- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/07/2016, 18 Iúil 2016
Na príomhthorthaí
“Bhí na hairí go léir ar aon tuairim gur gá an fuath sin a bhain stangadh as Nice, Dhaka, Bagdad agus áiteanna eile san Eoraip, san Afraic, sa domhan Arabach agus san Áise a bhaint ó fhréamh. Is bagairt chomhchoiteann do gach uile dhuine dínn í. Cur chuige comhchoiteann, agus sin amháin, a bheidh mar réiteach uirthi.”
Sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
I ndiaidh an ionsaithe a rinneadh in Nice, phléigh na hairí an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. D'fhan siad ina dtost ar feadh nóiméid ag 12.00 mar chomhartha ómóis do na híobartaigh. Rinne na hairí comhbhrón leis an bhFrainc agus chuir siad in iúl go seasann siad gualainn ar ghualainn leis an tír agus go bhfuil siad réidh le leanúint ar aghaidh ag tacú léi sa tSaiheil agus lena hoibríochtaí seachtracha go léir, agus freisin ar bhonn Airteagal 42(7), a d’agair an Fhrainc i mí na Samhna 2015. Phléigh siad an obair leantach atá ar bun maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht chomh maith.
An Tuirc
Phléigh airí an Aontais an scéal is deireanaí sa Tuirc. Ghlac an Chomhairle conclúidí ansin. Cáineann an tAontas an iarracht ar coup a rinneadh sa Tuirc agus athdhearbhaíonn sé go dtacaíonn sé go hiomlán le hinstitiúidí dlisteanacha na tíre.
D’iarr an tAontas freisin go gcloífí go hiomlán le hord bunreachtúil na Tuirce agus chuir sé in iúl go láidir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an smacht reachta i réim. Leag sé béim ar an ngá atá ann an daonlathas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus mheabhraigh sé gur dlúthchuid de acquis an Aontais é diúltú scun scan do phionós an bháis.
Straitéis an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an tSín
Cúpla lá tar éis an 18ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín i mBéising, phléigh an Comhairle an tSín agus ghlac sí straitéis an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an tSín do na blianta amach romhainn.
Plé neamhfhoirmiúil idir airí an Aontais agus John Kerry, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe
In oirchill chruinniú na Comhairle, chaith airí gnóthaí eachtracha an Aontais bricfeasta le Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, John Kerry. Leag siad béim ar an neart atá sa chomhpháirtíocht thrasatlantach agus ar a thábhachtaí atá sí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eachtracha agus dhomhanda.
Phléigh airí an Aontais agus Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe an staid sa Tuirc. Chuir siad a dtacaíocht d’institiúidí dlisteanacha an Aontais in iúl agus d’iarr siad go n-urramófaí an daonlathas agus an smacht reachta. Dhírigh siad freisin ar an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus béim á leagan acu ar an tábhacht a bhaineann le comhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Rinneadh plé freisin ar an staid sa tSiria, sa Libia, sa Rúis agus san Úcráin, mar aon leis an gcaidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Iúil 2016
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Iúil 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Iúil 2016
- Background brief
- Indicative programme - Foreign Affairs Council of 18 July 2016
- Treoir do na meáin: bricfeasta neamhfhoirmiúil le Státrúnaí na Stát Aontaithe, John Kerry
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Ráitis na gComhchathaoirleach - An 25ú Cruinniú Comhchomhairle agus Comhaireachta idir an tAontas Eorpach agus Comhairle Chomhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC) - 18/07/2016
An tríú cruinniú den Chomhdháil Aontachais leis an tSeirbia ar leibhéal na hAireachta - 18/07/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir le Veiniséala - 18/07/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Tuirc - 18/07/2016
Tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 71ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe - 18/07/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Afganastáin - 18/07/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPacastáin - 18/07/2016
Council conclusions on Somalia - 18/07/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSúdáin Theas - 18/07/2016
EUCAP Sahel Niger: síneadh curtha leis an misean, an buiséad comhaontaithe agus an sainordú leasaithe - 18/07/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024