Skip to content

Tairiscintí an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) a óstáil

Féachann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) le háirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht stuamachta éifeachtach chomhsheasmhach ar fud earnáil bhaincéireachta na hEorpa. I measc cúraimí eile, déanann ÚBE rioscaí agus leochaileachtaí in earnáil baincéireachta an Aontais a mheasúnú trí thuarascálacha rialta measúnaithe riosca agus trí thástálacha struis ar fud an Aontais.

Chaith airí AE27 vóta, ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50) a bhí ar siúl ar an 20 Samhain 2017, maidir leis na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí. Is é Páras, sa Fhrainc, an suíomh atá roghnaithe do ÚBE.