Skip to content

Iascach

Foghlaim faoi rialacha an Aontais maidir le stoic éisc a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus ró-iascaireacht a chosc. 

Tá acmhainní éisc teoranta agus féadfaidh tionchar a bheith ag an ró-iascaireacht ar mharthanas stoic. Tá rialacha leagtha síos ag an Aontas chun inbhuanaitheacht na n-aigéan agus thionscal na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe a chinntiú.

Is é is aidhm do chomhbheartas iascaigh an Aontais éisc a chur ar fáil do thomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta, rud a chuideoidh le hearnáil an iascaigh a choinneáil láidir.

Iascaire a bhfuil bradóg ina lámh aici agus iascaire eile a bhfuil bosca lán éisc ina lámh aige.

Spriocanna bheartas iascaigh an Aontais

Faoina chomhbheartas iascaigh rialaíonn an tAontas gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe, socraíonn sé cuótaí iascaireachta, agus cosnaíonn sé an t-iascach agus na haigéin.

Stoic a chaomhnú

Ró-iascaireacht a sheachaint agus acmhainneacht atáirgthe stoc éisc a chinntiú

An tionscal a choinneáil iomaíoch

Na coinníollacha le haghaidh earnáil bhrabúsach iascaireachta agus dobharshaothraithe a chumasú

Deiseanna a chomhroinnt

Cuótaí iascaireachta cothroma a shocrú i measc thíortha an Aontais

Éiceachórais muirí a chaomhnú

Na haigéin, speicis agus a ngnáthóga a chaomhnú

An tslí a mbainistítear stoic éisc

Leagann an tAontas síos teorainneacha maidir le líon na n-iasc is féidir a ghabháil chun acmhainní iascaireachta a chosaint. Tá sé sin ríthábhachtach chun earnáil iascaigh inmharthana a bheith ann san Aontas. Déantar teorainneacha gabhála a shainiú gach bliain le haghaidh breis agus 200 speiceas tráchtála i gcomhréir le comhairle eolaíoch neamhspleách.

Ina theannta sin, glacann an tAontas pleananna ilbhliantúla do limistéir shonracha farraige chun caomhnú fadtéarmach a chinntiú. Cabhraíonn na bearta chun dul i ngleic leis an iascaireacht neamhdhleathach freisin le damáiste d’éiceachórais mhuirí a theorannú.

Bád iascaireachta agus éisc san fharraige.

Cuótaí iascaireachta a shocrú i measc thíortha an Aontais

Tá ról tábhachtach ag an gComhairle maidir le teorainneacha gabhála (‘gabhálacha iomlána incheadaithe’ nó ‘TACanna’) agus cuótaí náisiúnta a shocrú do stoic éisc an Aontais, ós rud é gur limistéar é sin ina bhfuil freagracht iomlán uirthi as an reachtaíocht a ghlacadh.

  1. Comhairliúchán agus moladh: cuireann an Coimisiún togra i láthair le haghaidh teorainneacha gabhála bunaithe ar chomhairle eolaíoch.
  2. An chaibidlíocht: déanann ionadaithe ó thíortha an Aontais anailís agus plé ar an togra i Meitheal na Comhairle um an mBeartas Iascaigh.
  3. Comhaontú: tagann airí thíortha an Aontais ar chomhaontú leis na teorainneacha agus na cuótaí gabhála laistigh den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh.
  4. Glacadh: glacann an Chomhairle an comhaontú go foirmiúil agus bíonn sé ina dhlí.

Laghdú tagtha ar an ró-iascaireacht i gcomparáid le 20 bliain ó shin

A bhuí leis an mbeartas iascaigh agus leis na bearta atá ann chun an iascaireacht a dhéanamh níos inbhuanaithe, tá na stoic éisc ag téarnamh. In 2003, rinneadh ró-iascaireacht ar sheacht stoc as gach deich stoc, ach in 2022 ní raibh tionchar ag ró-iascaireacht ach ar thrí stoc as gach deich stoc. Is laghdú 40 pointe céatadáin é sin ar an ró-iascaireacht le thart ar 20 bliain anuas.

Cé go léiríonn na sonraí sin an tionchar dearfach a bhíonn ag rialacha an Aontais ar shláinte na stoc éisc, is dúshlán atá sa ró-iascaireacht i gcónaí. Tá stádas na stoc éisc sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt go háirithe ríthábhachtach i gcónaí agus ní mór gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ina leith.

Íomhá a léiríonn gur thit an ró-iascaireacht ó 70% go 30%.

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Tá comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas le comhpháirtithe ar fud an domhain chun acmhainní éisc a bhainistiú agus a chomhroinnt. Trí na comhaontuithe sin, bíonn rochtain ag soithí an Aontais ar uiscí na dtíortha comhpháirtíochta agus ar a stoic éisc.

Is í an Ríocht Aontaithe an príomh-chomhpháirtí, ós rud é go bhfuil thart ar 100 stoc éisc á gcomhroinnt ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe.

Na blaisíní breise is déanaí

Colláis ina bhfuil feirmeoir ag tabhairt aire do phlandaí i ngarraí; cabáiste, cearca agus ciseán trátaí aibí taobh leis.
Feirmeoireacht orgánach

Feirmeoireacht orgánach

Léaráid de choimeádáin loingseoireachta chruachta atá marcáilte le bratacha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, agus deilbhíní airgeadra agus trádála ar snámh thuas.
Comhaontuithe tar éis Brexit

Comhaontuithe tar éis Brexit

Feirmeoir a bhfuil canna bainne ina lámh aige ina sheasamh in aice le duine eile a bhfuil cráta atá lán le glasraí úra á iompar aige. Sa chúlra, tá ba ag innilt gar do theach feirme, rud a léiríonn gníomhaíochtaí talmhaíochta agus feirmeoireachta.
An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe

An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026