Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 28 Meán Fómhair 2015 23:59

Ráiteas ón Uachtarán Donald Tusk ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí maidir le síochánaíocht

Is cúis áthais dom a bheith anseo inniu agus gealltanas a thabhairt thar ceann an Aontais Eorpaigh go neartófar oibríochtaí síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe. Tá Ballstáit an Aontais fós ar na ranníocóirí airgeadais is mó le síochánaíocht na Náisiún Aontaithe, lena gcumhdaítear níos mó ná aon trian den bhuiséad iomlán don tréimhse 2014-2015.

Cuireann an tAontas misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime i gcrích freisin chun tacú le cuspóirí na Náisiún Aontaithe agus le síochánaíocht na Náisiún Aontaithe. Faoi láthair, tá seacht gcinn déag de mhisin agus d'oibríochtaí maidir le bainistiú géarchéime san Aontas (6 mhíleata agus 11 sibhialta). Leo sin, is féidir an t-ualach a roinnt agus tacú leis na Náisiúin Aontaithe, go háirithe i Mailí, i bPoblacht na hAfraice Láir, sa tSomáil, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus sna Balcáin. 

I gcás na hAfraice, tá an tAontas i gcónaí tiomanta do thacaíocht iomlán a thabhairt d’iarrachtaí na mór-roinne chun a slándáil féin a bhainistiú. Chomhaontaigh an tAontas go méadófar a Shaoráid Síochána don Afraic ó 750 go 900 milliún euro don tréimhse 2014-2016. Inniu, ba mhaith liom an gealltanas a dhearbhú a shainigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh i mí an Mhárta 2015, agus ba mhaith liom a athdhearbhú go bhfuilimid tiomanta iad a chomhlíonadh.

Ar deireadh thiar thall ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an ócáid seo a óstáil. Agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach duine a thug cabhair thábhachtach inniu agus san am atá thart chun tacú le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe maidir le síocháin agus slándáil.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024