Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Márta 2017 13:05

Glacann an tAontas Eorpach agus an Ailgéir a dtosaíochtaí comhpháirtíochta

Ghlac an tAontas Eorpach agus an Ailgéir a dtosaíochtaí coiteanna comhpháirtíochta ag Comhairle Comhlachais an 13 Márta 2017. Leis na tosaíochtaí comhpháirtíochta, cuirtear creat athnuaite le haghaidh rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhar feabhsaithe ar bun. Comhaontaíodh iad i gcomhthéacs bheartas athbhreithnithe comharsanachta na hEorpa agus straitéis dhomhanda an Aontais maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála.

Seo a leanas na tosaíochtaí comhpháirtíochta i gcomhthéacs an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir go dtí 2020:

  • idirphlé polaitiúil, rialachas, an smacht reachta agus cur chun cinn na gceart bunúsach
  • an comhar, forbairt shocheacnamaíoch agus trádáil, lena n-áirítear rochtain ar an margadh aonair
  • cúrsaí fuinnimh, an comhshaol agus forbairt inbhuanaithe
  • idirphlé straitéiseach agus idirphlé faoin tslándáil
  • gné chearta an duine, lena n-áirítear an t-idirphlé cultúrtha agus idirchreidmheach, an imirce agus an tsoghluaisteacht

Beidh cuid de na tosaíochtaí sin faoi réir comhar teicniúil agus airgeadais a chuirfear chun feidhme faoi chuimsiú chlárthréimhse 2018-2020.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024