Skip to content

Ardú ar phraghas an fhuinnimh ó 2021

Bhain praghas an fhuinnimh san Aontas tar éis na leibhéil ab airde riamh amach in 2022.

Cuireadh tús leis an méadú, a bhfuil baint aige leis an méadú ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh ar fud an domhain, siar in 2021 tar éis phaindéim COVID-19 agus an t-éileamh idirnáisiúnta a bhí ag dul i méid. Bhí éifeacht ghéaraitheach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Toisc go n-allmhairíonn an tAontas cuid mhaith dá fhuinneamh, bhí tionchar ag an ardú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón dara ráithe de 2021 (nach bhfuil le feiceáil sa chairt) ar phraghsanna táirgeoirí agus tomhaltóirí araon. Idir mí na Nollag 2020 agus mí na Nollag 2021, tháinig ardú níos mó ná dúbailt ar an bpraghas allmhairiúcháin fuinnimh sa limistéar euro. An méadú a chonacthas, ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo, toisc nach n-athraíonn praghsanna allmhairiúcháin fuinnimh, cé go mbíonn siad sách luaineach, níos mó ná 30% i gcaitheamh na bliana de ghnáth.

In 2022, i bhfianaise chogadh na Rúise ar an Úcráin agus an chinnidh aontaobhaigh a rinne sí seachadtaí gáis chuig roinnt Ballstát a chur ar fionraí, rinneadh praghas an gháis a bhrú suas, arb é sin is cúis leis na praghsanna ab airde riamh ar leictreachas san Aontas freisin.

Chuir na tonnta teasa le linn shamhradh 2022 brú breise ar mhargaí fuinnimh, ar thaobh amháin, rud a d’fhág go raibh éileamh méadaithe ar fhuinneamh le haghaidh fuaraithe, agus ar an taobh eile, tháinig laghdú ar an soláthar fuinnimh mar gheall ar thriomach agus ar an laghdú ar sholáthar hidreachumhachta dá bharr sin.

Tá le feiceáil sa chairt sonraí uile-Aontais ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí Eanáir 2023 maidir leis an méid seo a leanas:

  • praghsanna ar fhuinneamh do tháirgeoirí sa tionsclaíocht
  • praghsanna ar leictreachas, gás agus breoslaí eile do thomhaltóirí

Praghsanna fuinnimh do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí san Aontas

Leagan téacs

Graf ina léirítear praghsanna fuinnimh san Aontas idir mí Eanáir 2021 agus mí Eanáir 2023:

  • d’ardaigh praghsanna ar fhuinneamh do tháirgeoirí tionsclaíocha intíre ó 106.2 go 241.3
  • d’ardaigh praghsanna ar leictreachas, gás agus breoslaí eile do thomhaltóirí ó 105.4 go 172.3

(meáninnéacs 2015=100, neamhchoigeartaithe)