Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Nollaig 2015 17:30

Athchóiriú ar chosaint sonraí AE: Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa

An 18 Nollaig 2015, dheimhnigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) na téacsanna comhréitigh a comhaontaíodh le Parlaimint na hEorpa maidir leis an athchóiriú ar chosaint sonraí. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún an 15 Nollaig. Tá an Comhaontú seo i gcomhréir leis an méid a d'iarr an Chomhairle Eorpach go dtabharfaí an chaibidlíocht maidir leis an athchóiriú ar chosaint sonraí chun críche faoi dheireadh na bliana 2015.

Dúirt Félix BRAZ, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle an méid a leanas: "Is comhaontú bunúsach é a bhfuil an-tábhacht leis. Ní hamháin go dtreisítear cearta na saoránach leis an athchóiriú seo, ach cuireann sé na rialacha in oiriúint don aois dhigiteach ar mhaithe le cuideachtaí, agus ag an am céanna laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin. Is téacsanna uaillmhianacha iad ina bhfuiltear ag breathnú chun cinn. Féadfaimid bheith iomlán muiníneach astu."  

Is pacáiste reachtach é an t-athchóiriú ar chosaint sonraí a mhol an Coimisiún in 2012 lena dtabharfar cothrom le dáta na rialacha maidir le cosaint sonraí agus lena ndéanfar iad a nuachóiriú.  Baineann sé le dhá ionstraim reachtacha: an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí (a thiocfaidh in áit Threoir 95/46/CE) agus an Treoir maidir le cosaint sonraí i bhforfheidhmiú an dlí (a thiocfaidh in áit chinneadh réime na bliana 2008 maidir le cosaint sonraí). 

Is ceart bunúsach é go mbeadh cosaint ag daoine i ndáil lena sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil agus is ceart é a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 8) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 16).

An Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí

Is é is aidhm don Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí cur leis an gcosaint a thugtar do dhaoine aonair a bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil agus cur leis na deiseanna gnó atá sa mhargadh aonair digiteach, lena n-áirítear tríd an ualach riaracháin a laghdú. 

Cosaint níos fearr ar shonraí

Ní mór do na prionsabail agus do na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair bheith dílis do chearta agus do shaoirsí bunúsacha, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Leis na cearta treisithe sin maidir le cosaint sonraí, is mó an smacht atá ag na daoine is ábhar do na sonraí (na daoine sin a bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil) ar a gcuid sonraí pearsanta féin: 

  • beidh rialacha sonracha ann lena gceadófar do rialaitheoirí sonraí (na daoine atá freagrach as na sonraí a phróiseáil), sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear an ceanglas maidir le toiliú a fháil ón duine aonair lena mbaineann.
  • is fusa a bheidh sé do dhaoine teacht ar a gcuid sonraí pearsanta.
  • is fearr an fhaisnéis a bheidh ar fáil faoi cad a tharlaíonn do shonraí pearsanta nuair a roinntear iad. Áiríonn sin daoine a chur ar an eolas faoina mbeartas príobháideachta ar bhealach soiléir, simplí, agus féadfar sin a dhéanamh freisin trí dheilbhíní caighdeánaithe.
  • beidh ann an ceart chun sonraí pearsanta a scriosadh agus an ceart "go ligfí sonraí i ndearmad". Féadfaidh duine is ábhar do na sonraí a iarraidh, mar shampla, go ndéanfaí sonraí pearsanta a bailíodh nó a foilsíodh ar líonra sóisialta nuair a bhí sé nó sí ina leanbh a thógáil anuas láithreach.
  • más mian le hógánach atá faoi bhun 16 bliana d'aois leas a bhaint as seirbhísí ar líne, ní mór don soláthróir seirbhíse a fhíorú go bhfuil toiliú faighte ó thuismitheoir. Féadfaidh na Ballstáit an uasteorainn sin a ísliú, ach gan dul faoi bhun 13 bliana d'aois.
  • beidh ann an ceart chun inaistritheachta, lenar féidir sonraí pearsanta a sheoladh ó sholáthraí seirbhíse amháin, amhail líonra sóisialta, go ceann eile. Ní hamháin go gcuirfidh sé sin leis na cearta maidir le cosaint sonraí, ach cuirfidh sé leis an iomaíochas idir soláthraithe seirbhíse freisin.
  • beidh ann an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le leas an phobail nó le leas dlisteanach an rialaitheora. Cuimsíonn an ceart sin leas a bhaint as sonraí pearsanta ar mhaithe le 'próifíliú'.
  • beidh cosaintí coiteanna ann a chlúdóidh próiseáil sonraí pearsanta chun iad a chur i gcartlann nuair is ar mhaithe le leas an phobail é nó ar mhaithe le taighde eolaíochta agus stairiúil nó chun críocha staidrimh.

Lena áirithiú go mbeidh sásamh dlí ar fáil, beidh sé de cheart ag na daoine is ábhar do na sonraí go ndéanfaidh a gcúirt náisiúnta athbhreithniú ar aon chinneadh a rinne a n-údarás cosanta sonraí, beag beann ar an mBallstát ina bhfuil an rialaitheoir sonraí bunaithe. 

Cuirfidh sé leis na deiseanna gnó atá sa mhargadh aonair digiteach

Déantar foráil sa Rialachán maidir le sraith aonair rialacha, a bheidh bailí ar fud an Aontais agus a bheidh infheidhme maidir le cuideachtaí Eorpacha agus cuideachtaí lasmuigh den Eoraip a mbeidh seirbhísí ar líne á dtairiscint acu san Aontas. Fágann sin nach mbeidh rialacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí ag teacht salach ar mhalartú sonraí trasteorann. Déantar foráil ann freisin maidir le comhar méadaithe idir na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais. Cruthóidh sé sin iomaíocht chóir agus spreagfar cuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, leis an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh aonair digiteach. 

Chun costais a laghdú agus ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, déanfar an t-aon chinneadh maoirseachta amháin i gcásanna tábhachtacha trasteorann a mbeidh níos mó ná an t-aon údarás náisiúnta maoirseachta amháin bainteach leo. Leis an sásra sin maidir le hionaid ilfhreastail, ní gá do chuideachta atá gníomhach i mBallstáit éagsúla déileáil ach leis an údarás cosanta sonraí sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht lonnaithe. Leis an sásra sin, foráiltear freisin do chinneadh aonair a bheidh infheidhme ar fud chríoch an Aontais i gcás díospóidí. 

D'fhonn costais riaracháin a laghdú, bainfidh an rialachán feidhm as cur chuige riosca-bhunaithe: féadfaidh rialaitheoirí sonraí na bearta a chur i bhfeidhm de réir an riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sonraí a bhíonn ar bun acu. Bíonn gníomhaíochtaí éagsúla ar bun ag gnólachtaí éagsúla agus baineann rioscaí éagsúla leis na gníomhaíochtaí sin ó thaobh príobháideachta de. Ní dhéantar foráil sa rialachán don réiteach céanna do chách: dá mhéid é an riosca do na sonraí pearsanta i ngeall ar na gníomhaíochtaí, is ea is déine na hoibleagáidí. 

Beidh breis uirlisí ann lena áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le cosaint sonraí agus is fearr a bheidh na huirlisí sin

Sa Rialachán, déantar foráil do raon beart chun cur le freagracht agus le cuntasacht na rialaitheoirí sonraí lena áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha nua maidir le cosaint sonraí. Caithfidh rialaitheoirí sonraí bearta slándála éagsúla a chur chun feidhme, lena n-áirítear an ceanglas, i gcásanna áirithe, fógra a thabhairt faoi sháruithe i dtaca le sonraí pearsanta. Lena áirithiú go mbeidh an Rialachán slán i bhfad na haimsire, tugadh isteach prionsabail maidir le cosaint sonraí d’aon ghnó agus mar réamhshocrú. Na húdaráis phoiblí agus na cuideachtaí sin a dhéanann próiseáil ar shonraí lena mbaineann riosca ar leith, ní mór dóibh oifigeach cosanta sonraí a ainmniú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha. 

Féadfaidh daoine is ábhar do na sonraí, agus, faoi choinníollacha áirithe, eagraíochtaí cosanta sonraí, gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg i gcás nach gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí. D'fhéadfaí fíneáil suas le EUR 20 milliún nó 4% dá láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh ar rialaitheoirí sonraí. 

Ráthaíochtaí maidir le sonraí pearsanta a aistriú amach as Aontas Eorpach

Leagtar síos sa Rialachán na rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Féadfar aistrithe a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha agus cosaintí éagsúla, go háirithe má chinn an Coimisiún go bhfuil cosaint leordhóthanach ann. Caithfear cinntí nua leordhóthanachta a athbhreithniú gach 4 bliana ar a laghad. Beidh na cinntí leordhóthanachta agus na húdaruithe atá ann cheana i bhfeidhm fós go dtí go ndéanfar iad a leasú, a aisghairm nó go gcuirfear cinn eile ina n-áit.   

An Treoir maidir le cosaint sonraí i bhforfheidhmiú an dlí

Is é is aidhm don Treoir go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó chun déileáil le pionóis choiriúla, lena n-áirítear cosaint i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí nó chun na bagairtí sin a chosc. 

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach agus go mbeidh ardleibhéal cosanta ar fáil do shonraí pearsanta daoine aonair agus ag an am céanna go n-éascófar malartú sonraí pearsanta idir údaráis éagsúla um fhorghníomhú an dlí sna Ballstáit éagsúla. 

Raon feidhme níos leithne maidir le cur i bhfeidhm

Cuireadh síneadh leis an treoir nua agus cumhdaítear anois cosaint ina aghaidh bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, le cois na ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. 

Bheadh feidhm ag an Treoir nua maidir le próiseáil trasteorann sonraí pearsanta agus, freisin, maidir le sonraí pearsanta a bheadh á bpróiseáil ag na póilíní agus ag na húdaráis bhreithiúnacha ar an leibhéal náisiúnta amháin. Ní chumhdaítear sa chinneadh réime, a dtiocfaidh an treoir ina áit, ach malartú trasteorann sonraí agus sin amháin. 

Cearta an duine is ábhar do na sonraí

Leis na rialacha, tá cothromaíocht anois ann idir an ceart chun príobháideachta agus an gá atá ann nach nochtfadh na póilíní go bhfuil sonraí á bpróiseáil ag céim luath den imscrúdú. Mar sin féin, liostaítear sa téacs an fhaisnéis sin a mbeidh an duine is ábhar do na sonraí i dteideal a fháil i gcónaí d’fhonn a cheart nó a ceart a chosaint má tá siad in amhras go ndearnadh sárú ar a gcuid sonraí. 

Leis na rialacha, cumhdófar freisin aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. 

Comhlíonadh

Leis an treoir nua, foráiltear go gceapfar oifigeach cosanta sonraí chun cabhrú leis na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le cosaint sonraí. 

Bainfear leas as measúnú tionchair freisin chun comhlíonadh a áirithiú. I gcás gur dócha go mbeidh cearta agus saoirsí daoine aonair go mór i mbaol, i ngeall ar chineál áirithe próiseála, ní mór do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag próiseáil ar leith, go háirithe agus leas á bhaint as teicneolaíocht nua.   

Faireachán agus cúiteamh

Tá téacs na Treorach seo ar aon dul le téacs an Rialacháin lena áirithiú go mbeidh feidhm, i dtéarmaí ginearálta, ag na prionsabail ghinearálta chéanna. Ina theannta sin, tá na rialacha maidir leis an údarás maoirseachta comhchosúil lena chéile, a bheag nó a mhór, toisc go ndéileálann an t-údarás maoirseachta, a bunaíodh leis an Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí, le hábhair a thagann faoin Treoir. Leis an Treoir nua, bheadh an ceart ag aon duine is ábhar do na sonraí cúiteamh a fháil dá mbainfeadh díobháil dóibh mar thoradh ar phróiseáil nach ndearnadh na rialacha a urramú ina leith.                        

NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

An 17 Nollaig, ag cruinniú urghnách, d'fhormhuinigh an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE), ar coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa é, na téacsanna a comhaontaíodh sna cruinnithe trípháirteacha. Mar gheall ar an tacaíocht sin, bhí Coreper in ann an téacs comhréitigh críochnaitheach maidir leis an Rialachán agus leis an Treoir a dheimhniú inniu. Tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh ar na téacsanna, déanfar iad a thíolacadh lena nglacadh ag an gComhairle agus, ina dhiaidh sin, ag an bParlaimint. Tá an chuma air go dtiocfaidh an Rialachán agus an Treoir i bhfeidhm san earrach in 2018.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024