Skip to content

Buiséad 2026 an Aontais: na príomhréimsí

An 15 Samhain 2025, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad bliantúil an Aontais do 2026.

Is é €192.8 billiún luach iomlán na ngealltanas agus is é €190.1 billiún luach iomlán na n-íocaíochtaí.Coinníodh €715.7 milliún ar fáil i mbliana faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair do 2021-2027, rud a chuireann ar chumas an Aontais freagairt ar riachtanais nach féidir a thuar.

Gealltanais

Is é atá i ngealltanais an Aontais gealltanais dlí chun airgead a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme thar roinnt blianta airgeadais.

Leagan téacs

Buiséad 2025 — i mbilliúin euro

(na buiséid leasaitheacha agus na dréachtbhuiséid leasaitheacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún le linn na bliana san áireamh)

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €21.54
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €77.98
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €56.70
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €4.64
  • Slándáil agus cosaint: €2.63
  • An chomharsanacht agus an domhan: €16.31
  • An riarachán poiblí Eorpach: €12.84
  • Ionstraimí speisialta: €6.67
  • Iomlán: €199.32 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 1.07 %)

Dréachtbhuiséad 2026 — i mbilliúin euro

(Togra ón gCoimisiún lena gcuirtear san áireamh litir leasaitheach)

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €22.05
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €71.67
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €56.64
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €5.01
  • Slándáil agus cosaint: €2.80
  • An chomharsanacht agus an domhan: €15.50
  • An riarachán poiblí Eorpach: €13.47
  • Ionstraimí speisialta: €5.71
  • Iomlán: €192.87 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 1.00 %)

Buiséad 2026 mar a comhaontaíodh idir an Chomhairle agus an Pharlaimint é - i mbilliúin euro

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €22.16
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €71.65
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €56.53
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €5.02
  • Slándáil agus cosaint: €2.81
  • An chomharsanacht agus an domhan: €15.60
  • An riarachán poiblí Eorpach: €13.28
  • Ionstraimí speisialta: €5.71
  • Iomlán: €192.77 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 1.00 %)

Íocaíochtaí

Cumhdaítear le híocaíochtaí caiteachas a eascraíonn as gealltanais arna gcur isteach i mbuiséad an Aontais le linn blianta reatha airgeadais agus na blianta airgeadais roimhe sin.

Leagan téacs

Buiséad 2025 — i mbilliúin euro

(na buiséid leasaitheacha agus na dréachtbhuiséid leasaitheacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún le linn na bliana san áireamh)

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €20.46
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €47.15
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €55.58
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €3.51
  • Slándáil agus cosaint: €2.14
  • An chomharsanacht agus an domhan: €14.43
  • An riarachán poiblí Eorpach: €12.84
  • Ionstraimí speisialta: €5.12
  • Iomlán: €161.24 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 0.87 %)

Dréachtbhuiséad 2026 — i mbilliúin euro

(Togra ón gCoimisiún lena gcuirtear san áireamh litir leasaitheach)

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €23.31
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €73.17
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €52.69
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €3.88
  • Slándáil agus cosaint: €2.25
  • An chomharsanacht agus an domhan: €16.51
  • An riarachán poiblí Eorpach: €13.47
  • Ionstraimí speisialta: €5.02
  • Iomlán: €190.32 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 0.99 %)

Buiséad 2026 mar a comhaontaíodh idir an Chomhairle agus an Pharlaimint é - i mbilliúin euro

  • An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €23.34
  • Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €73.17
  • Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €52.58
  • Imirce agus bainistiú teorainneacha: €3.89
  • Slándáil agus cosaint: €2.25
  • An chomharsanacht agus an domhan: €16.57
  • An riarachán poiblí Eorpach: €13.28
  • Ionstraimí speisialta: €5.02
  • Iomlán: €190.09 (mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE27: 0.99 %)

An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Feabhra 2026