- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Meitheamh 2017 13:15
Mailí agus an tSaiheil: A chuid gníomhaíochtaí ar mhaithe le tacú leis an tslándáil sa réigiún neartaithe ag an Aontas Eorpach
Inniu, ghlac an Chomhairle cinneadh chun tacú le réigiúnú a dhéanamh ar mhisin de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) i réigiún na Saiheile, eadhon EUCAP Sahel Mali, misean EUCAP Sahel Niger agus EUTM Mali.
Le Cinneadh sin na Comhairle, beifear in ann cill chomhordúcháin réigiúnach a bhunú laistigh de cheann de mhisin shibhialtacha an Aontais, mar atá EUCAP Sahel Mali. Sa chill chomhordúcháin réigiúnach sin, beidh saineolaithe ar an tslándáil agus ar an gcosaint i dtíortha G5 na Saiheile, arna n-imscaradh i Mailí agus i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais chomh maith céanna i dtíortha G5 eile de chuid na Saiheile, eadhon, an Mháratáin, an Nígir, Buircíne Fasó agus Sead.
Le linn na chéad chéime, déanfaidh an chill chomhordúchain réigiúnach measúnú ar riachtanais agus ar easnaimh shlándála agus chosanta thíortha G5 na Saiheile d’fhonn plean cur chun feidhme de chuid CBSC a fhorbairt don réigiún. Cuirfear sa phlean sin moltaí i dtaca le haon chéim eile dá dtiocfaidh tar éis na chéad chéime seo. Béarfaidh an plean sin gur fusa do mhisin CBSC de chuid an Aontais cúrsaí oiliúna a eagrú sa tSaiheil d’oiliúnaithe slándála agus cosanta as tíortha G5 na Saiheile.
Is ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don chomhar trasteorann sa tSaiheil agus do na struchtúir réigiúnacha comhair, agus le feabhas a chur ar chumais náisiúnta thíortha G5 na Saiheile atá atreisiú á dhéanamh ar chur chuige réigiúnach an Aontais sa réigiún.
Tacaíonn an tAontas Eorpach le hiarrachtaí thíortha G5 na Saiheile agus rachaidh siad i gcomhar leo i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne aon bhagairt eile ar an tslándáil agus ar an tsíocháin. Ar an 19 Meitheamh, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Mailí agus leis an tSaiheil, inar cáineadh go láidir an t-ionsaí sceimhlitheoireachta in Bamako (Mailí) ar an 18 Meitheamh. Meabhraítear sna conclúidí sin go bhfuil ag an Aontas Eorpach cur chuige láidir comhtháite ar mhaithe leis an gcobhsaíocht a bhaint amach sa réigiún, lena n-áirítear raidhse iomlán ionstraimí ábhartha sna réimsí seo: an taidhleoireacht, an comhar fadtéarmach um fhorbairt, an tacaíocht do chearta an duine, iarrachtaí cobhsúcháin, an athléimneacht a fhorbairt, an chabhair dhaonnúil, bainistiú imirce, agus an tslándáil, lena n-áirítear misin CBSC.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024