Skip to content

An choireacht a chomhrac

An chaoi a n-oibríonn an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta chun teacht roimh an gcoireacht trasteorann le gur sábháilte é an tAontas Eorpach.

Fulaingíonn 75 mhilliún duine in aghaidh na bliana san Aontas de dheasca na coireachta. Oibríonn an tAontas i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta agus le gníomhaireachtaí an Aontais chun teacht roimh an gcoireacht trasteorann agus roimh an gcoireacht eagraithe.

Díríonn siad in éineacht ar choireanna tromchúiseacha mar shampla smuigleáil daoine, drugaí nó arm tine.

léaráid ina bhfeictear cineálacha éagsúla coireachta

A bhfuil ar bun ag an Aontas chun an choireacht eagraithe a chomhrac

Is bagairt ollmhór í an choireacht eagraithe, ní hamháin ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí agus ar institiúidí Eorpacha, ach ar gheilleagar na hEorpa freisin. Tá roinnt beart á ndéanamh ag an Aontas agus a Bhallstáit in aghaidh na bpríomhghníomhaíochtaí coiriúla i réimsí éagsúla san Eoraip.

Na líonraí coiriúla atá bainteach leis an ngáinneáil ar chineálacha éagsúla drugaí, agus dáileadh na ndrugaí sin, a shainaithint agus díriú orthusan.

Díriú ar na líonraí coiriúla a thagann i dtír ar dhaoine leochaileacha ar mhaithe lena leas eacnamaíoch féin.

Cur leis an teacht aniar atá san Eoraip in éadan na gcibearbhagairtí agus féachaint chuige go mbíonn seirbhísí agus uirlisí digiteacha iontaofa againn.

Comhrac na coireachta - sracfhéachaint ar na figiúirí

Leanann an tAontas cur chuige comhtháite maidir leis an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí, atá á chomhordú ag an ardán EMPACT. Bhí torthaí suntasacha ar iarrachtaí an ardáin sin in 2025.

Obair an Aontais maidir le comhrac na sceimhlitheoireachta

Tar éis sraith ionsaithe ó 2015 i leith, tá bearta éagsúla glactha ag an Aontas chun deireadh a chur leis an sceimhlitheoireacht. Idir sceimhlitheoirí a chosc ar airm a cheannach nó buamaí a thógáil, agus cur i gcoinne an radacaithe an chéad lá riamh.

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Seo í Zita, íospartach na gáinneála

Ainneoin turas fada contúirteach a bheith rompu, theith na mílte íospartach gáinneála, ar chuma Zita, óna dtír dhúchais ag iarraidh éalú ón mbochtaineacht; ach ba é an deireadh a bhí orthu gurbh éigean dóibh géilleadh don daoirse tí.

Léaráid d’fhear, bean agus leanbh agus iad deighilte ina bpíosaí chun gáinneáil ar dhaoine a léiriú

Na blaisíní breise is déanaí

A stylised illustration showing a cannabis leaf, a scattered pile of various pills and capsules, and a syringe against a pale yellow background, representing different types of drugs.
EU drugs policy

EU drugs policy

Léaráid stílithe de thóirse i ngreim láimhe móire, a bhfuil a sholas ag díriú ar dhuine oiriúnach; tá boinn óir scaipthe á scrúdú ag an duine sin le gloine formhéadúcháin, rud a chuireann imscrúdú ar chúrsaí airgeadais in iúl.
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Léaráid i bhfoirm stílithe a léiríonn an choireacht eagraithe, ar a dtaispeántar téada trasnacha gréasáin damháin alla marcáilte le cártaí fianaise ó láthair na coire agus uimhir orthu, agus geimheal, gloine formhéadúcháin, agus mála airgid ar chúlra gorm geal thart ar an ngréasán.
Comhrac an Aontais ar an gcoireacht eagraithe

Comhrac an Aontais ar an gcoireacht eagraithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Meitheamh 2026