Skip to content

Trádáil

An chaoi a bhfuil a chaidreamh trádála leis an gcuid eile den domhan á mhúnlú ag an Aontas Eorpach.

Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an beartas trádála. Is é an tAontas féin, ní na Ballstáit, a reáchtálann cúrsaí trádála agus a thugann comhaontuithe idirnáisiúnta trádála i gcrích.

Trí ghníomhú le chéile mar aon Bhallstát amháin, baineann tíortha an Aontais tairbhe as cumhacht chaibidlíochta mhéadaithe le tíortha eile.

Cruinneog a bhfuil boscaí agus saigheada, a léiríonn an trádáil, mórthimpeall uirthi.

Fíricí agus figiúirí maidir leis an trádáil

Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag 66 chomhpháirtí, arb ionann é agus 52% d’olltáirgeacht intíre an domhain. Tá sé ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain freisin maidir le trádáil earraí agus seirbhísí le chéile, le sciar 15.8% den trádáil dhomhanda in 2024 (roimh an tSín agus na Stáit Aontaithe).

Tá os cionn 30 milliún post (i.e. post amháin as gach seacht bpost) san Aontas ag brath ar easpórtálacha amach as an Aontas.

Is é an tAontas Eorpach an trádálaí is mó ar domhan

Leagan téacs
  • an tAontas: 15.8%
  • SAM: 13.6%
  • An tSín: 13.4%
  • An Ríocht Aontaithe: 4.2%
  • An tSeapáin: 3.6%
  • Eile: 49.4%

Guth aonair sa trádáil idirnáisiúnta

Is mian leis an Aontas trádáil chóir, oscailte agus chothrom a chinntiú leis an gcuid eile den domhan, agus tá sé tiomanta do chóras iltaobhach trádála atá láidir agus bunaithe ar rialacha.

Cosnaíonn an tAontas táirgeoirí agus gnólachtaí na hEorpa ar chleachtais éagóracha eachtracha.

Tá earraí a allmhairítear isteach san Aontas ón gcuid eile den domhan faoi réir taraifí.

Cloíonn an tAontas leis na prionsabail agus na rialacha a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Trí thásca geografacha, déanann an tAontas bia agus deochanna na hEorpa a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain.

Comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh

Le comhaontuithe trádála an Aontais, múnlaítear an caidreamh trádála le tíortha nach bhfuil san Aontas d’fhonn deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní ar thrádáil a shárú.

Tá breis agus 40 comhaontú i bhfeidhm ag an Aontas le tuairim is 80 comhpháirtí. Tá sé i mbun comhaontuithe a ghlacadh nó a dhaingniú le 27 gcomhpháirtí eile.

Múnlaíonn an tAontas caidreamh trádála le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad trí chineálacha éagsúla comhaontuithe trádála.

Is próiseas ilchéime í an chaibidlíocht trádála ina bhfuil cead cainte ag roinnt gníomhaithe.

An caidreamh trádála le tíortha agus le réigiúin

Tíortha

Na blaisíní breise is déanaí

Léarscáil den Eoraip leis an Úcráin agus leis an Aontas Eorpach aibhsithe i ndath buí agus gorm faoi seach.
Tacú le trádáil na hÚcráine

Tacú le trádáil na hÚcráine

Blúire páipéir agus peann, beirt ag croitheadh láimhe agus cruthanna teibí le dathanna agus réaltaí bhratacha an Aontais agus na Stát Aontaithe.
Caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe

Caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Aibreán 2026