- Cruinnithe idirnáisiúnta aireachta
An Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Túinéis, 17/05/2019, 17 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
Rinne an Chomhairle Comhlachais an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Túinéis a mheas. Rinne sí a marana ar an gcomhpháirtíocht phribhléideach idir an tAontas agus an Túinéis agus na chéad chéimeanna eile nach mór a thógáil a phlé.
Is deis atá i gcruinniú an lae inniu lenár marana a dhéanamh ar ár gcomhpháirtíocht phribhléideach. Is díol sásaimh dom an dul chun cinn iontach a rinneadh le bliain anuas, bliain a raibh an-bhiseach uirthi, go háirithe i dtaca le tacú le huaillmhianta na hóige sa Túinéis. Chuireamar ár n-ainm inniu le pacáiste maoiniúcháin dar luach EUR 60 milliún mar chuid den chlár EU4Youth d'óige na Túinéise, go háirithe dóibh siúd ar íogair dá gcás ó thaobh na socheacnamaíochta de. Eiseamláir luachmhar í an Túinéis don chomhdhlúthú daonlathach. Tá an tAontas níos tiomanta anois ná riamh do thacú leis an Túinéis gona athchóiriú struchtúrtha. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thug an Chomhairle seo deis don dúinn leanúint den idirphlé leis an Aontas maidir le caidreamh an Aontais leis an Túinéis feasta. Chuireamar i láthair uaillmhian na Túinéise agus ár bhfís don am atá le teacht. Phléamar cé mar a d'fhéadfaí deis a thabhairt dár gcuid mac léinn, dár lucht taighde, dár ndaoine óga deiseanna a thapú san Aontas Eorpach chun go rachadh sin chun leasa an dá pháirtí, an Túinéis agus an tAontas. Khemaies Jhinaoui, Aire Gnóthaí Eachtracha na Túinéise
Nuair a chríochnaigh an cruinniú, foilsíodh preasráiteas comhpháirteach:
Dhírigh an Chomhairle Comhlachais ar phríomhthéamaí na comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Túinéis, lena n-áirítear:
- tacaíocht don fhorbairt shocheacnamaíoch agus don chaidreamh trádála, go háirithe don tábhacht a bhaineann leis na hathchóirithe struchtúracha agus socheacnamaíocha atá ag dul ar aghaidh
- leanúint leis an aistriú chuig an daonlathas agus leis an bpróiseas díláraithe, lena n-áirítear cur chun feidhme an Bhunreachta agus an athchóirithe bhreithiúnaigh
- an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Túinéis don óige, leanúint de chur le cuimsiú eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil óige na Túinéise, lena n-áirítear clár de chuid EU4Youth a shíniú
- soghluaisteacht agus imirce, lena n-áirítear an imirce dhleathach agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí
Rinne an Chomhairle Comhlachais a machnamh chomh maith ar a bhfuil i ndán don chaidreamh déthaobhach feasta, go háirithe i bhfianaise na dtosaíochtaí a bhainfidh leis an gcomhpháirtíocht tar éis 2020. Ina theannta sin, rinne Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini, agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Túinéise, Khemaies Jhinaoui, plé ar shaincheisteanna eile a bhaineann leis an leas coiteann; mar atá cúrsaí sa réigiún ó thaobh slándála de agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
- Tuarascáil ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Túinéis faoi chuimsiú an bheartais comharsanachta athbhreithnithe
- An Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Túinéis, 15 Bealtaine 2018
- Toscaireacht an Aontais chun na Túinéise (SEGS)
- Trádáil idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis (An Coimisiún Eorpach)
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinnithe idirnáisiúnta aireachta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025