- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 10 Bealtaine 2022 11:44
Cibearoibríochtaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine: dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh
Cáineann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, in éineacht lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta, an chibirghníomhaíocht mhailíseach a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gníomhaíocht a díríodh ar líonra satailíte KA-SAT, arna oibriú ag Viasat.
Tharla an cibirionsaí uair an chloig roimh ionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, rud a d’éascaigh an fogha míleata. Bhí tionchar suntasach ag an gcibirionsaí sin, rud a d’fhág go raibh éaradh agus cur isteach neamh-idirdhealaitheach ann ó thaobh seirbhísí cumarsáide de i gcás roinnt údarás poiblí, gnólachtaí agus úsáideoirí san Úcráin, agus a rinne difear do roinnt Ballstát de chuid an Aontais.
Sampla eile fós de phatrún leanúnach d’iompar mífhreagrach na Rúise sa chibearspás is ea an cibirionsaí do-ghlactha sin, rud a bhí mar dhlúthchuid den ionradh neamhdhleathach gan údar ar an Úcráin. Tá iompar den sórt sin ag teacht salach ar na hionchais atá leagtha síos ag Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Cónaidhm na Rúise, maidir le hiompar freagrach stáit agus cuspóirí stáit sa chibearspás.
D’fhéadfadh cibirionsaithe atá dírithe ar an Úcráin, lena n-áirítear i gcoinne bonneagar criticiúil, tionchar a imirt ar thíortha eile agus d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le héifeachtaí sistéamacha lena gcuirfí slándáil saoránach Eorpach i mbaol.
Tá bearta breise á mbreithniú ag an Aontas Eorpach, agus é ag obair go dlúth lena chomhpháirtithe, chun iompar mailíseach den chineál sin sa chibearspás a chosc, cur ina choinne, stop a chur leis, agus aghaidh a thabhairt air. Leanfaidh an tAontas Eorpach de thacaíocht chomhordaithe pholaitiúil, airgeadais agus ábharach a thabhairt don Úcráin chun a cibear-athléimneacht a neartú.
Ní mór don Rúis, anois láithreach, stop a chur leis an gcogadh seo agus deireadh a chur le fulaingt an duine gan chiall.
Tá na Tíortha is Iarrthóirí, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin1, tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia ag seasamh leis an dearbhú seo.
1Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Peter Stano Príomh-Urlabhraí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
- +32 2 295 45 53
- +32 460 75 45 53
- @ExtSpoxEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2024