- Nuacht
- 11 Eanáir 2022 10:36
Is oth leis an gComhairle bás David Sassoli
Cuireann an Chomhairle in iúl gur ábhar mór bróin di bás tragóideach David Maria Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
Déanann an Chomhairle comhbhrón ó chroí lena theaghlach, lena chairde agus lena chomhghleacaithe. Crochtar bratacha an Aontais ar leathchrann in ómós don Uasal Sassoli.
Is cúis bhróin dom é gur cailleadh David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, arb Eorpach dílis agus paiseanta é. Airímid uainn a shuáilceas, a fhlaithiúlacht, a chairdiúlacht agus a mheangadh gáire cheana féin. Comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus a chairde. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Déanann Uachtaránacht na Fraince comhbhrón lena theaghlach agus lena dhlúthchairde, mar aon le Parlaimint na hEorpa ina hiomláine, áit a raibh David ina fheisire agus inar léirigh sé dínit, gairmiúlacht agus tiomantas mar Uachtarán. Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024