- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Samhain 2020 15:45
An Bhealarúis: Alexandr Lukashenko agus 14 oifigeach eile forchurtha faoi smachtbhannaí mar gheall ar an gcos ar bolg leanúnach
Chuir an Chomhairle 15 chomhalta d’údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear Alexandr Lukashenko chomh maith lena mhac agus lena Chomhairleoir Slándála Náisiúnta, Viktor Lukashenko, leis an liosta de dhaoine aonair atá faoi smachtbhannaí i ndáil le cos ar bolg fhoréigneach agus imeaglú léirsitheoirí síochánta, chomhaltaí an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghchán uachtaránachta na Bealarúise in 2020.
I measc na mbeart sriantach, a bhfuil feidhm acu maidir le 59 nduine ar an iomlán anois, tá toirmeasc ar thaisteal agus reo sócmhainní. Anuas air sin, níl cead ag saoránaigh ná ag cuideachtaí de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.
Leanann an cinneadh sin na conclúidí a ghlac an Chomhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le freagairt an Aontais ar an méid atá ag titim amach sa Bhealarúis, inar cháin an Chomhairle go láidir an foréigean a d’úsáid údaráis na Bealarúise i gcoinne lucht agóide síochánta agus inar chuir sí in iúl go bhfuil an tAontas ullamh chun bearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne eintiteas agus ardoifigeach lena n-áirítear Aleksandr Lukashenko.
Thairis sin, an 24 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais, á rá nach raibh aon dlisteanacht dhaonlathach ag baint leis an ‘insealbhú’ mar a thugtar air agus leis an sainordú nua a d’éiligh Aleksandr Lukashenko, agus d’iarr sé ar údaráis na Bealarúise staonadh láithreach ó aon chos ar bolg nó ó fhoréigean breise atá dírithe ar mhuintir na Bealarúise agus gach duine atá á gcoinneáil, lena n-áirítear príosúnaigh pholaitiúla, a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll.
Foilsíodh na gníomhartha dlí ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine lena mbaineann.
- Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an 6 Samhain 2020
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBealarúis, an 12 Deireadh Fómhair 2020
- An Bhealarúis: Smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas as an gcos ar bolg agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú, preaseisiúint, an 2 Deireadh Fómhair 2020
- An Bhealarúis: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le ‘hinsealbhú’, mar dhea, Aleksandr Lukashenko, an 24 Meán Fómhair 2020
- Caidreamh an Aontais leis an mBealarúis (leathanach beartais)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024