Skip to content

Global Gateway

Is é Global Gateway straitéis an Aontais chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh ar fud an domhain idir 2021 agus 2027.

Infheistíochtaí an Aontais ar fud an domhain

Is scáth-théarma é Global Gateway le haghaidh straitéis an Aontais a bunaíodh chun borradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain.

Ba é aidhm bhunaidh an Aontais suas le €300 billiún d’infheistíochtaí a shlógadh ar fud an domhain idir 2021 agus 2027. I mí Dheireadh Fómhair 2025, d’fhógair an Coimisiún gur baineadh amach an sprioc sin, agus leag sé síos cuspóir nua €400 billiún d’infheistíochtaí a shlógadh faoi 2027.

Prionsabail agus luachanna

Na 6 phríomhphrionsabal i gcroílár Global Gateway, lena dtreoraítear na hinfheistíochtaí:

luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin

dea-rialachas agus trédhearcacht

comhpháirtíochtaí comhionanna

glas agus glan

dírithe ar an tslándáil

borradh a chur faoin earnáil phríobháideach

Is é Global Gateway rannchuidiú an Aontais leis an mbearna infheistíochta dhomhanda a laghdú ar fud an domhain. Tá sé i gcomhréir le:

  • Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe
  • Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide

Trí Global Gateway, oibríonn an tAontas i gcomhar le G7 tríd an gComhpháirtíocht um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda.

Chun tacú le tíortha comhpháirtíochta, braitheann an tAontas ar raon uirlisí airgeadais agus buiséadacha faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI). Príomhghné den chreat sin is ea an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (EAG), a chuidíonn le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh agus rioscaí airgeadais á laghdú ag an am céanna agus is uirlis lárnach seachadta í do thionscadail Global Gateway.

An 30 Márta 2026, ghlac an Chomhairle leasuithe spriocdhírithe chun éifeachtúlacht EAG a mhéadú. Leis na rialacha nuashonraithe, simpleofar cuid de na nósanna imeachta agus beifear in ann úsáid níos solúbtha a bhaint as acmhainní, rud a neartóidh cumas an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le hinfheistíocht agus rioscaí airgeadais a bhainistiú ar bhealach níos fearr ag an am céanna
  • gníomhú mar chomhpháirtí domhanda iontaofa straitéiseach

Tionscadail shuaitheanta

I mí na Nollag 2025, d’fhormhuinigh Ballstáit an Aontais liosta na dtionscadal suaitheanta do 2026, lena gcumhdaítear 256 thionscnamh.

Na tionscadail a roghnaigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais mar thionscadail shuaitheanta, is samplaí tábhachtacha iad de spriocanna insoláthartha Global Gateway i réimsí na seirbhísí digiteacha, na haeráide agus fuinnimh, an iompair, na sláinte, an oideachais agus an taighde.

Leis na príomhthionscnaimh seo a roghnaíodh, léirítear an tacaíocht chuimsitheach a chuireann an tAontas agus a Bhallstáit ar fáil do chomhpháirtithe ar fud an domhain, agus béim á leagan ar na hearnálacha ina ndéantar na gníomhaíochtaí, chomh maith leis na tíortha agus na réigiúin lena mbaineann. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuidíonn siad freisin le comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais a neartú agus leasanna comhroinnte a chur chun cinn.

Murab ionann agus blianta roimhe seo, ní thugtar isteach tionscadail nua le liosta 2026. Ina ionad sin, déanann sé punann reatha na dtionscadal suaitheanta a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú chun tionchar Global Gateway a léiriú ar bhealach níos fearr, agus chun faireachán níos éifeachtaí ar a dhul chun cinn a éascú.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta de thionscadail shuaitheanta, ach is iarracht é uirlis a chur ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit chun cumarsáid agus infheictheacht straitéiseach a chur chun cinn i dtaca le rannpháirtíocht an Aontais lena chomhpháirtithe agus chun tairbhí nithiúla a chur ar fáil do phobail áitiúla.

Déantar an roghnú i gcomhréir le rialachas Global Gateway agus cuirtear san áireamh ann ionchur ón gCoimisiún, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ó na Ballstáit. Nuair a bheidh tionscadal curtha leis an liosta, beidh sé fós ina thionscadal suaitheanta go dtí go gcuirfear i gcrích é.

I mí an Mheithimh 2026, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Global Gateway, ina n-athdhearbhaítear gurb í straitéis infheistíochta dhomhanda an Aontais í chun comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a fhorbairt agus chun acmhainní poiblí agus príobháideacha a shlógadh d’fhonn an bhearna infheistíochta dhomhanda a dhúnadh. Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir freisin go bhfuil sí tiomanta Global Gateway a chur chun cinn mar ghné lárnach de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Meitheamh 2026