- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 23 Feabhra 2024 15:30
Ráiteas Comhpháireach ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
Tá cothrom lae tragóideach á aithint againn inniu: cothrom an lae a chuir an Rúis tús lena cogadh foghach lánscála ar an Úcráin, cogadh atá ina shárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Dhá bhliain d’fhoréigean, brúidiúlacht, sceimhle agus scrios. Ní dhéanfaimid dearmad riamh ar chéadsuaitheadh tosaigh an ionsaithe, ar uafás na n-imeachtaí in Borodyanka, in Bucha, in Mariupol.
Mar sin féin, in ainneoin na n-ainghníomhartha agus na fulaingthe leanúnaí ar fud na tíre, tá an Úcráin ag seasamh an fhóid. Tá neart agus diongbháilteacht á léiriú ag muintir mhisniúil na hÚcráine agus a dtír dhúchais á cosaint acu agus iad ag troid ar son a saoirse agus ar son ár gcomhluachanna Eorpacha.
Tacóidh an tAontas i gcónaí le neamhspleáchas, le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Is le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol 10 mbliana ó shin a cuireadh tús le fogha leanúnach seo na Rúise ar an Úcráin.
Is ar an Rúis agus ar a ceannaireacht amháin atá an fhreagracht as an gcogadh seo, as na hiarmhairtí domhanda a bhaineann leis, agus as na coireanna tromchúiseacha atá á ndéanamh. Seasaimid lenár rún daingean iad a thabhairt chun cuntais, lena n-áirítear maidir le coir an fhogha.
Lá i ndiaidh lae, fulaingíonn an Úcráin ionsaithe brúidiúla neamh-idirdhealaitheacha lucht a hionsaithe. Níos mó ná riamh, leanaimidne de bheith aontaithe agus dílis dár ngealltanas tacú leis an Úcráin a fhad is gá. Ar mhaithe le muintir na hÚcráine, ar mhaithe le síocháin agus slándáil san Eoraip agus ar mhaithe le réimeas an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe.
Leanfaidh an tAontas Eorpach dá thacaíocht láidir, idir pholaitiúil, mhíleata, airgeadais, eacnamaíoch, thaidhleoireachta agus dhaonnúil, chun cabhrú leis an Úcráin í féin a chosaint, chun a muintir, a cathracha agus a bonneagar criticiúil a chosaint, chun a hiomláine chríochach a athbhunú, chun na mílte leanaí a díbríodh a thabhairt ar ais, agus chun deireadh a chur leis an gcogadh.
Chinn an tAontas Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus cuideoidh sé léi agus í ar an gconair i dtreo an aontachais leis an Aontas. Is san Aontas Eorpach atá todhchaí na hÚcráine. Leanfaidh an tAontas Eorpach de thacaíocht airgeadais rialta, intuartha, a chur ar fáil don Úcráin. Cuideoidh an pacáiste cúnaimh airgeadais EUR 50 billiún le haghaidh 2024-2027 leis an Úcráin freastal ar a riachtanais láithreacha, a geilleagar agus a sochaí a atógáil, a cuid institiúidí a nuachóiriú agus an daonlathas agus an smacht reachta a chomhdhlúthú.
Leanfaimid d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine, lena n-áirítear an t-armlóin agus na diúracáin a bhfuil géarghá leo a sheachadadh. Tá gníomhaíochtaí as cuimse déanta againn ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur le táirgeadh an tionscail chosanta, agus leanfaimid den acmhainneacht a mhéadú, le go mbeimid in ann dlús a chur lenár dtacaíocht agus lenár gcomhar míleata leis an Úcráin, agus ár n-ullmhacht cosanta agus ár gceannasacht Eorpach á neartú ag an am céanna. Ina theannta sin, táimid ag obair ar ghealltanais slándála don todhchaí, lena gcuideofar leis an Úcráin í féin a chosaint, cur in aghaidh na n-iarrachtaí díchobhsúcháin agus cosc a chur ar ghníomhartha foghacha amach anseo.i
Is daoire i gcónaí a dhíolfaidh an Rúis agus a ceannairí as a gcuid gníomhaíochtaí. In éineacht lenár gcomhpháirtithe, tá na smachtbhannaí is déine riamh forchurtha againn ar an Rúis agus orthu siúd a bhfuil lámh acu sa chogadh, agus táimid réidh i gcónaí cur leis an mbrú a thuilleadh fós ar an Rúis chun srian a chur lena cumas cogaíochta. Thairis sin, tá na chéad bhearta nithiúla déanta againn anois chun an t-ioncam urghnách a eascraíonn as sócmhainní blocáilte na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Leanfaimid dár ngníomhaíochtaí spriocdhírithe chun an Rúis a leithlisiú a thuilleadh sna fóraim idirnáisiúnta.
Tacaímid le Plean Síochána 10 bpointe na hÚcráine le haghaidh síocháin a bheidh cóir, cuimsitheach, marthanach, bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, chomh maith leis na hiarrachtaí uile i dtreo Cruinniú Mullaigh Domhanda Síochána, a mbeidh an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir aige.
Beidh ár mbratacha ar foluain taobh le taobh inniu mar shiombail dár ndlúthpháirtíocht, dár dtiomantas agus dár ndiongbháilteacht.
i Agus an tacaíocht mhíleata sin agus na gealltanais slándála sin á gcur i gcrích, tabharfar lánurraim do bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus cuirfear leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile san áireamh.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
- @beanavarro.bsky.social
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
- @mariatomasik.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Márta 2025