Skip to content

Deimhniú digiteach COVID an Aontais

Bhí an rialachán lenar bunaíodh deimhniú digiteach COVID an Aontais bailí ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Ó mhí an Mheithimh 2023 ar aghaidh, beidh córas deimhnithe dhigitigh COVID-19 an Aontais á úsáid ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun córas domhanda a bhunú lena gcabhrófar le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte anois agus feasta, paindéimí san áireamh.

Cinntítear le deimhniú digiteach COVID an Aontais go mbeidh taisteal agus laethanta saoire níos sábháilte do shaoránaigh.

Deimhniú digiteach COVID an Aontais

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

1) Beidh saoránaigh uile an Aontais

  • a ndearnadh vacsaíniú orthu (bailí ar feadh 270 lá i ndiaidh tréimhse 14 lá tar éis an timthriall príomhúil vacsaínithe a chríochnú) agus (gan tréimhse bhailíochta le haghaidh teanndáileog)
  • a fuair toradh diúltach
  • atá téarnaithe ó COVID-19 (bailí ar feadh 180 lá)

in ann cruthúnas a thabhairt air sin le deimhniú digiteach, a eiseoidh a n-údaráis náisiúnta.

2) Ar an deimhniú féin, tá

  • cód QR, ar ghléas nó clóite
  • síniú digiteach, a fhíorófar le Tairseach AE

3) Nuair a bheidh an deimhniú á sheiceáil, scanfar an cód QR agus fíorófar an síniú.

4) Tá an deimhniú

  • saor in aisce
  • bailí i ngach tír san Aontas agus i limistéar Schengen
  • ar fáil sa teanga náisiúnta agus i mBéarla

5) Cinntíonn sé

  • go mbeidh ár sonraí slán
  • go mbeidh taisteal níos sábháilte