Skip to content
  • Nuacht
  • 24 Iúil 2023 11:45

Dóiteáin foraoise sa Ghréig: cúnamh dóiteáin curtha ar fáil ag an Aontas

Tá séasúr falscaí an-dian roimh an nGréig faoi láthair agus an tír ag tabhairt aghaidh ar an tonn teasa is faide ina stair thaifeadta.

Leis an sásra Aontais um chosaint shibhialta, tá tacaíocht á cur ar fáil chun dóiteáin foraoise a chomhrac.

Tar éis iarraidh a fháil ó údaráis na Gréige, tá an tAontas agus a Bhallstáit tar éis an méid seo a leanas a shlógadh:

  • eitleáin ón bhflít #rescEU atá lonnaithe sa Fhrainc agus san Iodáil
  • foirne comhraic dóiteáin, lena n-áirítear feithiclí éigeandála, héileacaptair agus na céadta comhraiceoirí dóiteáin

Ina theannta sin, tá satailít éigeandála Copernicus ag cuidiú le léarscáileanna measúnaithe damáiste a chur ar fáil de na limistéir atá buailte.

Bíonn Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha 24/7 an Aontais i dteagmháil le húdaráis na Gréige go rialta chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus cúnamh an Aontais a chur ar fáil.

Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn sásra an Aontais um chosaint shibhialta:

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024