An Bhealarúis
Seasann an tAontas Eorpach le muintir na Bealarúise. Cáineann sé sáruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis, ionsaithe hibrideacha na Bealarúise i gcoinne an Aontais agus a rannpháirtíocht i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Toghcháin chalaoiseacha 2020 agus sáruithe ar chearta an duine
Ní aithníonn an tAontas torthaí thoghcháin uachtaránachta na Bealarúise an 8 Lúnasa 2020; cáineann sé iad ós rud é nach raibh siad saor ná cothrom. Measann sé nach bhfuil aon dlisteanacht dhaonlathach ag Aliaksandr Lukashenka.
Chuir an Chomhairle in iúl roinnt uaireanta idir 2020 agus 2025 gur cúis imní di na sáruithe ata á ndéanamh ar chearta an duine sa Bhealarúis agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí le ceart daonlathach mhuintir na Bealarúise uachtarán a thoghadh trí shaorthoghcháin chóra nua, gan cur isteach seachtrach.
Tá beartas an Aontais i leith na Bealarúise faoi threoir na gconclúidí ón gComhairle an 19 Feabhra 2024, inar athdhearbhaigh an tAontas a thacaíocht bhuanseasmhach do mhuintir na Bealarúise agus iad sa tóir ar shaoirse, ar dhaonlathas, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas a bhaint amach don Bhealarúis le go mbeadh sí mar chuid d’Eoraip shíochánta, rathúil.
Is cúis mhór imní don Aontas an méid seo a leanas:
- staid chearta an duine atá ag dul in olcas sa Bhealarúis
- a feachtais leanúnacha ghéarleanúna agus imeaglaithe i ngach cuid de shochaí na Bealarúise
- an cos ar bolg nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus na srianta ar an rannpháirtíocht pholaitiúil
- gníomhaíochtaí a dhéanann difear d’fhéiniúlacht náisiúnta na Bealarúise
Mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Bealarúise, tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar an mBealarúis. Is é aidhm do na smachtbhannaí sin brú a chur ar cheannaireacht pholaitiúil na Bealarúise tuilleadh foréigin agus cos ar bolg a chosc, gach príosúnach polaitiúil agus gach duine eile atá faoi choinneáil éagórach a scaoileadh saor, agus tús a chur le fíor-idirphlé náisiúnta cuimsitheach leis an tsochaí i gcoitinne.
Rannpháirtíocht i gcogadh na Rúise ar an Úcráin
Tá réimeas Lukashenka ina chomhchoirí i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann.
Cáineann an Chomhairle go láidir an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt ag réimeas Lukashenka don fhogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin agus iarrann sí ar an mBealarúis staonadh ó na gníomhaíochtaí sin agus a hoibleagáidí idirnáisiúnta a urramú.
Tá an Bhealarúis ag cur leis an gcogadh foghach ar an Úcráin ar bhealaí éagsúla, mar shampla:
- cead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ó chríoch na Bealarúise
- iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata na Rúise a chumasú
- cead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt trí aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin
- pointí athbhreoslaithe a chur ar fáil
- airm agus trealamh míleata na Rúise a stóráil sa Bhealarúis
Mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Bealarúise, ó mhí an Mhárta 2022 tá roinnt bearta aonair agus eacnamaíocha glactha ag an Aontas atá ar aon dul leis na smachtbhannaí a glacadh i gcoinne na Rúise.
Ionsaithe hibrideacha ar an Aontas
Sáruithe aerspáis
Cáineann an tAontas na hionsaithe hibrideacha treisithe a rinne an Bhealarúis ar an Aontas agus ar a Bhallstáit agus na sáruithe ar aerspás an Aontais in 2025. Tá rioscaí tromchúiseacha slándála agus sábháilteachta i gceist leis na hionraí sin (go háirithe i gcomhthéacs na heitlíochta sibhialta) agus is é is aidhm dóibh Ballstát an Aontais a dhíchobhsú agus saoránaigh na hEorpa a imeaglú.
Tá na hionsaithe sin á ndéanamh i gcomhthéacs feachtas hibrideach spriocdhírithe níos leithne, mar aon le gníomhaíochtaí eile ar nós smuigleáil státurraithe imirceach. Iarrann an tAontas ar réimeas na Bealarúise deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí sin uile.
Imircigh a úsáid mar uirlis chun críoch polaitiúil
Tar éis an tsuaite pholaitiúil sa Bhealarúis agus na mbeart sriantach a ghlac an tAontas, i mí an Mheithimh 2021 thosaigh an Bhealarúis ar eitiltí agus iompar inmheánach a eagrú chun idirthuras na n-imirceach chun an Aontais a éascú, ar dtús chuig an Liotuáin agus ansin chuig an Laitvia agus chuig an bPolainn. Cáineann an tAontas gach iarracht dá ndéanann tríú tíortha daoine a ionstraimiú chun críoch polaitiúil.
Sna blianta ina dhiaidh sin agus go háirithe tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, tháinig méadú ar an mbrú imirce ar an teorainn thoir, brú atá fós ard. Mar sin féin, tá líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta sách íseal.
Chun freagairt d’fheachtas hibrideach na Bealarúise i gcoinne an Aontais, leathnaigh an Chomhairleraon feidhme na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise i bhfianaise ionstraimiú imirceach (mí na Samhna 2021) agus i bhfianaise na sáruithe ar aerspás sa Liotuáin agus gníomhaíochtaí hibrideacha eile a dhéanann difear do Bhallstáit an Aontais (i mí na Nollag 2025).
Tacaíocht do mhuintir na Bealarúise
A luaithe a rachaidh an Bhealarúis i mbun aistriú daonlathach, cuirfidh an tAontas tacaíocht láithreach, fhadtéarmach ar fáil chun cabhrú leis an tír a geilleagar a chobhsú, a hinstitiúidí a athchóiriú agus tairbhe a thabhairt dá saoránaigh agus dá sochaí.
Chun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha a éascú, chun borradh a chur faoin athléimneacht, chun an acmhainneacht fáis a fheabhsú, agus chun cruthú post a chothú, tá an tAontas faoi réir le pacáiste infheistíochta dar luach suas le €3 bhilliún a shlógadh don Bhealarúis.
Déanfar an plean cuimsitheach maidir le tacaíocht eacnamaíoch don Bhealarúis dhaonlathach a chur chun feidhme trí raon leathan ionstraimí polaitiúla agus airgeadais. Leis na hionstraimí sin, athneartófar na cláir thacaíochta ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. Tá an tAontas ag súil go gcuirfeadh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda dlús freisin leis an tacaíocht don tír a luaithe a bheidh aistriú daonlathach ar siúl sa Bhealarúis.
Ó mhí Lúnasa 2020 i leith, mhéadaigh an tAontas a thacaíocht airgeadais do mhuintir na Bealarúise. Tá cúnamh airgeadais ón Aontas ag dul chun tairbhe go díreach do shaoránaigh trí thionscnaimh shibhialta agus na meáin neamhspleácha a threisiú, trí shoghluaisteacht agus scoláireachtaí a éascú agus trí thacú le FBManna agus leis na hearnálacha sláinte agus cultúrtha.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis, agus i bhfianaise ról comhpháirteach réimeas na Bealarúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, d’atreoraigh an tAontas a chúnamh chuig gníomhaithe neamhstáit, agus thug sé tacaíocht shuntasach do mhuintir na Bealarúise i sé phríomhearnáil: an tsochaí shibhialta, cearta an duine, na meáin neamhspleácha, an t-oideachas, an cultúr agus FBManna ar deoraíocht.
Ó 2020 i leith, is é €200 milliún luach an chúnaimh airgeadais a thug an tAontas do mhuintir na Bealarúise tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI).
Smachtbhannaí i gcoinne réimeas na Bealarúise
D’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí fairsinge i gcoinne na Bealarúise mar fhreagairt ar na nithe seo a leanas:
- toghcháin chalaoiseacha 2020 agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine atá á ndéanamh ag údaráis na Bealarúise ar chearta an duine
- rannpháirtíocht réimeas na Bealarúise i bhfogha míleata na Rúise faoin Úcráin
- ionsaithe hibrideacha i gcoinne an Aontais, lena n-áirítear imircigh a úsáid mar uirlis chun críoch polaitiúil agus sáruithe aerspáis
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Bealarúise
Rannpháirtíocht Chomhpháirtíocht an Oirthir curtha ar fionraí
Idir 2014 agus 2020 - roimh thoghcháin chalaoiseacha mhí Lúnasa 2020 - tháinig feabhas beag ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis.
I mí Feabhra 2016, d’aithin an Chomhairle na céimeanna a ghlac an Bhealarúis chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis agus chinn sí deireadh a chur le cuid de na smachtbhannaí a forchuireadh cheana i gcoinne na Bealarúise.
In 2016, cuireadh tús arís leis an idirphlé maidir le cearta an duine idir an tAontas agus an Bhealarúisagus ghlac an Bhealarúis plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine do 2016-2019. Tugadh an chaibidlíocht maidir le comhpháirtíocht soghluaisteachta i gcrích in 2017, agus tháinig comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú agus um athligean isteach i bhfeidhm an 1 Iúil 2020.
Tháinig deireadh leis an gcaidreamh feabhsaithe sin, áfach, mar gheall ar mheath ollmhór arstaid fhoriomlán chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta sa Bhealarúis le linn thoghcháin mhí Lúnasa 2020, le linn sheoladh na dtoghchán sin agus ina ndiaidh.
Mar gheall ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ar agóideoirí síochánta agus ar na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine tar éis na dtoghchán uachtaránachta, rinne antAontas an comhar déthaobhach le húdaráis na Bealarúise a laghdú agus d’fhorchuir sé sraith smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise.
I mí an Mheithimh 2021, d’fhógair an Bhealarúis godtarraingeodh sí siar ó Chomhpháirtíocht an Oirthir agus gur cuireadh an comhaontú um athligean isteach leis an Aontas ar fionraí, chomh maith le struchtúir eile atá i bhfeidhm cheana, cuir i gcás an t-idirphlé idir an tAontas agus an Bhealarúis maidir le cearta an duine.
Chuir an tAontas an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú leis an mBealarúis ar fionraí i mí na Samhna 2021.
Féach freisin
Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn
Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Bagairtí hibrideacha
- Molta ag an Aontas dúliostú a dhéanamh ar oibreoirí iompair a bhfuil baint acu le smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine a éascú (an Coimisiún Eorpach)
- Comhpháirtíocht an Oirthir
- An tAontas agus an Bhealarúis (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
- Ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na Bealarúise
An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Eanáir 2026