Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Iúil 2016 16:17

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Tuirc

Cáineann an tAontas Eorpach go láidir an iarracht ar coup a rinneadh sa Tuirc agus athdhearbhaíonn sé go dtacaíonn sé go hiomlán le hinstitiúidí dlisteanacha na tíre. Is bocht leis líon mór na dtaismeach agus seasann sé gualainn ar ghualainn le muintir na Tuirce. Is díol sásaimh don Aontas comhsheasamh na bpáirtithe polaitiúla atá ag tacú le daonlathas na Tuirce.

Iarrann an tAontas ar údaráis na Tuirce, lena n-áirítear na póilíní agus na fórsaí slándála, guaim a choinneáil orthu féin. Is gá gach is féidir a dhéanamh chun tuilleadh foréigin a sheachaint, chun beatha daoine a chosaint agus chun an calm a athbhunú.

Iarrann an tAontas go gcloífí go hiomlán le hord bunreachtúil na Tuirce agus cuireann sé in iúl go láidir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an smacht reachta i réim. Tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofaí lánurraim d’institiúidí daonlathacha uile na tíre, lena n-áirítear an rialtas tofa agus Mórthionól Náisiúnta na Tuirce. Cuireann an tAontas i bhfios go láidir gur gá urraim a thabhairt don daonlathas, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus don cheart atá ag gach duine chun trialach cothroime, i gcomhlíonadh iomlán an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, lena n-áirítear Prótacal 13 maidir le pionós an bháis a dhíothú. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an tAontas Eorpach gur dlúthchuid de acquis an Aontais é diúltú scun scan do phionós an bháis.

Tír is iarrthóir í an Tuirc agus tá sí ar cheann de phríomh-chomhpháirtithe an Aontais. Tá an tAontas fós tiomanta oibriú i gcomhar leis an Tuirc mar thír dhaonlathach, chuimsitheach, chobhsaí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhchoiteanna atá romhainn amach.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024