirghabhálacha teorann, lena soláthraítear sócmhainní amhail héileacaptair, báid agus gardaí teorann
- 608 mball foirne oibríochtúla as Ballstáit an Aontais
An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)
- Chuir 160 saineolaí tearmainn dlús leis an imscaradh sa Ghréig
An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta
Breis is 70 000soláthar fóirithinte slógtha, lena n-áirítear:
- gineadóirí leictreachais
- trealamh leighis
- saoráidí sláintíochta
- foscadáin, pluideanna