Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 06-07/06/2016, 6-7 Meitheamh 2016

Príomh-thorthaí

Fuinneamh

Céim mhór chun cinn é an togra seo lena bhfeabhsófar trédhearcacht agus comhsheasmhacht i gcaidreamh seachtrach an Aontais i ndáil le fuinneamh. Is é is aidhm don togra na heasnaimh sa sásra malartaithe faisnéise atá ann faoi láthair a cheartú agus sinn a thabhairt níos gaire don aontas fuinnimh. Déanfar feidhmiú ceart an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh a fheabhsú tuilleadh dá bhíthin sin mar aon le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas.” Is mar sin a labhair Henk Kamp, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na hÍsiltíre agus cathaoirleach an chruinnithe

Chomhaontaigh an Chomhairle Fuinnimh faoi chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh cinneadh lena mbunófar sásra malartaithe faisnéise i ndáil le comhaontuithe idir-rialtasachaagus ionstraimí neamhcheangailteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh.

Is é is aidhm don togra atá beartaithe - ar bloc tógála amháin é i Stráitéis an Aontais Fuinnimh - trédhearcacht agus comhsheasmhacht i gcaidreamh seachtrach an Aontais i ndáil le fuinneamh a fheabhsú agus a sheasamh caibidlíochta i leith tríú tíortha a neartú. Cuideoidh sé leis an margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmiú mar is ceart freisin.

Is ar na heilimintí seo leanas a bunaíodh an comhréiteach:

  • seolfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhaontuithe idir-rialtasacha a bhaineann le gás sula síneofar iad,
  • coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas sula gcuirfear tús le caibidlíocht maidir le gach comhaontú idir-rialtasach agus le linn na caibidlíochta,
  • féadfaidh na Ballstáit an measúnú roimhe sin a iarraidh le haghaidh comhaontuithe idir-rialtasacha eile nach mbaineann le gás,
  • cuirfear gach comhaontú idir-rialtasach nach mbaineann le gás in iúl don Choimisiún “tráth an daingniúcháin”,
  • ní gá ionstraimí neamhcheangailteacha a chur in iúl dó.

Leis an gcomhaontú faoin gcur chuige ginearálta féadfaidh an Chomhairle dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa le hintinn an togra a ghlacadh go críochnaitheach.

Phléigh an Chomhairle an togra le haghaidh rialachán athbhreithnithe i ndáil le bearta chun slándáil an tsoláthair gháis a choimirciú.

Is é is príomhaidhm don togra an éifeacht a d’fhéadfadh a theacht as briseadh sa soláthar gáis a íoslaghdú tríd an gcomhar idir na Ballstáit a fheabhsú agus trína bhfuil bainte amach ag an margadh inmheánach fuinnimh a bhreisiú. Féachtar leis an togra an muinín agus an dlúthpháirtíocht a mhéadú ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na hEorpa freisin.

Díríodh sa phlé ar na nithe seo leanas:

  • comhar agus comhordú níos fearr a bhunú ar bhonn réigiúnach,
  • prionsabal nua dlúthpháirtíochta a bhunú a chuirfear i bhfeidhm go sainordaitheach le linn matalang,
  • ceanglais trédhearcachta a bhunú, go háirithe i ndáil le conarthaí fadtéarmacha tráchtála gáis.

Iompar

Ghlac an Chomhairle sainorduithe trína gceadófar don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta maidir le comhaontuithe cuimsitheacha aeriompair le ceithre phríomh-chomhpháirtí .i. Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), Aontas na nÉimíríochtaí ArabachaCatar agus an Tuirc. A luaithe a thabharfar chun críche iad cuirfear na comhaontuithe sin in ionad na gcomhaontuithe eitlíochta déthaobhacha atá ag Ballstáit faoi láthair leis na tíortha sin.

Rinneamar talamh maith mór inniu le hintinn cumas iomaíochta agus an inbhuanaitheacht in earnáil iompair na hEorpa a mhéadú. Chomhaontaigh an Chomhairle faoi rialacha nua le haghaidh loingseoireacht intíre, ghlac ceithre shainordú nua eitlíochta agus phléigh sí cur chuige comhchoitianta chun dul i ngleic le hastaíochtaí a sceitheann ó ghluaisteáin díosail.” Is mar sin a labhair Melanie Schultz van Haegen, Aire Bonneagair agus Comhshaoil na hÍsiltíre agus cathaoirleach ar chruinniú na Comhairle

Chomhaontaigh an Chomhairle faoi chur chuige ginearálta a ghlacadh freisin i ndáil le rialacha nua lena dtabharfar aitheantasdo cháilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre. Leis an dréacht-treoir sin bunaítear córas aonfhoirmeach deimhniúcháin ar fud an Aontais do gach ball den chriú, idir phrintísigh agus mháistrí báid. Cruthófar ionchais ghairme níos fearr san earnáil agus cuirfear soghluaisteacht thar theorainneacha chun cinn ó thaobh fostaíochta de.

Beidh díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) a sceitheann ó ghluaisteáin díosail. B’fhacthas do na hairí gur cheart iarrachtaía dhéanamhchun soiléiriú a thabhairt maidir le cur i bhfeidhmna reachtaíochta atá ann cheana i ndáil le gairis sháraithele go bhféadfar astaíochtaí NOx a sceitheann ó ghluaisteáin a laghdú. Ag an am céanna tá na rialacha ábhartha cineálcheadaithe á n-athbhreithniú faoi láthair agus ní fada go dtabharfar isteach tástálacha éigeantacha ar astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána.

Sa bhreis air sin, phléigh na hairí ionchur an Aontais sna cainteanna san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) atá ar siúl maidir le beart margadhbhunaithe domhandai dtaca le hastaíochtaí CO2 ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú mar ullmhúchán do chéad chomhdháil eile ICAO. Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn a rinneadh freisin ar an togra chun an creat rialála reatha maidir le sábháilteacht eitlíochta a athbhreithniú lena n-áirítear na chéad rialacha uile-Eorpacha riamh maidir le ladrainn a úsáid agus forálacha tábhachtacha nua i ndáil le hábhair shlándála a bhaineann le sábháilteacht.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025