Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 5 Samhain 2020 11:03

Coinníollacht bhuiséadach: Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe na Parlaiminte tagtha ar chomhaontú sealadach

Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le córas ginearálta coinníollachta nua chun buiséad an Aontais a chosaint.

Is cuid den phacáiste beart atá nasctha leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus leis an bplean téarnaimh é an córas coinníollachta. Leis sin, ceadaítear buiséad an Aontais a chosaint i gcás ina suitear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Cumhdaítear cistí uile an Aontais, acmhainní a leithdháileadh trí ionstraim théarnaimh Next Generation EU san áireamh.

Leis an gcomhaontú sealadach leis an bParlaimint, cuirtear leis an treoir pholaitiúil a chuir ceannairí an Aontais ar fáil ag an gcruinniú a bhí acu an 17-21 Iúil 2020. Cuirfear faoi bhráid an dá institiúid é lena fhormhuiniú.

Is cloch mhíle thábhachtach é sin maidir lenár n-iarrachtaí bailchríoch a chur ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais agus ar an bpacáiste téarnaimh. Leis an sásra coinníollachta nua, neartófar cosaint bhuiséad an Aontais i gcás ina mbainfear mí-úsáid as cistí an Aontais de dheasca sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Tá mé thar a bheith sásta gur chuir an dea-chomhar le foireann chaibidlíochta na Parlaiminte ar ár gcumas teacht ar chomhaontú gasta. Is mithid anois teacht ar chomhaontú maidir leis an gcuid eile den phacáiste freisin. Tá pacáiste stairiúil airgeadais €1.8 trilliún ar fáil dúinn. Agus na Ballstáit buailte go dona ag an dara ráig den phaindéim, níl am ar bith le cur amú againn. Michael Clauß, Buanionadaí na Gearmáine chuig an Aontas

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Aibreán 2025