Dídeanaithe ón Úcráin san Aontas
B’éigean do na milliúin a mbaile a fhágáil agus tearmann a lorg san Aontas agus sna tíortha comharsanachta mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
I mí an Mhárta 2022, chuir an tAontas an treoir um chosaint shealadach i ngníomh, scéim éigeandála den Aontas a úsáidtear in imthosca eisceachtúla ina mbeadh mórphlódú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cosaint láithreach chomhchoiteann a chur ar fáil do dhaoine easáitithe
- brú a laghdú ar chórais tearmainn náisiúnta thíortha an Aontais
I measc na gceart faoin scéim cosanta sealadaí tá cead cónaithe, rochtain ar an margadh saothair agus tithíocht, cúnamh leighis, agus rochtain ar oideachas do leanaí.
Faoi láthair, baineann os cionn 4.2 milliún duine ón Úcráin tairbhe as an scéim cosanta sealadaí. Sonraí go dtí mí na Samhna 2023.
Dídeanaithe ón Úcráin a thairbhíonn de chosaint shealadach san Aontas
Seo a leanas príomhthíortha an Aontais a óstálann tairbhithe de chosaint shealadach ón Úcráin:
- An Ghearmáin (1 235 960 dhuine)
- An Pholainn (955 110)
- An tSeicia (369 330)