Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 22 Márta 2016 16:10

Ráiteas comhpháirteach ó Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh agus ó cheannairí institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil

Tá an tAontas Eorpach faoi chian maidir le híospartaigh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh inniu sa Bhruiséil. Ionsaí ar ár sochaí dhaonlathach oscailte ab ea é.  

Is sa Bhruiséil atá ár n-institiúidí Eorpacha coiteanna á n-óstáil, a bhuí le flaithiúlacht rialtas na Beilge agus muintir na Beilge. Seasann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit go diongbháilte leis an mBeilg, gualainn ar ghualainn, agus tá rún daingean acu dul i ngleic leis an mbagairt seo agus leas á bhaint as gach acmhainn is gá chuige sin.

Is diongbháilte ná riamh atáimid, tar éis an ionsaithe seo is déanaí, chun luachanna agus caoinfhulaingt na hEorpa a chosaint ó ionsaithe dhream na héadulaingthe. Is aontaithe agus diongbháilte a bheimid agus an fuath, an t-antoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht á gcomhrac againn.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024