- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 25 Meitheamh 2018 10:15
Na sár-ríomhairí: Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le bonneagar ardteicneolaíochta a fhorbairt
Inniu, chomhaontaigh an Chomhairle dlús a chur le héiceachóras ríomhaireachta ardfheidhmíochta trí bhíthin chomhghnóthas nua Eorpach a bhunú.
Leis an gcomhghnóthas, déanfar maoirseacht ar chomhthiomsú acmhainní san Eoraip d'fhonn sár-ríomhairí a fhorbairt chun mórshonraí a phróiseáil, rud atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra eolaíochta agus shochaíocha atá ann faoi láthair.
Is gá sár-ríomhairí cumhachtacha a bheith againn má táimid chun margaí nua a chruthú agus a fhorbairt ina mbeidh breisluach suntasach. Is iad croílár na n-ardteicneolaíochtaí iad agus tá siad ríthábhachtach d'iomaíochas agus do shlándáil na hEorpa, agus is leo a rachfar i ngleic le dúshláin amhail an t-athrú aeráide a thuar agus táirgí íocshláinte a shamhaltú ar ardleibhéal. Le cinneadh an lae inniu, tugtar tacaíocht do rún uaillmhianach digiteach agus nuálaíochta an Aontais éiceachóras ardfheidhmíochta ríomhaireachta den chéad scoth a bhunú ar fud na hEorpa. Is cuid riachtanach den uaillmhian sin na scileanna cearta a thabhairt do thaighdeoirí agus do nuálaithe chomh maith le rochtain ar eolas nua agus ar theicneolaíochtaí nua a chur ar fáil dóibh. Krasimir Valchev, Aire Oideachais agus Eolaíochta na Bulgáire
Tá an ríomhaireacht ardfheidhmíochta ríthábhachtach do dhigitiú na tionsclaíochta agus don gheilleagar sonraí. Rachaidh na húsáidí iomadúla praiticiúla a bhaineann léi chun tairbhe do réimse leathan earnálacha tionscail agus gnó, agus d'úsáideoirí sa saol acadúil, sna comhphobail eolaíochta agus san earnáil phoiblí, chomh maith.
Tá cumais eolaíocha, iomaíochas tionsclaíoch agus ceannasacht na hEorpa ag brath ar rochtain ar shár-ríomhairí agus ar bhonneagair sonraí den chéad scoth chun cos a choinneáil le dúshláin agus le fadhbanna ár linne, atá ag éirí níos casta de shíor.
Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí
Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bheidh sa chomhghnóthas ríomhaireachta ardfheidhmíochta Eorpach (“EuroHPC”). Soláthróidh sé creat dlíthiúil conarthach eagraíochtúil dá chomhaltaí.
Is iad an tAontas, tíortha aonair an Aontais, tríú tíortha a bhfuil baint acu le Fís 2020 agus comhlachais phríobháideacha a bheidh ina gcomhaltaí den chomhghnóthas.
Beidh baill nua in ann a bheith rannpháirteach sa chomhghnóthas amach anseo.
Feidhmeoidh an comhghnóthas go dtí deireadh na bliana 2026 agus beidh sé lonnaithe i Lucsamburg.
Maoiniú an tionscadail
Maoineofar comhghnóthas EuroHPC as roinnt foinsí: buiséad ginearálta an Aontais, ranníocaíochtaí aonair na mBallstát rannpháirteacha, tríú tíortha rannpháirteacha agus infheistíocht phríobháideach.
Tiocfaidh ranníocaíocht dar luach € 486 milliún ó bhuiséad ginearálta an Aontais: € 386 milliún ón gclár taighde dar teideal “Fís 2020” agus € 100 milliún ón gclár dar teideal “An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa”.
Na chéad chéimeanna eile
Táthar ag súil go dtosóidh an comhghnóthas ag feidhmiú go luath in 2019 ar a dhéanaí d'fhonn an sprioc atá leagtha síos a bhaint amach, is é sin le rá bonneagar réamh-eicseascála agus peiteascála a chur ar fáil don Aontas faoi 2020, agus na teicneolaíochtaí agus na feidhmeanna is gá chun teacht ar chumais eicseascála (lena gceadaítear 1018 ríomh in aghaidh an tsoicind ar a laghad) a fhorbairt thart ar 2022 nó 2023.
Is é an aidhm atá ann ionaid barr feabhais atá ann cheana agus ionaid nua a nascadh agus éiceachóras sár-ríomhaireachta fadtéarmach a chur ar bun san Eoraip.
A ceathair nó a cúig de bhlianta a mhaireann timthriall forbartha sa chéad ghlúin eile teicneolaíochta, de ghnáth.
Cúlra
Is iad na teicneolaíochtaí agus úsáid na sár-ríomhairí cumhachtacha atá i gceist le ríomhaireacht ardfheidhmíochta (na céadta míle nó na milliúin aonad ríomhaireachta, idirnasctha i gcóras aonair nó i ngaireacht, agus iad ag feidhmiú i gcomhthreo le chéile) chun ríomhanna ollmhóra gasta a dhéanamh, ríomhanna atá chomh casta sin nach féidir iad a dhéanamh le ríomhairí ilchuspóireacha.
Ar an 11 Eanáir 2018, mhol an Coimisiún rialachán lena mbunófar comhghnóthas EuroHPC bunaithe ar Airteagal 187 agus ar Airteagal 188 CAE.
Ar an 23 Márta 2017, shínigh roinnt mhaith Ballstát dearbhú EuroHPC, ina dtugtar gealltanas obair a dhéanamh chun bonneagar sár-ríomhaireachta comhtháite den chéad ghlúin eile a fhorbairt.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024