Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 22 Aibreán 2024 09:55

Slándáil Mhuirí: An tAontas le bheith ina bhreathnóir ar Chód Iompair Djibouti/Leasú Jeddah

Ní fada go mbeidh an tAontas ina ‘Cara’ (i.e. breathnóir) de Chód Iompair Djibouti/Leasú Jeddah, creat um chomhar réigiúnach chun dul i ngleic leis an bpíoráideacht, leis an robáil armtha, leis an ngáinneáil ar dhaoine agus le gníomhaíochtaí muirí neamhdhleathacha eile san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh, lena n-áirítear Murascaill Áidin agus an Mhuir Rua.

Chinn an Chomhairle go foirmiúil inniu glacadh leis an gcuireadh ó Rúnaíocht Chód Iompair Djibouti/leasú Jeddah. Trí bheith ina ‘Cara’ de Chód Iompair Djibouti/Leasú Jeddah, léiríonn an tAontas a thacaíocht láidir d’ollstruchtúr slándála muirí réigiúnach éifeachtach, agus a láithreacht agus a rannpháirtíocht mar sholáthraí slándála muirí domhanda á neartú aige sa chomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar muir.

Tá an tAigéan Indiach Thiar Thuaidh ar cheann de na hionaid fáis eacnamaíoch is dinimiciúla ar domhan. Agus 80 % de thrádáil an domhain ag dul tríd an Aigéan Indiach, tá sé ríthábhachtach saoirse loingseoireachta a áirithiú agus slándáil agus leasanna an Aontais agus a chomhpháirtithe a chosaint.

Cúlra

Shínigh 17 stát sínitheacha san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh Cód Iompair Djibouti/Leasú Jeddah in 2017 chun comhar réigiúnach a chur chun cinn agus chun borradh a chur faoi chumas na stát sínithe cur i gcoinne na mbagairtí méadaitheacha ar an tslándáil mhuirí i Murascaill Áidin agus sa Mhuir Rua. Is comhpháirtí slándála muirí seanbhunaithe é an tAontas sa réigiún.

Ó 2008 i leith, tá oibríocht EUNAVFOR Atalanta ag troid i gcoinne na píoráideachta. Le déanaí, le seoladh EUNAVFOR Aspides, tá an tAontas ag cosaint soithí trádála atá ag trasnú na Mara Rua.

Ag an am céanna, déanann an tAontas misin forbartha acmhainní, dála EUCAP Somalia, EUTM Somalia agus EUTM Mozambique, chomh maith le tionscadail le haghaidh na slándála muirí dála CRIMARIO II agus EC SAFE SEAS AFRICA.

In 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le seoladh choincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh, creat le haghaidh ról neartaithe an Aontais mar sholáthraí slándála muirí sa réigiún agus le haghaidh comhar le stáit chósta agus le heagraíochtaí réigiúnacha slándála muirí.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025