Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 12-13 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Iascach

Deiseanna iascaireachta san Atlantach, sa Mhuir Thuaidh, sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022

Le linn an chruinnithe dhá lá, ghlac na Ballstáit páirt i gcomhairliúcháin thríthaobhacha chun deiseanna iascaireachta a chinneadh don chuid is mó de stoic thráchtála in uiscí an Aontais agus in uiscí lasmuigh den Aontas, sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Deiseanna iascaireachta san Atlantach, sa Mhuir Thuaidh, sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022.

Tagann an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh le chéile i mí na Nollag gach aon bhliain chun teorainneacha gabhála na bliana dár gcionn a leagan síos – ar a dtugtar gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) freisin – i gcás fhormhór na stoc éisc tráchtála, mar aon le cuótaí náisiúnta do gach speiceas d’fhonn inbhuanaitheacht na stoc éisc agus earnáil iascaireachta an Aontais a áirithiú, mar aon le gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta an iascaigh. Is iad na stoic atá i gceist na stoic sin a bhainistíonn an tAontas as féin, i gcomhpháirt le tíortha comharsanacha nach bhfuil san Aontas, nó trí chomhaontuithe ar thángthas orthu faoi na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh.

Tá an cinneadh ón gComhairle bunaithe ar thogra arna dhréachtú ag an gCoimisiún Eorpach, agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, aidhmeanna an Chomhbheartais Iascaigh agus an uastáirgeacht inbhuanaithe a leagadh síos do gach speiceas á gcur san áireamh.

Talmhaíocht

Plean teagmhasach maidir le slándáil bia i gcás géarchéime

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le plean teagmhasach an Choimisiúin Eorpaigh chun soláthar bia agus an tslándáil bia a áirithiú tráth géarchéime. Is é is aidhm don phlean sin ullmhú do dhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear eachtraí adhaimsire, saincheisteanna a bhaineann le sláinte plandaí agus sláinte ainmhithe, agus ganntanais na bpríomh-ionchur amhail leasacháin, fuinneamh agus gnóthaí saothair. Ba dhíol sásaimh do na hairí an tionscnamh agus d’aithin siad a thábhachtaí atá sé cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19. Chuir siad chun suntais, go háirithe, an tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann daoine, earraí agus caipitil a choinneáil i réim, lena n-áirítear i dtráth géarchéime.

Cleachtais éagóracha trádála sa bhiashlabhra

Bhí díospóireacht pholaitiúil ann maidir le saincheist na gcleachtas éagórach trádála i mbiashlabhra an Aontais. Díríodh sa phlé go háirithe ar dhá phríomhuirlis ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála sa talmhaíocht: Treoir (AE) 2019/633 agus bearta a bunaíodh mar chuid den chomhbheartas talmhaíochta. Bunaithe ar a dtaithí ar an leibhéal náisiúnta, roinn na hairí a léargas i ndáil le héifeachtacht na n-uirlisí sin maidir le seasamh na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra a neartú.

Grafaic faisnéise - teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú
Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Ábhair eile ar an gclár oibre

Fuair an Chomhairle faisnéis ón uachtaránacht maidir le staid na caibidlíochta ó thaobh an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach.agus an tionscnamh BIOEAST; bhí an tionscnamh sin faoi réir dearbhú arinne toscaireacht na hUngáire thar ceann an 11 Bhallstát atá páirteach in BIOEAST. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin rialachán atá beartaithe maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu agus dóigheanna le feabhas a chur ar éifeachtacht na hinfheistíochta poiblí faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe. Ar na pointí eile a d’ardaigh na Ballstáit bhí bristeacha i gcnámha cíle na mbéaróg (an Danmhairg), an inbhuanaitheacht sa bhiashlabhra (an tSlóvaic), onnmhairithe agraibhia chuig an tSín (an Liotuáin), praghsanna ionchur talmhaíochta, atá ag dul i méid (an Spáinn), pleananna straitéiseacha CBT, agus saincheisteanna a bhaineann le hearnáil na muiceola (an tSeicia a luaigh an dá rud sin).

Míreanna ʻAʼ

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Staidreamh feirme

Ghlac na hairí leasú ar Rialachán (AE) 2018/1091 a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi chreat airgeadais 2021-2027. Is é is aidhm don rialachán sin a chinntiú go gcuirtear tacaíocht bhreise airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, trí na clúdaigh ábhartha airgeadais a shocrú don tréimhse 2021-2027.

Gníomhartha tarmligthe faoin gcomhbheartas talmhaíochta, 2021-2027

Dhearbhaigh an Chomhairle go raibh sé ar intinn aici gan agóid a dhéanamh i gcoinne dhá ghníomh tarmligthe lena bhforlíontar forálacha an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) athchóirithe. Leagtar amach sa chéad ghníomh ceanglais bhreise le haghaidh cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bpleananna straitéiseacha CBT agus ina rialacha CBT maidir leis an gcóimheas ó thaobh dhea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) 1. Leis an dara gníomh, bunaítear rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistiú airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025