Feidhmíocht chomhshaoil
Feidhmíocht chomhshaoil
Féachann Ardrúnaíocht na Comhairle leis an gcomhshaol a chosaint trína clár bainistíochta comhshaoil.
An dul chun cinn atá déanta ó 2010-2020*:
- Ídiú fuinnimh phríomhúil normalaithe -35 %
- Úsáid uisce -37 %
- Dramhaíl in aghaidh an duine** -9 %
- Úsáid páipéir -73 %
- Astaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa (breosla, gás, cuisneáin) -20 %
*In 2020, cumhdaítear sna figiúirí ar fad áras Europa chomh maith le háras Justus Lipsius, áras Lex agus an naíolann.
Laghdaíodh líon na n-áititheoirí sna foirgnimh de bharr na paindéime, agus imríodh tionchar dá réir sin ar na figiúirí deiridh.
** Gan dramhaíl tógála san áireamh.
Féachann Ardrúnaíocht na Comhairle lena tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus an comhshaol a chosaint trí ardchaighdeán bainistíochta comhshaoil