Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 21 Bealtaine 2022 13:15

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: treochlár um dhul chun cinn ar an gconair chuig an Aontas

Bhí cruinnithe ag an Uachtarán Michel le hUachtaránacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus le ceannairí polaitiúla.

Is é ab aidhm don chuairt éisteacht leis na ceannairí maidir lena bpríomhthosaíochtaí agus tuairimí a mhalartú i ndáil leis an gcaoi le dlús nua a chur le hathchóirithe mar chuid de chonair na Boisnia agus na Heirseagaivéine chuig an Aontas. Plé suntasach fiúntach a bhí ann, go háirithe i ndáil leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas tacú le feidhmiú na n-institiúidí stáit a fheabhsú agus a neartú agus, ar an gcaoi sin, seirbhísí, poist, fás agus rathúnas a chur ar fáil ar bhealach níos fearr do gach saoránach. Chuir an tUachtarán Michel in iúl go raibh sé faoi réir le cuidiú le borradh nua a chur faoin idirphlé idir na páirtithe ar fad.

Shocraigh an tUachtarán leis na ceannairí polaitiúla cruinniú a thionól sa Bhruiséil sna seachtainí amach romhainn chun obair a dhéanamh ar threochlár ina leagfar amach na hathchóirithe tosaíochta agus na comhaontuithe polaitiúla is gá chun conair na Boisnia agus na Heirseagaivéine chuig an Aontas a athbheochan.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Aibreán 2025