"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Tháinig ceannairí an Aontais agus na comhpháirtithe sóisialta le chéile sa Bhruiséil don Chruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach. Ba é príomhthéama an chruinnithe mullaigh 'An Eoraip a thabhairt ar ais ar an mbóthar ceart i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach mar shuíomh tarraingteach iomaíoch atá fabhrach don infheistíocht agus lena gcosnaítear agus lena gcruthaítear poist ardcháilíochta'.
Phléigh na rannpháirtithe na saincheisteanna seo a leanas:
an tAontas a neartú sa timpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach
an Eoraip a thabhairt ar ais ar an mbóthar ceart mar shuíomh gnó agus suíomh infheistíochta tarraingteach, lena gcothaítear ár samhail Eorpach agus poist Eorpacha
I measc na bpointí a ardaíodh le linn an phlé, pléadh an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i bhforbairt scileanna, a mhéid a bhaineann le poist ardcháilíochta a chruthú agus a chothabháil agus a mhéid a bhaineann le hiomaíochas foriomlán an Aontais. Phléigh na rannpháirtithe freisin tionchar leanúnach na staide geopholaitiúla, ina measc an cogadh san Úcráin agus taraifí trádála atá ag dul i méid, agus a thábhachtaí atá sé ní hamháin an aontacht inmheánach a choinneáil i bhfianaise na ndúshlán sin, ach freisin comhghuaillíochtaí láidre a thógáil leis na comhpháirtithe seachtracha.
I measc na n-ábhar eile a pléadh le linn an chruinnithe mullaigh, sa bhreis ar an gcosaint, luadh an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí, agus an méid seo a leanas leis; ábharthacht an bheartais chomhtháthaithe maidir le hiomaíochas an Aontais a mhéadú; an gá atá leis an ‘mailís shóisialta’ a chomhrac agus daoine óga a spreagadh chun go mbeidh dearcadh níos dearfaí acu i leith na todhchaí; agus an ról ríthábhachtach atá ag an gcómhargáil.
Tá idirphlé láidir idir na ceardchumainn agus na fostóirí — ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil — i gcroílár ár samhla sóisialta Eorpaí. De réir mar a dhéantar athruithe móra ar ár ngeilleagair, is riachtanaí ná riamh é an t-idirphlé sin chun poist ardcháilíochta a chothú, chun borradh a chur faoinár n-iomaíochas, agus chun todhchaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil le chéile.
António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Cúlra
Cad é an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach?
Is fóram é an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach don idirphlé idir uachtaráin institiúidí an Aontais agus ardbhainistíocht na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh comhchathaoirleacht ar an gcruinniú mullaigh.
I measc na gcomhpháirtithe sóisialta rannpháirteacha ar an leibhéal Eorpach tá:
BusinessEurope
Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC)
SGI Europe (comhlachas gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta)
SMEunited (an comhlachas Eorpach um ghnóthais cheardaíochta agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide)
Eurocadres (comhairle na foirne gairmiúla agus bainistíochta Eorpaí)
Thar ceann uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ghlac Aire Gnóthaí an Aontais Eorpaigh na Polainne,Adam Szłapka, agus Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne, Agnieszka Dziemianowicz-Bąk, páirt sa chruinniú freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.