An Limistéar Eorpach Taighde
Infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa
Limistéar coiteann eolaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt don Aontas
Seoladh an Limistéar Eorpach Taighde (LET) in 2000.
Céard é atá bainte amach ag LET go dtí seo?
- Le chéile is fearr is féidir tíortha an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
- Pleanáil agus forbairt chomhpháirteach ar an mbonneagar taighde
- Córais taighde náisiúnta níos éifeachtaí
- Cúrsaíocht oscailte na heolaíochta agus an eolais
- Soghluaisteacht agus margaí saothair oscailte do thaighdeoirí ar fud an Aontais
- Tionscnaimh chun an comhionannas inscne a chur chun cinn
- Comhar idirnáisiúnta feabhsaithe
Cé mhéad a infheistíonn an tAontas sa taighde agus san fhorbairt (T&F)?
Is ionann an tAontas agus
- 7 % de dhaonra an domhain
- beagnach 20 % d’infheistíocht dhomhanda sa taighde agus sa nuálaíocht
- 21 % de na foilseacháin ardcháilíochta eolaíochta
Is í an nuálaíocht a spreagann beagnach 2/3 d’fhás eacnamaíoch an Aontais.
Ollchaiteachas intíre ar T&F:
(2018):
- AE27: 2.18 % * d’OTI
- An Chóiré Theas: 4.52 %
- An tSeapáin: 3.28 % ***
- Na Stáit Aontaithe: 2.82 % **
- An tSín (seachas Hong Cong): 2.14 %
* sealadach.
** tá sainmhíniú éagsúil ag na Stáit Aontaithe.
*** briseadh san amshraith.
Caiteachas ó fhiontair ghnó ar T&F:
(2018):
- AE27: 1.45 % * d’OTI
- An Chóiré Theas: 3.63 %
- An tSeapáin: 2.6 %
- Na Stáit Aontaithe: 2.05 % **
- An tSín (seachas Hong Cong): 1.66 %
* sealadach.
** tá sainmhíniú éagsúil ag na SA.
Céard iad cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Taighde nua?
- Tuilleadh infheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht do thodhchaí glas agus digiteach
- Torthaí an taighde agus na nuálaíochta a úsáid ar na margaí
- Rochtain níos fearr ar bhonneagar agus áiseanna do thaighdeoirí
- Soghluaisteacht, scileanna agus deiseanna forbartha gairme do thaighdeoirí a chur chun cinn
- Tacaíocht don eolaíocht oscailte agus comhroinnt eolais níos fearr
- An comhionannas inscne a chur chun cinn (is mná iad 48 % de chéimithe an Aontais ar leibhéal dochtúireachta, ach níl ach 1/3 acu ina dtaighdeoirí san Aontas ar fad agus níl ach 1/5 acu san earnáil ghnó)
- Rannpháirtíocht níos láidre ó shaoránaigh agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta
Sprioc infheistíochta: 3 % d’OTI an Aontais a chaitheamh ar an taighde agus ar an bhforbairt.
Fís Eorpach – clár réime an Aontais do thaighde agus nuálaíocht
€95.5 billiún do na blianta 2021-2027.
Le Fís Eorpach, comhlánaítear cistiú náisiúnta agus réigiúnach sa T&N.
- Is é is aidhm do LET agus Fís Eorpach tacú le taighde agus nuálaíocht san Eoraip agus a bpoitéinseal a neartú
- Úsáidtear 3 % den bhuiséad iomlán d’Fhís Eorpach chun an rannpháirtíocht a leathnú agus LET a neartú
Foinsí: An Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Eurostat.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025