Skip to content

Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?

Ba é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba chúis le géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe san Eoraip in 2022. Sheas tíortha an Aontais le chéile agus chuidigh a bhfreagairt le praghsanna a choinneáil íseal.

An fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh

Bhí tionchar tubaisteach ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ag an úsáid a bhain an Rúis as fuinneamh mar arm polaitiúil ar na margaí fuinnimh. Bhain an ghéarchéim fuinnimh an buaicphointe amach i mí Lúnasa 2022, tráth a shroich praghsanna fuinnimh an leibhéal ab airde a chonacthas riamh. Chuir na billí arda fuinnimh as do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais.

Bhí tíortha an Aontais aontaithe agus thug siad freagairt go pras. Díreach seachtainí tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, chinn ceannairí 27 mBallstát an Aontais go n-aistreodh an tAontas ón spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe ab fhéidir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na soláthairtí agus na soláthróirí a éagsúlú
  • úsáid na mbreoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an athrú i dtreo fuinneamh níos glaine

Ba ghearr gur sheol an Coimisiún Eorpach an plean REPowerEU, ar treoirphlean é chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a mhéadú agus chun borradh a chur faoin bhfuinneamh glan.

Sna míonna ina dhiaidh sin, d’oibrigh tíortha an Aontais Domhnach is dálach laistigh den Chomhairle chun an reachtaíocht a ghlacadh chun na spriocanna REPowerEU a bhaint amach.

I gcás fhormhór na gcinntí, ghníomhaigh an Chomhairle ina haonar mar reachtóir an Aontais, mar a cheadaítear faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcásanna éigeandála.

Ghlac tíortha an Aontais 6 shraith de bhearta reachtacha laistigh den Chomhairle taobh istigh de bhliain. Glacadh rialacha níos tapúla ná riamh – níor thóg sé ach cúpla mí ar an meán an chéim teacht i bhfeidhm a bhaint amach ó chéim an togra; 2 bhliain a thógann sé de ghnáth reachtaíocht an Aontais a achtú.

Comhar agus dlúthpháirtíocht

Ba í an obair i gcomhar a chéile an bealach ab fhearr do thíortha an Aontais tionchar na géarchéime a mhaolú agus na rioscaí coiteanna agus aonair a bhaineann leis an soláthar fuinnimh a laghdú.

Thionóil airí fuinnimh na 27 mBallstát deich gcinn de chruinnithe den Chomhairle, ina measc ceann amháin a tionóladh ar gearrfhógra, idir thús ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin agus deireadh 2022. Bhí siad sin ríthábhachtach chun teacht ar chomhaontú maidir le rialacha comhchoiteanna chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint níos fearr ar na costais fuinnimh a bhí ag dul i méid.

Bhí an dlúthpháirtíocht i measc thíortha an Aontais ríthábhachtach chun an soláthar gáis a chinntiú, go háirithe do na tíortha sin a bhí níos spleáiche ar fhuinneamh na Rúise agus, dá bhrí sin, a raibh tionchar níos mó ag an ngearradh sa soláthar orthu.

Torthaí na gníomhaíochta comhpháirtí

B’fhiú na hiarrachtaí comhpháirteacha a rinneadh. Tar éis na míonna de phraghsanna as cuimse, tháinig laghdú suntasach ar phraghas an gháis san Aontas ag druidim le deireadh 2022 agus bhí sé réasúnta cobhsaí in 2023. I mí na Nollag 2023 chosain meigeavatuair amháin (MWh) gáis€34 – beagnach naoi n-uaire níos lú ná mar a bhí sé ag buaicphointe na géarchéime, tráth arbh é €300/MWh an praghas.

Slándáil an tsoláthair fuinnimh

Líonadh saoráidí stórála gáis go dtí os cionn 99% dá dtoilleadh i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus bhí siad os cionn 90% dá dtoilleadh i mí Dheireadh Fómhair 2024. Cinntíodh, dá bhrí sin, go raibh cúltaiscí flúirseacha ann roimh gach séasúr fuar.

Laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh

D’oibrigh tíortha an Aontais i gcomhar le chéile chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú. Tháinig laghdú 18% ar thomhaltas gáis idir Lúnasa 2022 agus Bealtaine 2024, i gcomparáid leis na 5 bliana roimhe sin.

Spleáchas laghdaithe ar an Rúis

Rinne an tAontas éagsúlú tapa ar allmhairí fuinnimh as an Rúis. Tá allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gáis nádúrtha phíblíne ón Rúis tar éis titim ó 45% sna blianta roimh an ngéarchéim go 13% in 2025, agus beidh toirmeasc iomlán orthu ó dheireadh 2026 agus fómhar 2027 faoi seach.

Borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh

Rinneadh dul chun cinn nach bhfacthas a leithéid riamh i dtaobh an ghrianfhuinnimh in 2023; suiteáladh 56 ghigeavata d’acmhainneacht nua fhótavoltach, 60% níos mó ná mar a suiteáladh in 2021 (26 GW). I mí na Bealtaine 2022, den chéad uair riamh, ba mhó méid an leictreachais a gineadh ó chumhacht na gaoithe agus na gréine san Aontas ná ó bhreoslaí iontaise.

Bearta éigeandála sa chleachtas

1. Éagsúlú a bhaint amach sa soláthar fuinnimh

Déantar níos mó ná leath den fhuinneamh uile atá ar fáil san Aontas a allmhairiú. Cé gurbh í an Rúis príomhsholáthróir breoslaí iontaise an Aontais fós in 2020, d’athraigh sin go tapa tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022. I mí an Mhárta 2022, chomhaontaigh ceannairí an Aontais deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis. Mar thoradh air sin, is iad tíortha, mar atá na Stáit Aontaithe, an Iorua, an Ailgéir agus an Astráil príomhsholáthróirí breosla iontaise an Aontais.

Is céim riachtanach é na soláthairtí agus na soláthróirí a éagsúlú chun athléimneacht agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú, go háirithe i gcás ganntanas fuinnimh.

Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh:

  • deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
  • líon na n-allmhairí as tíortha comhpháirtíochta a mhéadú, go háirithe as na Stáit Aontaithe agus as an Iorua
  • dlús a chur le hallmhairí GNL

I mí Eanáir 2026, ghlac an Chomhairle le rialachán chun deireadh iomlán a chur le hallmhairí gáis nádúrtha leachtaithe agus allmhairí gáis phíblíne ón Rúis ó dheireadh 2026 agus fómhar 2027 faoi seach.

Tugtar sa ghrafaic eolais sonraí úra faoi sholáthar gáis an Aontais.
Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)

Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)

2. Cúltaiscí a líonadh

De réir mar ba dheacra a bhí sé seachadtaí gáis a thuar le linn na géarchéime fuinnimh, de bharr gur chuir an Rúis deireadh lena seachadadh chuig roinnt tíortha den Aontas, i measc rudaí eile, rinne an Chomhairle bearta práinneacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • soláthar slán gáis don séasúr fuar a dhaingniú
  • an t-éileamh ar ghás san Aontas a laghdú

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Chomhairle rialachán nua chun a chinntiú go líonfaí na saoráidí stórála gáis go ar a laghad 90% gach bliain roimh an séasúr fuar. Chinntigh sé sin go raibh dóthain cúltaiscí ag tíortha an Aontais chun tithe a théamh agus gnólachtaí a reáchtáil.

I mí Iúil 2025, ghlac an Chomhairle síneadh 2 bhliain leis na rialacha agus thug sí isteach solúbthacht bhreise, rud a chuir ar chumas na mBallstát dul in oiriúint do dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus cúbláil mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac.

Cúltaiscí gáis san Aontas le blianta beaga anuas

Leagan téacs

Déantar comparáid sa chairt líne idir an leibhéal líonta stórála gáis le linn na bliana do na blianta 2021-2025. In 2022, 2023 agus 2024, bhí an meánleibhéal stórála i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2021. In 2022, baineadh amach an sprioc líonta stórála 80% i mí Lúnasa. In 2023, líonadh saoráidí stórála gáis go dtí os cionn 80 % den toilleadh ó mhí Iúil agus go dtí os cionn 90 % ó mhí Lúnasa. In 2024, bhí an tairseach 90% bainte amach faoi mhí Lúnasa. In 2025, bhí na leibhéil chúltaca níos ísle, i bpáirt mar gheall ar gheimhreadh measartha crua san Eoraip, ach d’fhan siad os cionn mheáin 2021 den chuid is mó.

Is ó Bhonneagar Gáis na hEorpa a thagann na sonraí.

3. Billí fuinnimh a laghdú

Ghlac tíortha an Aontais rialachán éigeandála chun cabhrú leis na saoránaigh agus leis na gnólachtaí is mó atá thíos leis an ngéarchéim fuinnimh.

Tá trí bheart éigeandála sa rialachán:

  • úsáid leictreachais a laghdú
  • ioncam táirgeoirí leictreachais a uasteorannú
  • rannchuidiú dlúthpháirtíochta a fháil ó ghnólachtaí breosla iontaise

Leis na rialacha nua, bhí na Ballstáit in ann cistí a bhailiú ó bharrachas brabúis na gcuideachtaí fuinnimh agus iad a athdháileadh ar na daoine agus ar na gnólachtaí is leochailí san Aontas, agus ar an gcaoi sin, tabharfar tacaíocht dhíreach dóibh siúd atá ag streachailt a mbillí a íoc.

Ina theannta sin, d’oibrigh an tAontas Eorpach chun athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Is é is aidhm don athchóiriú, méaduithe géara ar phraghsanna leictreachais a sheachaint agus béim á leagan ar an méid seo a leanas:

  • cosaint níos fearr do thomhaltóirí
  • tuilleadh cobhsaíochta do chuideachtaí
  • sciar an leictreachais ghlais a mhéadú

Sa tsamhail mhargaidh atá ann faoi láthair, is í an fhoinse fuinnimh is airde costas ( an gás le linn na géarchéime fuinnimh) a chinneann praghas an leictreachais. Is é sprioc an athchóirithe praghsanna leictreachais a dhéanamh níos neamhspleáiche ar phraghas na mbreoslaí iontaise agus na billí leictreachais a íocann tomhaltóirí a laghdú dá réir.

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an athchóiriú i mí na Nollag 2023. Ghlac an Chomhairle an t-athchóiriú in earrach 2024.

Colláis de ghraf líne glaise ar a bhfuil deilbhíní fuinnimh agus praghsanna éagsúla agus bolgán solais ina bhfuil bonn aon euro amháin, rud atá ina léiriú ar chostais leictreachais atá ag athrú.
Athchóiriú ar an Margadh Leictreachais

Athchóiriú ar an Margadh Leictreachais

4. An dlúthpháirtíocht a fheabhsú

Cuireadh bearta i bhfeidhm freisin chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát agus chun go bhféadfadh na Ballstáit agus cuideachtaí fuinnimh gás a cheannach go comhpháirteach ar na margaí domhanda.

Trí éileamh a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais, cinntíodh go raibh giaráil níos fearr ag na Ballstáit fad a bhí gás á cheannach ar mhargaí domhanda agus nach raibh siad ag ceantáil ar a chéile.

Leis na rialacha nua, méadaíodh ar na comhaontuithe dlúthpháirtíochta idir tíortha an Aontais freisin. Na tíortha nach bhfuil comhaontú acu go fóill le Ballstát eile de chuid an Aontais, bhí siad in ann dlúthpháirtíochta iarraidh dá mba ghá.

Cuid de phíblíne gháis ar a bhfuil saigheada a léiríonn an sreabhadh gáis. Sa lár: 12 réalta i gciorcal cosúil le suaitheantas an Aontais Eorpaigh.

5. Arduithe tobanna ar an bpraghas a chosc

Ghlac tíortha an Aontais sásra margaidh chun teorainn a chur le heachtraí ina mbíonn praghsanna iomarcacha gáis san Aontas agus a laghdóidh, dá bhrí sin, an tionchar a bhíonn ag ardú praghsanna ar shaoránaigh agus ar an ngeilleagar.

Cén chaoi ar oibrigh sé? D’fhéadfaí uasteorainn praghsanna a chur i bhfeidhm d’idirbhearta gáis dá sroichfeadh praghsanna gáis leibhéil eisceachtúla.

Is é is aidhm freisin don athchóiriú ar an margadh leictreachais suaitheadh praghsanna a sheachaint.

6. Borradh a chur faoi fuinneamh níos glaine

Is é plean fadtéarmach an Aontais an earnáil fuinnimh a dhícharbónú, i gcomhréir lena spriocanna aeráide. Spreag an ghéarchéim fuinnimh na ceannairí chun gníomhú go mear chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Chomhaontaigh tíortha an Aontais pleananna an Aontais a dhéanamh níos uaillmhianaí agus dlús a chur leis an ngníomhaíocht:

  • sprioc nua maidir le fuinneamh in-athnuaite: is ó fhoinsí fuinneamh in-athnuaite a gheofar ar a laghad 42.5% d’fhuinneamh an Aontais faoi 2030 (40% an sprioc a moladh ar dtús)
  • sprioc nua maidir le héifeachtúlacht fuinnimh: laghdóidh an tAontas úsáid an fhuinnimh go 11.7% faoi 2030, i gcomparáid leis na réamhaisnéisí tomhaltais fuinnimh le haghaidh 2030 a rinneadh in 2020
  • bearta chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite
  • Athchóiriú ar mhargadh gáis an Aontais, chun gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin, an hidrigin san áireamh, a chur in ionad gás iontaise de réir a chéile

Cuidíonn an t-aistriú chuig fuinneamh níos glaine freisin le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a threisiú, mar is féidir fuinneamh glas a tháirgeadh san Aontas agus an spleáchas ar allmhairí a laghdú dá bharr.

Léaráid de dhá thuirbín gaoithe nua-aimseartha os comhair cruthanna teibí.
Mar atá an fuinneamh glas á bhaint amach ag an Aontas

Mar atá an fuinneamh glas á bhaint amach ag an Aontas

Cad ba chúis leis an ngéarchéim fuinnimh?

Thosaigh praghsanna fuinnimh san Aontas ag ardú go suntasach in 2021 de bharr an téarnaimh eacnamaíoch ó phaindéim COVID-19, rud ba chúis le méadú ar an éileamh ar ghás nádúrtha leachtaithe agus ba chúis le tomhaltas gáis níos mó san Áise.

Ba thubaisteach an tionchar a bhí ag ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin in 2022 ar an margadh fuinnimh agus tháinig méadú nach bhfacthas a leithéid cheana ar phraghsanna fuinnimh dá réir.

Ba thoradh í an éiginnteacht ar chinneadh aontaobhach na Rúise deireadh a chur leis an soláthar gáis chuig tíortha san Aontas, agus tháinig méadú as cuimse ar phraghsanna gáis dá bharr. Bhí tionchar aige sin freisin ar chostas an leictreachais, a bhfuil a phraghas san Aontas nasctha le praghas breoslaí iontaise.

Féach freisin

Léaráid de phiolón leictreachais ar a bhfuil línte cumhachta, in éineacht le líonra glas poncanna nasctha a léiríonn eangach fuinnimh, agus grian éadrom sa chúlra.
Bonneagar fuinnimh a nascadh san Aontas

Bonneagar fuinnimh a nascadh san Aontas

Córas píblíne agus pointí éagsúla marcáilte feadh a chosáin. Tá comhla dhícheangailte agus siombail bhratach na Rúise uirthi ar thaobh na láimhe deise.
Deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis

Deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis

Léarscáil ar a dtaispeántar ciorcail de mhéideanna éagsúla atá lonnaithe i ngach Ballstát den Aontas ina bhfuil saoráidí stórála gáis. Freagraíonn méid gach ciorcail d’acmhainneacht stórála na tíre sin.
Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais?

Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais?

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Feabhra 2026