Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Nollaig 2021 15:05

Conclúidí maidir le plean nua chun soláthar bia na hEorpa a chosaint formheasta ag an gComhairle

D’fhormheas na hairí feirmeoireachta conclúidí maidir le plean chun córas soláthair bia an Aontais a chosaint ar bhagairtí a bheidh ann amach anseo. Leis an bplean teagmhasach le haghaidh soláthar bia agus slándáil bia, a d’fhorbair an Coimisiún mar chuid den straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, cabhrófar leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, lena n-áirítear adhaimsir, saincheisteanna a bhaineann le sláinte plandaí agus ainmhithe, agus ganntanais ionchur tábhachtach amhail leasacháin, fuinneamh agus saothar..

Sna conclúidí uaithi, is díol sásaimh don Chomhairle an plean teagmhasach atá beartaithe agus aithníonn sí gur gá córas bia na hEorpa a sheasfaidh an aimsir i gcoinne rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Cé gur éirigh leis na sásraí atá ann cheana na héifeachtaí is measa a bhain leis an bpaindéim is déanaí a mhaolú, aontaíonn na hairí gur cheart do na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 cur le cur chuige an Aontais i leith na dtubaistí a bheidh ann amach anseo.

Go háirithe, cuireann na Ballstáit i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an margadh inmheánach, agus áitíonn siad gur cheart soghluaisteacht trasteorann daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil a choimeád i gcás géarchéime. Thairis sin, tacaíonn siad le sásra buan a chruthú chun maoirseacht a dhéanamh ar leibhéal ullmhachta na hEorpa maidir le bagairtí ar an tslándáil bia.

Aithníonn na hairí freisin gur gá na huirlisí atá ann cheana a neartú agus a fhorbairt chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil bia, seachas iad a fhorluí, agus inniúlachtaí náisiúnta a urramú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ar deireadh, cuireann siad chun suntais a thábhachtaí atá cumarsáid éifeachtach le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun muinín an phobail a chothú.

Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Léirítear sna conclúidí sin tiomantas na mBallstát soláthar bia na hEorpa a chosaint ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann. Trí chur leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime, is féidir linn a chinntiú go ndéanfar ár bhfreagairt ar ghéarchéimeanna amach anseo a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus go mbeifear in ann leanúint de ghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí thar theorainneacha.
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

Cúlra

Le tús phaindéim COVID-19, léiríodh leochaileacht bhiashlabhra na hEorpa i ndáil le dúshláin mhóra soláthair. Cé gur chuidigh na bearta atá ann cheana faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus faoi bheartais ábhartha eile de chuid an Aontais leis na ganntanais ba mheasa a mhaolú agus dlús a chur leis an téarnamh, ba léir gur gá pleanáil a dhéanamh do ghéarchéimeanna amach anseo.

Le foilsiú na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige bearta sonracha a ghlacadh chun soláthar bia an Aontais a chosaint ar bhagairtí amhail an phaindéim le déanaí, adhaimsir, galair ainmhithe, ganntanas fuinnimh nó suaitheadh ar chaidreamh trádála. Is é is aidhm do na bearta sin a chinntiú go mbeidh rochtain ag muintir na hEorpa ar bhia sábháilte, ilchineálach agus cothaitheach i gcónaí, lena n-áirítear le linn tréimhse géarchéime.

An 12 Samhain 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht inar leagadh amach na bearta a dhéanfadh sé chun plean teagmhasach a chur i bhfeidhm chun an tslándáil bia a chinntiú san Eoraip. Áirítear orthu sin sásra ullmhachta agus freagartha i gcás géarchéim Eorpach i ndáil le slándáil Bia (EFSCM) a chruthú, a chuirfear i bhfeidhm i gcás géarchéime. Tiocfaidh grúpa saineolaithe ar a mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit, geallsealbhóirí ábhartha agus ionadaithe ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a bhfuil dlúthnaisc acu le biashlabhra an Aontais le chéile ó am go chéile chun a chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach go hiomlán ullamh do dhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar bia.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025