Fuinneamh
An chaoi a n-oibríonn na Ballstáit le chéile chun soláthar fuinnimh inbhuanaithe inacmhainne a dhaingniú.
Tá fuinneamh inacmhainne iontaofa thar a bheith tábhachtach do rathúnas an Aontais.
Is é atá mar sprioc ag na Ballstáit aontas láidir fuinnimh a forbairt, cur le ceannasacht fuinnimh agus le hiomaíochas ar leibhéal domhanda, agus an earnáil fuinnimh á dícharbónú ag an am céanna, chun na spriocanna aeráide a bhaint amach.
An soláthar fuinnimh a dhaingniú
Tá na Ballstáit ag obair le chéile le go mbeadh soláthar fuinnimh ar phraghsanna iomaíocha ag geilleagar an Aontais agus ag na saoránaigh.
Teastaíonn ó na Ballstáit an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, bealaí soláthair a éagsúlú agus naisc le comhpháirtithe níos iontaofa a neartú, agus tacú ag an am céanna leis an aistriú i dtreo fuinneamh níos glaise, go háirithe fuinneamh glan a tháirgtear san Eoraip.
Tugann rialacha an Aontais cosaint do thomhaltóirí agus do chuideachtaí ar ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh agus is é is aidhm dóibh córais fuinnimh náisiúnta na mBallstát a chomhtháthú ar bhealach níos fearr in aontas stóinseach fuinnimh.
Ag imeacht ó ghás na Rúise
In 2025, bhí an méid gáis a allmhairíodh ón Rúis níos lú ná aon trian den mhéid a allmhairíodh in 2021. Léirítear ar an gcairt thíos toirt an gháis, i mbilliún méadar ciúbach, a d’allmhairigh an tAontas.
Barrachairt ina ndéantar an soláthar gáis ó phríomh-chomhpháirtithe an Aontais in 2021 a chur i gcomparáid le 2023 agus 2025.
Tháinig laghdú ar allmhairí ón Rúis ó níos mó ná 150 billiún méadar ciúbach (bcm) in 2021 go 40.9 bcm in 2025. Cúitíodh é sin den chuid is mó leis an méadú a tháinig ar allmhairí ó chomhpháirtithe eile. Tháinig méadú ar allmhairí ó na Stáit Aontaithe ó 18.9 billiún méadar ciúbach in 2021 go 79.4 billiún méadar ciúbach in 2025. Tháinig méadú ar allmhairí ón Iorua ó 79.5 billiún méadar ciúbach in 2021 go 97.2 billiún méadar ciúbach in 2025.
Foinse: ríomh an Choimisiúin Eorpaigh bunaithe ar LSEG (Refinitiv) agus ENTSO-G
I mí Eanáir 2026, ghlac an tAontas rialachán chun toirmeasc a chur de réir a chéile ar na hallmhairí gáis ón Rúis atá fágtha, faoi dheireadh 2027 ar a dhéanaí.
Féachaint chuige gur glaise an fuinneamh
Tagann an chuid is mó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ón earnáil fuinnimh.
Faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi rialacha an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, leag na Ballstáit síos spriocanna maidir leis na hastaíochtaí ón earnáil fuinnimh a laghdú, ina measc:
- imeacht ó bhreoslaí iontaise, de réir a chéile
- cur le sciar an fhuinnimh in‑athnuaite
- féachaint chuige gur éifeachtúla an úsáid fuinnimh, i gcás foirgneamh, san áireamh
- margadh hidrigine a chruthú
Toilleadh fuinnimh in-athnuaite
Ó 2020 go 2025, tháinig méadú 157% ar thoilleadh grianchumhachta an Aontais go 406 ghigeavata ar an iomlán, de réir sonraí ón gCoimisiún Eorpach. Tá sin níos mó ná an méid atá ag teastáil chun cumhacht a chur ar fáil do thír ar nós na hIodáile ar feadh bliain iomlán. Tá táirgeadh fuinnimh gaoithe ag méadú go gasta freisin.
Tá fuinneamh in-athnuaite, ar nós grianfhuinnimh agus cumhacht ghaoithe, lárnach san aistriú chuig fuinneamh glan agus is féidir leis cuidiú le spleáchas an Aontais ar sholáthróirí fuinnimh seachtracha a laghdú.
Meastar go leanfaidh táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite san Aontas de bheith ag fás
Tá Ballstáit an Aontais ag comhoibriú chun cur leis an úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus, mar a léirítear ar an gcairt, tuartar go mbeidh táirgeadh na bhfoinsí in‑athnuaite sin ag fás i gcónaí sna blianta amach romhainn. In 2024, tháinig 25.4% den fhuinneamh deiridh uile a úsáideadh san Aontas ó fhoinsí in‑athnuaite. Táthar ag súil gur foinsí fuinnimh in‑athnuaite a bheidh i níos mó ná 42.5% de mheascán fuinnimh an Aontais faoi 2030.
Cairt ar a léirítear an acmhainneacht charnach i ngigeavatanna (GW) san Aontas le haghaidh grianchumhachta, cumhacht gaoithe, bithfhuinnimh agus hidreachumhachta ó 2010 go 2024, agus réamhaisnéis ann le haghaidh 2025‑2030.
- Níor tháinig ach fás teoranta ar an toilleadh hidreachumhachta, ó 143.2 GW in 2010 go 152.7 GW in 2024. Meastar go bhfanfaidh an toilleadh cobhsaí agus go sroichfear 159 GW in 2030.
- Níl sa bhithfhuinneamh ach sciar beag den táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite san Aontas. Tháinig méadú ar thoilleadh bithfhuinnimh an Aontais ó 25 GW in 2010 go 37.2 GW in 2024 agus de réir na réamhaisnéise fanfaidh sí a bheag nó a mhór ar an leibhéal sin.
- Tháinig fás seasta ar thoilleadh cumhachta gaoithe agus tháinig méadú air ó 79.2 GW in 2010 go 230.8 GW in 2024. Meastar go dtiocfaidh méadú breise fós ar an toilleadh agus go sroichfear 368.6 GW in 2030.
- Is í an ghrianchumhacht an fhoinse fuinnimh in‑athnuaite is mó a bhfuil fás tagtha uirthi, ó 30 GW in 2010 go 332.1 GW in 2024. Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go sroichfidh toilleadh grianchumhachta san Aontas 690.1 GW faoi 2030.
An scéala is déanaí
An ciste taighde um ghual agus cruach: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha: Tacaíocht tugtha ag an gComhairle don ghréasán fuinnimh nuachóirithe le haghaidh dícharbónú Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le hiomaíochas agus dúshláin eacnamaíocha dhomhanda
Na blaisíní breise is déanaí
Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: an bealach chun cinn
Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla
Oiriúnach do 55
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Márta 2026