- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Meitheamh 2016 12:30
Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali): Méadaíonn an tAontas Eorpach buiséad an mhisin gar do EUR 5 milliún
Ar an 6 Meitheamh 2016, mhéadaigh an Chomhairle an buiséad do EUCAP Sahel Mali EUR 4 925 000, rud a fhágfaidh gur EUR 19 milliún é an buiséad iomlán don mhisean anois le haghaidh 2016. Tacaíonn misean sibhialtach an Aontais Eorpaigh leis na trí fhórsaí slándála inmheánacha atá i Mailí: póilíní, gendarmerie agus an garda náisiúnta.
Tar éis na dteagmhas slándála in Bamako, go háirithe an t-ionsaí i mí na Samhna 2015 in Óstán Radisson, agus an t-ionsaí i mí an Mhárta ar chlós Mhisean Míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le Traenáil Fhórsaí Armtha Mhailí, (EUTM Mali), chinn an Chomhairle buiséad EUCAP Sahel Mali a mhéadú. Leis sin, cuirfear feabhas ar chumas an mhisin tacú leis an athchóiriú ar earnáil na slándála i Mailí agus áiritheofar go mbeidh foireann an mhisin á cosaint trí bhearta slándála iomchuí.
Tacaíonn misean EUCAP Sahel Mali le stát Mhailí chun go n-áiritheofar ord bunreachtúil agus daonlathach mar aon leis na dálaí don tsíocháin mharthanach agus chun go n-áiritheofar freisin go gcoinneoidh an stát a údarás ar fud na críche uile. Leis an misean sin, cuirtear oiliúint agus comhairle straitéiseach ar fáil do phóilíní, gendarmerie agus garda náisiúnta Mhailí agus d'aireachtaí ábhartha chun tacú leis an athchóiriú in earnáil na slándála. Tá an misean mar chuid de chur chuige cuimsitheach an Aontais maidir le slándáil agus forbairt sa tSaiheil. Tá péire misean eile de chuid CBSC i bhfeidhm sa réigiún: EUTM Mali, lena gcuirtear le Fórsaí Armtha Mhailí a athstruchtúrú agus a atheagrú trí oiliúint agus trí chomhairle a chur ar fáil agus EUCAP Sahel Niger, lena dtacaítear leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta.
Cuireadh tús le EUCAP Sahel Mali an 15 Aibreán 2014. Is é Albrecht Conze, ón nGearmáin an ceann misin. Cuireadh síneadh lena shainordú go dtí an 14 Eanáir 2017. Tá ceanncheathrú an Mhisin lonnaithe in Bamako, Mailí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024