Skip to content

Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

An 8 Márta 2022, mhol an Coimisiún Eorpach treoir nua maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac.

Leis na rialacha nua, déanfar coir as réimse cionta, ciorrú ball giniúna ban agus cibearfhoréigean san áireamh.

Cinnteofar leis an treoir freisin go mbeidh na nithe seo a leanas ag íospartaigh:

  • rochtain ar cheartas
  • an ceart chun cúiteamh a éileamh
  • rochtain ar línte cabhracha saor in aisce

Cad is foréigean inscnebhunaithe ann?

Foréigean a dhírítear ar dhaoine i ngeall ar a n-inscne agus a chuireann isteach orthu go díréireach.

Bíonn éifeacht ag an bhforéigean inscnebhunaithe ar mhná de chuid is mó, agus cuireann sé isteach ar an tsláinte mheabhrach agus fhisiciúil, ar an gcáilíocht saoil agus ar an aschur eacnamaíoch.

Cineálacha foréigin inscnebhunaithe

  • Fisiciúil
  • Soch-eacnamaíoch
  • Ciapadh agus gnéaschiapadh
  • Foréigean ó bhéal agus fuathchaint
  • Síceolaíoch
  • Ciorrú ball giniúna ban agus pósadh leanaí
  • Gáinneáil ar dhaoine
  • Foréigean teaghlaigh nó foréigean i ndlúthchaidrimh
  • Gnéasach

Dá ndéanfaí suirbhé ar 10 go 20 bean san Aontas:

D’fhéadfadh miondealú ar na staitisticí an méid seo a leanas a thabhairt le fios:

  • 2 as 10 – líon na mban a ndearna páirtí nó cara leo foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach orthu
  • 3 as 10 – líon na mban a ndearna gaol leo amhlaidh
  • 10 as 20 – líon na mban a ndearnadh gnéaschiapadh orthu

Maraítear beirt bhan, ar a laghad, san Aontas gach lá de dheasca drochíde ó pháirtí dlúthchaidrimh nó ball teaghlaigh

Taithí mná Eorpaí

  • 32% díobh siúd atá freagrach as gnéaschiapadh, baineann siad le saol fostaíochta an íospartaigh
  • os cionn 80% díobh siúd a ndéantar foréigean orthu, ní lorgaíonn siad cabhair ghairmiúil
  • 44% a ndearna páirtí dlúthchaidrimh foréigean síceolaíoch orthu le linn a saoil
  • ní dhéanann ach 22% díobh siúd a ndéanann páirtí dlúthchaidrimh foréigean orthu é sin a thuairisciú

Costas sochaíoch an fhoréigin inscnebhunaithe

€290 billiún de chostais shochaíocha ar leibhéal an Aontais (costais mheasta)

Miondealú ar na costais in %:

  • 67% ceartas coiriúil
  • 14% seirbhísí sláinte
  • 12% leas sóisialta
  • 4% costais phearsanta
  • 2% ceartas sibhialta
  • 1% seirbhísí speisialaithe

Cén dearcadh atá ag saoránaigh an Aontais ar fhoréigean inscnebhunaithe?

(Daonra an Aontais = 447.7 milliún)

  • 85% (nó 380.5 milliún) nach gcreideann gur ábhar príobháideach é foréigean teaghlaigh
  • 88% (nó 394 mhilliún) a chreideann go bhfuil foréigean in aghaidh na mban (84%) agus in aghaidh na bhfear (80%) do-ghlactha agus gur cheart é a bheith inphionóis i gcónaí faoin dlí
  • 98% (nó 438.7 milliún) a cháineann foréigean teaghlaigh in aghaidh na mban agus in aghaidh na bhfear (97%)

Foinsí: Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, Baraiméadar an Aontais

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Lúnasa 2025