- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 5 Iúil 2023 17:40
An tSúdáin: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcoinbhleacht armtha
Cáineann an tAontas Eorpach (AE) go géar an troid leanúnach sa tSúdáin, chomh maith le diúltú leanúnach na bpáirtithe sa choinbhleacht iarrachtaí a dhéanamh chun teacht ar réiteach síochánta. Ní mór sos comhraic marthanach a shocrú gan mhoill chun cosaint mhuintir na Súdáine a ráthú, a bhfuil a sábháilteacht, a slándáil agus a n-aontacht fós i mbaol, agus chun go mbeidh an deis ann idirghabháil agus idirphlé polaitiúil cuimsitheach a dhéanamh. Gan beann ar an sos comhraic, iarrann an tAontas ar na gníomhaithe uile seachadadh na cabhrach daonnúla a cheadú agus a éascú, agus rochtain shábháilte, thráthúil agus gan bhac a chinntiú do na geallsealbhóirí uile atá i mbun oibríochtaí daonnúla.
Is olc leis an Aontas an bás agus na mórsháruithe ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Is cúis imní ar leith don Aontas na tuairiscí ar ionsaithe mórscála ar shibhialtaigh agus ar limistéir shibhialtacha, lena n-áirítear ar bhonn eitneachta, go háirithe in Darfur, agus na tuairiscí uafásacha faoi fhoréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe, maruithe spriocdhírithe, easáitiú éigeantach agus armú seasta mílístí. Is cúis imní é freisin frontaí catha nua a bheith ann i Kordofan-Theas. Sna himthosca tromchúiseacha sin, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do chosaint na sibhialtach a áirithiú agus go gcoiscfear tuilleadh ainghníomhartha. Athdhearbhaíonn an tAontas a thábhachtaí atá sé an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus na prionsabail dhaonnúla a chomhlíonadh, agus an gá atá ann deireadh láithreach a chur leis an gcogaíocht, gan réamhchoinníollacha.
Cuireann an tAontas in iúl gur cúis mhór imní dó an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas go tapa agus molann sé obair na n-oibrithe sláinte agus daonnúla maidir le cúnamh daonnúil a chur ar fáil do dhaoine atá i ngátar. Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le bacainní maorlathacha ar an bhfreagairt dhaonnúil, agus pearsanra daonnúil a urramú agus a chosaint.
Agus €256.4 milliún a bheith geallta aige in 2023 do chúnamh daonnúil agus forbartha don tSúdáin, athdhearbhaíonn an tAontas go dtacaíonn sé go láidir le muintir na Súdáine agus go seasann sé i ndlúthpháirtíocht leo, go háirithe na mná agus daoine óga a chuir réabhlóid shíochánta ar bun ceithre bliana ó shin. Tá a gcuid mianta agus a n-éilimh le haghaidh todhchaí níos fearr i gcroílár rannpháirtíocht an Aontais i gcónaí. Leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil le príomh-chomhpháirtithe, lena n-áirítear pearsana sibhialta agus polaitiúla na Súdáine chomh maith le gníomhaithe na sochaí sibhialta, maidir le deireadh a chur leis an gcogaíocht agus filleadh ar chainteanna fiúntacha faoi shos comhraic inbhuanaithe agus faoi réiteach inchreidte síochánta ar an gcoinbhleacht bunaithe ar idirphlé cuimsitheach.
Is líne tharrthála ríthábhachtach í an chosaint réigiúnach do na milliúin sa tSúdáin a raibh orthu teitheadh ón gcoinbhleacht. Molann an tAontas na stáit sa réigiún as glacadh le dídeanaithe i gcónaí, agus is mór aige an chabhair dhaonnúil réigiúnach agus na hiarrachtaí síochána. Iarrann an tAontas ar thíortha comharsanacha agus ar thíortha idirthurais seachadadh éifeachtúil, neamhchoinníollach na cabhrach agus na cosanta daonnúla a éascú láithreach, gan bhac. Thairis sin, leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do chomhiarrachtaí idirghabhála comhordaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta faoi cheannaireacht an Aontais Afracaigh agus an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha (IGAD) chun an tsíocháin a athbhunú mar ábhar práinne agus chun cur leis an gcobhsaíocht agus le hathbhunú an phróisis pholaitiúil.
Iarrann an tAontas ar na gníomhaithe seachtracha uile ról cuiditheach a bheith acu in aon phróiseas idirghabhála. Má bhíonn cur isteach seachtrach ann a chuirfeadh le fadú na coinbhleachta leanúnaí, is measa fós a bheidh an staid dhaonnúil sa tír, atá uafásach cheana féin, agus bainfear an bonn den chobhsaíocht réigiúnach.
Chun stop a chur le timthriall na saoirse ó phionós, ní mór na daoine atá freagrach as ainghníomhartha a shainaithint agus a thabhairt chun cuntais. Chuige sin, tá an tAontas ag tacú le fianaise a bhailiú maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Tá an tAontas faoi réir chun machnamh a dhéanamh ar gach modh atá ar fáil dó a úsáid, lena n-áirítear bearta sriantacha, chun cuidiú le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht agus chun an tsíocháin a spreagadh.
Tá na tíortha is iarrthóirí an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin, an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin1, an tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an tSeoirsia, agus tíortha CSTE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, tíortha ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, mar aon leis an Airméin, ag seasamh leis an ráiteas seo.
1 Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin páirteach i gcónaí sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais.
Teagmhálaithe preasa
-
Nabila Massrali Urlabhraí gníomhach SEGS
- +32 2 29 88093
- +32 460 79 52 44
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Márta 2026