Skip to content

An infheistíocht agus an trádáil idir an tAontas agus na Balcáin Thiar

Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis na Balcáin Thiar don Aontas agus is é an tAontas an t-infheisteoir, an comhpháirtí trádála agus an deontóir is mó atá ag an réigiún.

Tá tábhacht straitéiseach ag baint le réigiún na mBalcán Thiar don Aontas Eorpach. Is é an tAontas an príomh-chomhpháirtí agus an comhpháirtí is iontaofa atá ag na Balcáin Thiar. Trí roinnt uirlisí airgeadais, cuidíonn an tAontas lena chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar lánpháirtiú níos fearr eatarthu féin agus ullmhú d’ionchas an mhéadaithe.

An Plean Fáis do na Balcáin Thiar

Tá an tAontas tiomanta comhpháirtithe na mBalcán Thiar a thabhairt níos gaire don Aontas le linn phróiseas an mhéadaithe. In 2023, sheol an tAontas an Plean Fáis do na Balcáin Thiar.

Is é an aidhm atá ag an bPlean Fáis, dlús a chur leis an gcóineasú socheacnamaíoch idir na Balcáin Thiar agus an tAontas, ar an gcoinníoll go gcuirfidh na comhpháirtithe chun feidhme na hathchóirithe sin a bhaineann leis an Aontas. D’fhéadfadh an Plean Fáis dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch sa réigiún sna 10 mbliana amach romhainn.

ceithre cholún sa phlean:

comhtháthú eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais Eorpaigh a fheabhsú

borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch laistigh de na Balcáin Thiar tríd an gCómhargadh Réigiúnach

dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha

cúnamh airgeadais méadaithe

Cuirtear an cúnamh airgeadais chun feidhme trí Shaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar lena gcuirtear suas le €6 bhilliún ar fáil don tréimhse 2024-2027:

  • deontais dar luach €2 bhilliún
  • iasachtaí dar luach €4 bhilliún a bhfuil dálaí an-fhabhrach ag gabháil leo

An plean eacnamaíoch agus infheistíochta don réigiún

Sa bhreis ar an bplean fáis, tá deontais dar luach €9 mbilliún curtha ar fáil ag an Aontas dá chomhpháirtithe don tréimhse 2021-2027, agus meastar go nginfidh siad suas le €29 mbilliún d’infheistíochtaí.

Go dtí seo, tá cláir formheasta ag an Aontas chun leas a bhaint as suas le €18.5 billiún d’infheistíochtaí faoin bplean, lena n-áirítear €6.25 billiún i ndeontais ón Aontas.

Is leis an Aontas go príomha a dhéanann na Balcáin Thiar trádáil

I gcás chomhpháirtithe uile na mBalcán Thiar, is é an tAontas an príomh-chomhpháirtí trádála, arb ionann é agus 62 % de thrádáil iomlán an réigiúin.

Trádáil in earraí

In 2025, b’fhiú breis agus €88 mbilliún an trádáil in earraí idir an tAontas agus a shé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar — idir €51.1 billiún in onnmhairí agus €37 mbilliún in allmhairí. Le 10 mbliana anuas, tá méadú faoi dhó, agus tuilleadh, tagtha ar an trádáil idir an tAontas agus na Balcáin Thiar (+124 %).

Saigheada i dtreo réaltaí an Aontais, mar shiombail d’allmhairithe an Aontais.

Allmhairí dar luach €37 mbilliún ó na Balcáin Thiar

Cairt chearnógach ina léirítear allmhairí agus onnmhairí idir an tAontas agus na Balcáin Thiar.
Saigheada ag imeacht ó réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail, mar shiombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí dar luach €51.1 billiún chuig na Balcáin Thiar

Na hearraí is mó a trádáladh

innealra agus fearais

táirmhiotail

táirgí mianracha

ceimiceáin

Trádáil seirbhísí

In 2024 (an bhliain dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith), b’fhiú breis agus €20 billiún an trádáil i seirbhísí idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, is é sin thart ar €9.2 billiún in onnmhairí agus €10 mbilliún in allmhairí.

Le 10 mbliana anuas, tá méadú faoi dhó, agus tuilleadh, tagtha ar thrádáil seirbhísí idir an tAontas agus na Balcáin Thiar (+115 %).

Saigheada i dtreo réaltaí an Aontais, mar shiombail d’allmhairithe an Aontais.

Allmhairí dar luach €10.9 billiún ó na Balcáin Thiar

Cairt chearnógach ina léirítear allmhairí agus onnmhairí seirbhísí idir an tAontas agus na Balcáin Thiar.
Saigheada ag imeacht ó réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail, mar shiombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí dar luach €9.2 billiún chuig na Balcáin Thiar

Ba i mí Bealtaine 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo agus is ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas a fuarthas iad:

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Meitheamh 2026