Skip to content

An Chosaint Shibhialta san Aontas

Is féidir le haon tír ar domhan cúnamh a iarraidh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nuair a sháraíonn éigeandáil a gcumas freagartha i gcás tubaistí.

Cad is cosaint shibhialta ann?

Cuimsítear leis an gcosaint shibhialta bearta coisctheacha chun tionchar éigeandálaí nó tubaistí amach anseo a laghdú mar aon leis an gcúnamh a chuirtear ar fáil do phobail atá i ngátar tar éis tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéanamh an duine.

Ag brath ar chineál na tubaiste, féadfaidh cumaí éagsúla a bheith ar an gcúnamh, mar shampla:

  • oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála
  • comhrac dóiteáin foraoise agus uirbeach
  • imlonnú pearsanra míochaine
  • trealamh leighis agus cógais
  • íonú uisce
  • dídean sealadach éigeandála
  • saoránaigh an Aontais a aisdúichiú go sábháilte

Is minic a bhíonn tíortha a bhuailtear le tubaistí ar mhórscála go hiomlán trína chéile agus go mbíonn srian ar a n-acmhainneacht freagartha. Mar sin tá sé ríthábhachtach freagairt chomhordaithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais ar mhaithe leis an méid a leanas:

  • lena chinntiú go dtugtar cúnamh áit ar gá sin
  • dúbláil iarrachtaí faoisimh a sheachaint

Mar a oibríonn an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

Déanann an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an fhreagairt ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéanamh an duine a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm dó:

  • comhar a chothú idir údaráis náisiúnta cosanta sibhialta
  • feasacht agus ullmhacht an phobail i leith tubaistí a mhéadú
  • cúnamh tapa, éifeachtach agus comhordaithe do na pobail atá buailte a chumasú

Sa bhreis ar 27 dtír an Aontais, tá tíortha áirithe nach tíortha den Aontas iad rannpháirteach sa Sásra: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin.

Is é an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) croílár oibríochtúil an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Déanann sé faireachán ar imeachtaí ar fud an domhain gan stad gan staonadh agus comhordaíonn sí iarrachtaí an Aontais i dtaca le freagairt i gcás tubaistí.

Tacaítear le hoibríochtaí cosanta sibhialta trí léarscáileanna satailíte a chuireann seirbhís bainistithe práinne Copernicus le chéile. Is úsáideach an fhaisnéis gheospásúil bheacht thráthúil a chuireann Copernicus ar fáil chun limistéir atá buailte a shonrú agus chun oibríochtaí fóirithinte tubaistí a phleanáil.

Cuirtear san áireamh leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta díorma Eorpach um chosaint shibhialta. Comhthiomsú deonach sócmhainní arna ngealladh roimh ré ag na Ballstáit lena n-úsáid láithreach san Aontas nó lasmuigh de é sin.

In 2019, bhunaigh an tAontas stoc-charn RescEU, lena gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh:

  • flít d’eitleáin agus héileacaptair comhraicthe dóiteáin
  • eitleáin aslonnaithe leighis
  • foirne leighis éigeandála agus ospidéil machaire
  • stoc-charn de threalamh leighis agus acmhainneachtaí saotharlann soghluaiste
  • acmhainneachtaí braite, dí-éillithe agus stoc-charntha chun freagairt i gcás teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha
  • scáthláin shealadacha
  • iompar agus lóistíocht

Leis an sásra aontais um chosaint shibhialta cuidítear freisin le gníomhaíochtaí um chosc agus ullmhacht maidir le tubaistí na n-údarás náisiúnta a chomhordú agus le dea-chleachtais a mhalartú.

Chun freagairt níos fearr ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo a chinntiú, ghlac an Chomhairle rialachán nua chun an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a neartú i mí na Bealtaine 2021.

Leis na rialacha nua, tugtar acmhainneachtaí breise don Aontas chun freagairt ar rioscaí nua san Aontas agus níos faide i gcéin agus stoc-charn RescEU a threisiú.

Cinneadh glactha ag an Aontas i mí na Samhna 2023 maidir le maoiniú i gcomhair eitleáin agus héileacaptair chomhraic dóiteáin go dtí deireadh 2027.

Beirt bhan a bhfuil seaicéad gorm orthu agus iad ag féachaint ar roinnt léarscáileanna.
Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais (ERCC)

An chosaint shibhialta san Aontas á cur i ngníomh

Is féidir le haon tír ar domhan – agus na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí freisin, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile – a iarraidh ar an sásra Aontais um Chosaint Shibhialta cabhair a thabhairt, nuair a sháraíonn scála éigeandála a cumas freagairt as a stuaim féin.

Tar éis do thír iarratas a dhéanamh ar chúnamh, déanann ERCC an cúnamh nó an saineolas a chuireann na Ballstáit ar fáil a chomhordú agus a shlógadh.

Ó 2001 i leith, rinneadh an sásra um chosaint shibhialta a ghníomhachtú níos mó ná 770 uair laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Ar na gníomhachtuithe a rinneadh le deireanas tá:

  • Cogadh na Rúise ar an Úcráin
  • coinbhleacht sa Mheánoirthear
  • dóiteáin foraoise agus tuilte san Eoraip
  • an crith talún sa Tuirc agus sa tSiria (2023)
  • éigeandáil sláinte COVID-19 (2020-2022)
  • aisdúichithe ón Afganastáin (2021)
Beirt fhear ag glacadh bosca a bhfuil bratach an Aontais air ó eitleán.
Seachadadh trealaimh leighis le linn phaindéim COVID-19.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Mar fhreagairt ar fhogha míleata na Rúise, tá an oibríocht is mó a rinneadh mar chuid den sásra aontais um chosaint shibhialta go dtí seo á comhordú ag an Aontas.

Tá cúnamh ábhartha á chur ar fáil don Úcráin ag tíortha uile an Aontais, chomh maith leis an Íoslainn, an Mholdóiv, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc, an méid seo a leanas san áireamh:

  • soláthairtí leighis
  • gineadóirí cumhachta
  • earraí fothana agus éadaí cosanta
  • trealamh comhraicthe dóiteáin
  • bia agus caidéil uisce

Tá moil lóistíochta bunaithe ag an Aontas sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic chun na hearraí a dhíriú ar an Úcráin ar bhealach níos éifeachtúla.

I bhfianaise an ghá ollmhóir atá le soláthairtí leighis san Úcráin, tá a stoc-chairn straitéiseacha faoi RescEU imscartha ag an Aontas. Tá comhordú á dhéanamh ag an Aontas freisin chun na hothair leighis ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth go géar orthu a aslonnú agus tá mol leighis tiomnaithe oscailte aige in Rzeszów (an Pholainn).

Éigeandáil sláinte COVID-19

Le linn phaindéim COVID-19, chuidigh an tAontas le seachadadh trealaimh leighis agus earraí gaolmhara a chomhordú agus a mhaoiniú ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

Cuireadh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh 260 uair le linn 2020 agus 2022 mar gheall ar éigeandáil sláinte COVID-19 – an líon is mó gníomhachtuithe riamh.

Cuireadh an méid seo a leanas san áireamh leis an gcúnamh a cuireadh ar fáil:

  • tabhartais trealaimh cosanta mar shampla maisc, lámhainní, bríste cosanta agus spéaclaí cosanta
  • foirne leighis agus trealamh leighis
  • vacsaíní
  • cóireáil trasteorann othar
  • saoránaigh den Aontas a bhí sáinnithe a thabhairt abhaile

An chosaint shibhialta agus an t-athrú aeráide

Tá teagmhais adhaimsire mar thoradh ar an athrú aeráide ag éirí níos minice, níos déine agus níos seasmhaí.

Sin é an fáth ar ghlac an Chomhairle conclúidí i mí an Mhárta 2022 lena n-iarrtar go ndéanfaí córais cosanta sibhialta a oiriúnú a thuilleadh dʼiarmhairtí an athraithe aeráide a mhéid a bhaineann le cosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh.

Ós amhlaidh atá, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht
  • a chinntiú go mbeidh acmhainneachtaí leordhóthanacha ar fáil ar an leibhéal náisiúnta
  • tacú le hullmhacht an phobail

Is céim thábhachtach iad na conclúidí sin chun athléimneacht an Aontais a fheabhsú.

Léaráidí ina dtaispeántar an téamh domhanda agus airgead
Costas an athraithe aeráide (Grafaic faisnéise)

Costas an athraithe aeráide (Grafaic faisnéise)

Meitheal na Comhairle um Chosaint Shibhialta

Sa Chomhairle, is í an Mheitheal um Chosaint Shibhialta an comhlacht atá freagrach as saincheisteanna a bhaineann leis an gcosaint shibhialta a phlé, mar shampla, na cinn seo a leanas:

  • tograí reachtacha ón gCoimisiún
  • conclúidí ón gComhairle maidir le hábhair ar leith
  • rannpháirtíocht sa chaibidlíocht i bhfóraim idirnáisiúnta

Anuas air sin, bíonn plé ar bheartais agus malartuithe faoi ábhair ar leith ag an Meitheal. Is í uachtaránacht rothlach na Comhairle a dhéanann cathaoirleacht ar an Meitheal agus a leagann amach an clár oibre.

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Lúnasa 2025