Skip to content

Stoic éisc an Aontais a bhainistiú

Tá comhrialacha sainithe ag Ballstáit an Aontais, trí chomhbheartas iascaigh an Aontais, chun acmhainní éisc a bhainistiú agus chun a chinntiú gur féidir na hacmhainní sin a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, agus bia sláintiúil a sholáthar ar phraghsanna réasúnta ag an am céanna.

Conas a shocraíonn na Ballstáit cuótaí iascaireachta

Cén fáth ar gá don Aontas stoic éisc a bhainistiú?

Is gné thábhachtach d’aiste bhia fholláin é iasc agus táirgí dobharshaothraithe. Is é an tAontas Eorpach an margadh bia mara is mó ar domhan. Ar an meán, itear 24.4 kg d’iasc nó de bhia mara in aghaidh an tsaoránaigh gach bliain san Aontas. Tagann 75% den iasc agus den bhia mara a thomhlaítear ó iascaigh fhiáine.

Níl na hacmhainní éisc gan teorainn agus is féidir le ró-iascaireacht drochthionchar a imirt ar acmhainn atáirgthe na stoc. Mura ndéantar an iascaireacht a rialú ar bhealach éigin, d'fhéadfadh sé tarlú go dteipfeadh ar stoic áirithe éisc nó nach mbeadh sé inmharthana ar bhonn eacnamaíoch iad a ghabháil a thuilleadh.

Agus é mar chuid de chomhbheartas iascaigh an Aontais, déanann córas bainistithe iascaigh an Aontais an méid seo a leanas:

  • cuidiú le hatáirgeadh stoic éisc a chosaint
  • na dálaí a ullmhú le go bhféadfaidh tionscal brabúsach iascaireachta a bheith ann
  • na deiseanna iascaireachta a roinnt
  • ról lárnach a imirt maidir leis an éiceachóras muirí a chaomhnú

Grafaic faisnéise - teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú
Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)

Córas bainistithe iascaigh an Aontais

Déantar na stoic éisc agus an t-iascach is tábhachtaí de chuid an Aontais a bhainistiú ar leibhéal an Aontais trí na bearta seo a leanas:

  • pleananna bainistithe ilbhliantúla
  • teorainneacha gabhála bliantúla (ar a dtugtar TACanna)

Leagtar amach na spriocanna do bhainistiú stoic éisc i ngach plean bainistithe ilbhliantúil, agus d’fhéadfadh rialacha sonracha eile maidir le caomhnú a bheith ann freisin. Ina theannta sin, áirítear i bpleananna ilbhliantúla sprioc uastáirgeachta inbhuanaithe agus spriocdháta chun an sprioc sin a bhaint amach.

Leagann an tAontas síos teorainneacha don ghabháil bhliantúil i gcás fhormhór na stoc éisc tráchtála. Gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) nó deiseanna iascaireachta a thugtar orthu sin chomh maith. Roinntear gach TAC idir Ballstáit an Aontais trí chuótaí náisiúnta. Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé a chinntiú nach sáraítear na cuótaí.

Baineann cuótaí agus teorainneacha gabhála leis na stoic éisc a fhaightear in uiscí an Aontais nó a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a iascach in uiscí áirithe lasmuigh den Aontas.

Téarmaí tábhachtacha

Stoc éisc – na hacmhainní beo i bpobal mara óna dtógtar gabhálacha. D’fhéadfadh líon speicis éisc amháin nó níos mó, inveirteabraigh agus plandaí a bheith i gceist leis sin

Gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna)deiseanna iascaireachta - na gabhálacha uasta is incheadaithe ó stoic shonracha is féidir a ghabháil (a léirítear mar thonaí nó mar uimhreacha)

Cuótaí (náisiúnta) – an sciar den ghabháil iomlán incheadaithe a cheadaítear do gach Ballstát

uastáirgeacht inbhuanaithe – an ghabháil is mó is féidir a thógáil as stoc speiceas gan méid an daonra a laghdú

Cá bhfuil uiscí an Aontais suite?

Sa léarscáil seo, taispeántar limistéir eacnamaíocha eisiacha Bhallstáit an Aontais. Tá cearta ag gach tír leas a bhaint as acmhainní muirí ina gceantar féin. Déanann Ballstáit an Aontais formhór na n-acmhainní a bhainistiú go comhpháirteach ar bhonn rialacha a comhaontaíodh le comhbheartas iascaigh an Aontais.

Imeallbhord: © EuroGeographics, © FAO (NA). EEZ: © VLIZ, Foinse: An Coimisiún Eorpach – Eurostat/GISCO

Comhaontuithe idirnáisiúnta: comhbhainistiú stoc éisc

I gcás stoic éisc a roinntear agus a dhéantar a bhainistiú ar bhealach comhpháirteach i gcomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, caithfidh na deiseanna iascaireachta a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais a bheith i gcomhréir leis na torthaí a bhí ar na comhairliúcháin uile a ndeachthas ina mbun leis na tíortha sin nach bhfuil san Aontas. Bunaítear na comhairliúcháin sin ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le comhar i mbainistiú iascaigh.

Tá ról nach beag ag comhaontuithe idirnáisiúnta i dtaca le bainistiú iascaigh san Aontas. Is iad comhaontuithe déthaobhacha agus comhaontuithe iltaobhacha an dá phríomhchineál comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh atá ann.

Míníonn an ghrafaic faisnéise conas a shocraítear cuótaí iascaireachta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ó tharla Brexit.
Cuótaí iascaireachta tar éis Brexit (Grafaic faisnéise)

Cuótaí iascaireachta tar éis Brexit (Grafaic faisnéise)

Agus an Ríocht Aontaithe tarraingthe siar as an Aontas, sainítear deiseanna iascaireachta do stoic a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. De réir an chomhaontaithe sin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le comhairliúcháin bhliantúla a reáchtáil chun teacht ar chinneadh maidir le deiseanna iascaireachta i leith stoic chomhroinnte don bhliain dár gcionn.

Cén ról atá ag an gComhairle i mbainistiú na stoc éisc?

Tá ról lárnach ag an gComhairle ó thaobh stoic éisc an Aontais a bhainistiú agus deiseanna iascaireachta a chinneadh d’oibreoirí sna Ballstáit, mar a bunaíodh in Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ar na freagrachtaí atá ar an gComhairle, tá na nithe seo a leanas:

  • gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú
  • deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit

Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go nglacann an Chomhairle gach bliain, ar bhonn tograí ón gCoimisiún Eorpach agus atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch, na teorainneacha gabhála bliantúla agus na cuótaí bliantúla do gach stoc éisc atá faoina bhainistiú. Is i bhfoirm rialacháin a dhéantar sin agus is féidir é a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá i gcaitheamh na bliana.

Maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh, tá an Chomhairle freagrach as an méid seo a leanas:

  • sainordú caibidlíochta a thabhairt
  • comhaontuithe a shíniú thar ceann an Aontais
  • an cinneadh críochnaitheach a ghlacadh lena gcuirtear comhaontuithe chun feidhme i ndlí an Aontais

Is í an Chomhairle freisin a thugann sainordú caibidlíochta don Choimisiún nuair a dhéanann sé ionadaíocht ar an Aontas sna heagraíochtaí éagsúla réigiúnacha maidir le bainistiú iascaigh a bhfuil an tAontas mar chomhalta díobh.

inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir le ‘acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh’, i gcomhréir le conarthaí an Aontais. Is inniúlacht chomhroinnte iad réimsí eile den bheartas iascaigh (beartas margaidh, rialú agus dobharshaothrú). Tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir le beagnach gach cinneadh iascaigh, cé gur eisceacht shuntasach é teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú, rud ar sainchumas de chuid na Comhairle é.