"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 25/06/2018, 25 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

Geilleagar Ciorclach a bhaint amach

Ar an 25 Meitheamh, ghlac an Chomhairle Comhshaoil conclúidí maidir le cur i gcrích phlean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar ciorclach. D’athdhearbhaigh an Chomhairle an cumas atá ag an ngeilleagar ciorclach fás inbhuanaithe a bhaint amach agus spleáchas an Aontais ar amhábhair phríomha neamh-inathnuaite a laghdú, go háirithe trí níos mó táirgí plaisteacha a athchúrsáil. Leag sí béim ar an ngá le breithniú a dhéanamh athuair ar nósanna tomhaltais agus le húsáid neamhriachtanach plaistigh a sheachaint. Chuir sí i bhfios go láidir go bhfuil na geallsealbhóirí go léir freagrach as dul i mbun na gníomhaíochta atá riachtanach don athrú, maidir le dearadh, le húsáid agus le tomhaltas táirgí. Leag sí béim freisin ar a thábhachtaí atá bainistiú fónta ar shubstaintí ar díol imní iad i dtáirgí agus i ndramhaíl i ndáil le timthriallta ábhair neamhthocsainigh a shocrú.

Is é an geilleagar ciorclach an éacht is mó a baineadh amach lenár linn. Táim thar a bheith sásta gur tháinig na hairí ar chomhaontú inniu maidir le gníomhaíochtaí comhchoiteanna chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun feidhme. Caithfimid go léir athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a úsáidimid agus a ídímid plaisteach. Neno Dimov, Aire Comhshaoil agus Uisce na Bulgáire
Cad é an buntáiste atá leis an ngeilleagar ciorclach? Murab ionann agus an múnla traidisiúnta eacnamaíoch, a dhéanann neamhshuim don dramhaíl agus don líon teoranta acmhainní atá againn, tá an geilleagar ciorclach dírithe ar an bhfás inbhuanaithe, ar an dramhaíl a laghdú a mhéid is féidir, agus ar an tairbhe a bhaintear as ábhair éagsúla a chothú.

An geilleagar ciorclach - cén buntáiste atá leis? (Grafaic faisnéise)

Uisce óil

Bhí díospóireacht bheartais, a rinneadh a bheoshruthú, ag na hairí comhshaoil i dtaca leis an treoir maidir le huisce óil, rud a tharla go díreach mar thoradh ar an gcéad tionscnamh rathúil riamh ó na saoránaigh. Leis an treoir maidir le huisce óil cuirtear feabhas ar chaighdeáin an uisce óil, tugtar isteach cur chuige riosca-bhunaithe i ndáil le faireachán a dhéanamh ar uisce agus déantar an fhaisnéis atá ar fáil faoi cháilíocht an uisce mar aon le seirbhísí do thomhaltóirí a chomhchuibhiú.

Caighdeáin CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna

San iarnóin, rinne an Chomhairle díospóireacht bheartais, i ndáil leis an rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna, a bheoshruthú. Phléigh na hairí na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí CO2 a bheartaítear de 15% ó 2025 agus 30% ó 2030 le haghaidh gluaisteáin nua agus veaineanna nua. Rinne na hairí anailís freisin ar an sásra dreasachta a bheartaítear maidir le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn seisiún poiblí, bhí an deis ag an gComhairle éisteacht le cur i láthair ón gCoimisiún i ndáil lena thograí reachtacha nua maidir le caighdeáin CO2 d’fheithiclí tromshaothair, LIFE, athúsáid uisce, plaistigh aonúsáide agus oibleagáidí maidir le tuairisciú comhshaoil a ailíniú. Thug an Coimisiún tuarascáil freisin maidir le tionscnamh an Aontais faoi phailneoirí arb é is aidhm dó beacha meala, beacha fiáine agus feithidí fiáine, ar pailneoirí iad agus atá i mbaol a ndíothaithe, a chosaint.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025