Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 31 Márta 2022 11:05

Cearta iascaireachta an Aontais do 2022 tugtha cothrom le dáta ag an gComhairle chun an comhaontú leis an Ríocht Aontaithe a léiriú

Tá rialachán glactha ag an gComhairle lena dtugtar cothrom le dáta cearta iascaireachta an Aontais do 2022 chun an comhaontú ar thángthas air leis an Ríocht Aontaithe i mí na Nollaig 2021 a ionchorprú. Leagtar amach sa rialachán na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí críochnaitheacha san Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh do na Ballstáit, agus na stoic éisc atá faoi réir comhairliúcháin dhéthaobhacha á gcur san áireamh.

Comhaontaíodh na hathruithe a rinneadh ar TACanna na bliana roimhe sin leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le comhairle eolaíoch, agus áirítear na nithe seo a leanas leo:

  • laghdú 53% i gcás an troisc Ioruaigh sa Mhuir Thuaidh
  • laghdú 62% i gcás an tsaláin i Muir nIocht ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh
  • méadú 70% i gcás na leathóige sna huiscí timpeall ar dheisceart na hÉireann (ranna 7h, 7j agus 7k)
  • méadú 92% i gcás an fhaoitín sna huiscí siar ó Albain (rann 6a)
  • méadú 50% ar fhoghabháil séaclaí Artacha sa Mhuir Thuaidh, chun staid tachta iascaigh a sheachaint

Ina theannta sin, leagtar amach sa rialachán na deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i mBá na Bioscáine. Tá an TAC críochnaitheach de 33 000 tona á roinnt idir an Spáinn (29 700 tona) agus an Fhrainc (3 300 tona). Áirítear sa nuashonrú sin freisin na deiseanna iascaireachta le haghaidh corra gainimh sa Mhuir Thuaidh (ranna 2a, 3 agus 4) a bunaíodh tar éis dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe. Bunaithe ar chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, is é 86 303 tona an cuóta a leithdháiltear ar an Aontas don bhliain 2022.

Ina theannta sin, tá síneadh curtha go dtí deireadh mhí Aibreáin le cuóta sealadach an Aontais dar méid 4 500 tona de throsc in Spitzbergen (Svalbard). Déanfar sin chun a chinntiú gur féidir leanúint le hiascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin go dtí go dtiocfar ar chomhthuiscint leis an Iorua don bhliain 2022 ina hiomláine.

Ar deireadh, cuirtear san áireamh sa leasú sin ar an rialachán maidir le deiseanna iascaireachta torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh laistigh d’Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh áirithe, amhail an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, agus an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC).

Na TACanna agus na cuótaí críochnaitheacha a bhunú do 2022

Is é an Rialachán seo an chéim dheiridh sa phróiseas bliantúil chun deiseanna iascaireachta a shocrú in uiscí an Aontais agus in uiscí nach cuid d’uiscí an Aontais iad. Eascraíonn an rialachán seo as an gcomhaontú polaitiúil maidir le TACanna agus cuótaí ar thángthas air ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 14 Nollaig 2021 agus a cuireadh chun feidhme mar Rialachán (AE) 2022/109. Ós rud é nár tugadh na comhairliúcháin leis an Ríocht Aontaithe i gcrích go dtí an 21 Nollaig, leagadh amach sa chomhaontú tosaigh TACanna agus cuótaí sealadacha do na stoic ábhartha faoi bhainistíocht chomhroinnte. Leis an Rialachán, leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 chun an comhaontú ar thángthas air leis an Ríocht Aontaithe a chur san áireamh.

Cúlra

Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, meastar gur comhacmhainní faoin dlí idirnáisiúnta iad na stoic éisc a ndéanann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhbhainistiú orthu. Sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an dá pháirtí, leagtar amach na téarmaí faoina gcinneann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a gcearta iascaireachta faoi seach san Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh.

Faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, tá sé comhaontaithe ag an dá pháirtí cainteanna bliantúla a chur ar bun d’fhonn TACanna agus cuótaí a chinneadh don bhliain dár gcionn. Is é an Coimisiún a stiúrann na comhairliúcháin agus cuirtear san áireamh iontu roinnt tosca, lena n-áirítear:

  • oibleagáidí idirnáisiúnta
  • an uastáirgeacht inbhuanaithe atá molta do gach speiceas chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hiascaireachta a chinntiú i gcomhréir leis an gcomhbheartas iascaigh
  • an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, agus cur chuige an réamhchúraim á ghlacadh nuair nach mbíonn an chomhairle sin ar fáil
  • an gá atá le slite beatha na n-iascairí a chosaint

Cuireann an Chomhairle treoir pholaitiúil ar fáil don Choimisiún le linn an phróisis comhairliúcháin agus formhuiníonn sí an comhaontú críochnaitheach.

Na chéad chéimeanna eile

Foilseofar an rialachán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 1 Aibreán 2022 agus beidh éifeacht chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2022.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025