Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 18 Feabhra 2016 18:15

Ráiteas comhpháirteach ó Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh agus ó cheannairí institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an ionsaí sceimhlitheoireachta a rinneadh in Ankara

Cáinimid, ceannairí an Aontais Eorpaigh, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta a rinneadh in Ankara inné.

Déanaimid comhbhrón ó chroí le muintir agus le cairde na n-íospartach agus cuirimid in iúl go seasaimid gualainn ar ghualainn le muintir na Tuirce.

Ní féidir glacadh riamh le gníomhartha sceimhlitheoireachta, is cuma cé is údar leo agus cá háit a dtarlaíonn siad. Cuirfidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit dlús leis na hiarrachtaí uile an sciúirse seo a chomhrac, i gcomhpháirtíocht lena gcomhpháirtithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025