- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 29 Márta 2017 14:00
Ráiteas ón gComhairle Eorpach maidir leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe (Airt. 50)
Ráiteas ón gComhairle Eorpach1
Fuair an Chomhairle Eorpach litir inniu ó Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, inar tugadh fógra go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Tagann an fógra seo sna sála ar reifreann an 23 Meitheamh 2016 agus cuireann sé tús le próiseas na tarraingthe siar faoi Airteagal 50 den Chonradh. Is oth linn go bhfuil an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach a fhágáil ach táimid faoi réir don phróiseas atá le leanúint anois againn.
Is é an chéad chéim a bheidh le tabhairt ag an Aontas Eorpach, go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach treoirlínte le haghaidh na caibidlíochta. Sna treoirlínte sin, leagfar amach na seasaimh agus na prionsabail fhoriomlána a bheidh mar bhonn ag an Aontas, arb é an Coimisiún a fheidhmeoidh ar a shon, don chaibidlíocht a dhéanfaidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe.
Sa chaibidlíocht sin, gníomhóidh an tAontas mar aon agus cosnóidh sé leasanna an Aontais. Is é an chloch is mó a bheidh ar ár bpaidrín againn an éiginnteacht a chothaigh cinneadh na Ríochta Aontaithe, do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a laghdú oiread agus is féidir. Dá bhrí sin, cuirfimid tús leis an obair trí dhíriú ar na príomhshocruithe a chaithfear a dhéanamh le go mbeidh ord agus eagar ar an tarraingt siar.
Rachaimid i mbun na gcainteanna seo go ciallmhar agus déanfaimid ár seacht ndícheall teacht ar chomhaontú. Tá súil againn go mbeidh an Ríocht Aontaithe ina dlúthpháirtí againn amach anseo.
Tá an Chomhairle Eorpach comórtha ag an Uachtarán Tusk don 29 Aibreán 2017.
1 Tar éis dó fógra a thabhairt faoi Airteagal 50 CAE, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát a bheidh ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle a bhaineann leis an mBallstát sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024