Caidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
Cuireann an tAontas tacaíocht láidir pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais ar fáil chun cabhrú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach.
Comhpháirtithe na mBalcán Thiar
Tá sé chomhpháirtí i réigiún na mBalcán Thiar: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia.
Tá an tAontas tiomanta do pheirspictíocht na mBalcán Thiar maidir le ballraíocht san Aontas agus tá roinnt de na comhpháirtithe ar an mbealach chun bheith ina mBallstáit den Aontas. Tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar in Thessaloniki an 21 Meitheamh 2023, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a dtacaíocht d’iarrachtaí athchóirithe na gcomhpháirtithe agus a dtiomantas an lánpháirtiú de réir a chéile idir an tAontas agus an réigiún a chur chun cinn, lena n-áirítear ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 26 Meitheamh 2025.
Coinníonn an tAontas dlúthnaisc ar bun freisin le comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus comhoibríonn sé leo i roinnt réimsí tábhachtacha.
* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais
Tugtar faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais i gcomhthráth le caibidlíocht aontachais an Aontais agus tacaíonn sé léi.
Tá Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an Aontas sínithe ag comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar. Cuireadh na comhaontuithe sin in oiriúint do gach comhpháirtí.
Tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí comhpháirtithe na mBalcán Thiar a lánpháirtiú de réir a chéile le linn phróiseas an mhéadaithe trí leas a bhaint as acmhainn na n-ionstraimí atá ann cheana.
Plean fáis do na Balcáin Thiar
Chun tacú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar ar a gconair Eorpach, agus chun cóineasú socheacnamaíoch níos tapúla leis an Aontas a spreagadh, cuireadh an Plean Fáis do na Balcáin Thiar i láthair i mí na Samhna 2023. Tagann an plean sa bhreis ar chabhair ón Aontas atá ann cheana agus forlíonann sé cúnamh airgeadais a sholáthraítear faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III).
Tá ceithre cholún idirnasctha sa phlean agus is é is aidhm dó:
- comhtháthú eacnamaíoch chomhpháirtithe na mBalcán Thiar i margadh aonair an Aontais a fheabhsú
- comhar eacnamaíoch réigiúnach a chur chun cinn tríd an gCómhargadh Réigiúnach
- dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas
- cúnamh airgeadais a mhéadú trí Shaoráid thiomnaithe Athchóirithe agus Fáis
I gcroílár an phlean tá an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, ionstraim airgeadais lena gcuirfear €6 bhilliún ar fáil le linn na tréimhse 2024-2027. As an méid iomlán, cuirfear €2 bhilliún ar fáil i ndeontais agus €4 bhilliún in iasachtaí. Cuideoidh an tsaoráid leis na comhpháirtithe tabhairt faoi athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, bunaithe ar chláir oibre athchóirithe uaillmhianacha arna nglacadh ag gach comhpháirtí.
Tá na híocaíochtaí faoi réir coinníollacha dochta i dtéarmaí na n-athchóirithe a bhaintear amach a leagtar amach sa chlár oibre athchóirithe. Ina theannta sin, chun tacaíocht a fháil ón Aontas faoin tSaoráid, tá feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le sásraí éifeachtacha daonlathacha. Áirítear orthu sin córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, meáin iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad san áireamh. Coinníoll eile don tSeirbia agus don Chosaiv is ea go mbeidh siad páirteach ar bhealach cuiditheach, agus go mbeidh dul chun cinn intomhaiste agus torthaí nithiúla ann, agus a gcaidrimh á normalú acu.
An infheistíocht agus an trádáil idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
Cruinnithe idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar
Ar leithligh ó na próisis aontachais atá ar siúl faoi láthair, bíonn cruinnithe mullaigh rialta ag ceannairí an Aontais lena gcomhghleacaithe sna Balcáin Thiar. Is iad na cruinnithe mullaigh na cruinnithe polaitiúla is tábhachtaí idir ceannairí an Aontais agus ceannairí na mBalcán Thiar.
Bíonn cruinnithe eile ag an Aontas le comhpháirtithe na mBalcán Thiar freisin, lena n-áirítear:
- comhairlí cobhsaíochta agus comhlachais
- plé neamhfhoirmiúil ar leibhéal na n-airí ar imeall na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
- fóraim aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le ceartas agus gnóthaí baile
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Nollaig 2025